Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gearr-radharcach short-sighted
" "Is rud gearr-radharcach é ó thaobh an rialtais de.
fadradharcaí long-sighted
" Feiceann daoine céard atá déanta ag an CLG as a stuaim féin agus nuair a fhéachann duine ar Pháirc an Chrócaigh tuigeann sé/sí gurb é an CLG an eagraíocht spóirt is mó cur chuige agus is fadradharcaí sa tír agus b'fhéidir san Eoraip.
an-fhadradharcach very long-sighted
fadradharcach far-sighted
" Brionglóid gan chiall, nó polasaí fadradharcach? Ba mhaith leis an rialtas go nglacfadh fuinneamh malartach áit an bhreosla iontaise sula dtarlaíonn géarchéim éigin: athrú aeráide a scriosfadh an geilleagar, nó ganntanas ola ag dul in olcas (agus praghas na hola gainne céanna ag méadú).
a gcinntí gearr-radharcacha their short-sighted decisions
" Dar leo (agus léiríonn a gcinntí gearr-radharcacha, go háirithe i gcúrsaí pleanála, é seo), beidh tréan fuinnimh shaoir againn go deo.
fadbhreathnaitheach far-sighted
" Bhí polasaithe geilleagracha Lemass fadbhreathnaitheach, ach tháinig coimeádachas sóisialta an Rialtais idir é agus an beart a scaoilfeadh laincisí bhlianta an éadóchais, an ceann fé, agus meon tánaisteach an iarchoilíneachais eacnamúil a bhí ionainn go léir an tráth sin.
pleanáil chathrach fhadradharcach long-sighted city planning
" Cé gur féidir le hiompar poiblí agus pleanáil chathrach fhadradharcach an gá atá le gluaisteáin a laghdú, beidh gluaisteáin de dhíth orainn go ceann i bhfad eile fós.
an turasóir is gearr-radharcaí amuigh the most short-sighted tourist going
" Thiocfadh an turasóir is gearr-radharcaí amuigh ar Majdanek gan aon dua.
an moladh fadradharcach the far-sighted recommendation
" An é go bhfuil tú mar dheoraí i mbruachbhaile iargúlta mura bhfuil carr agat? Cén chaoi ar féidir leis an gcathair pleananna agus forbairtí a chur i gcrích chun garaíocht a dhéanamh do choisithe agus do rothaithe le go mbeidh cáilíocht bheatha níos fearr agus cathair inbhuanaithe againn? Dá bhféadfaimis timpeallacht rothaíochta agus spaisteoireachta níos pléisiúrtha a chothú, nach mbeadh níos mó daoine amuigh ag siúl agus ag rothaíocht? Nach mbeadh dea-thionchar aige sin ar shláinte mhuintir na tíre? Ach gan dabht, is é an íomhá is sonraíche agus an plean is mó atá tagtha chun solais ón gcomhdháil seo ná an moladh fadradharcach gur chóir Faiche an Choláiste agus Sráid Nassau a fhorbairt mar limistéar do choisithe amháin.
fadbhreathnaitheach far-sighted
" Bhí an tSeanadóir Pearse Doherty fadbhreathnaitheach, i dtaobh an méid a dúirt sé faoin comhthéacs polaitiúil ina raibh an straitéis á shocrú.
gearrbhreathnaitheach short sighted
" Ba chóir dúinn féin a bheith ina measc, ach ní bheidh go deo má leantar leis an dearcadh cúngaigeantach, gearrbhreathnaitheach, neamh-mhisniúil atá ag an rialtas seo.
Nach tú atá glinnsúileach aren’t you the one who’s sharp sighted
" Nach tú atá glinnsúileach!” Amach ar an doras le Balor bocht sular chuir sí ceist ar bith air féin, agus amach trí na sléibhte leis go lorgódh sé comhluadar nach mbeadh aon chur amach acu ar an Mhodh Coinníollach ná ar chuileoga baininscneacha; áit nach mbeadh Continental Céilí ar bith le cluinstin ná Gaeilge bhlasta bhinn na hOstaire ná na Gearmáine.