Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cnapann sé it shrinks
" Chuala tú uilig roimhe é: cnapann sé sa níochán, éiríonn sé cnapánach de réir a chéile, níl teas ar bith ann, níl agat ach amharc air agus tá sé lán clupaidí.
cnapann sé it shrinks
" Chuala tú uilig roimhe é: cnapann sé sa níochán, éiríonn sé cnapánach de réir a chéile, níl teas ar bith ann, níl agat ach amharc air agus tá sé lán clupaidí.
Ar chrup sé sa níochán Did it shrink in the wash?
" "Ar chrup sé sa níochán nó rud inteacht? Tá cuma iontach bheag air.
crupaithe leis an fhuacht shrunk with the cold
" Bhí fear beag íseal ina sheasamh roimhe agus cuma air go raibh sé crupaithe leis an fhuacht, cé go raibh lá breá te ann.
craptha leis an aois shrunken with age
" Agus, mar sin, nuair a thóg an píobaire (fear ard tanaí, beagáinín craptha leis an aois agus ag an saol) na píobaí amach bhíodar uilig faoi dhraíocht.
crapadh shrinking
" Deir na meáin go léir, nach mór, go mbeidh geilleagar Mheiriceá, agus an domhain, ag crapadh níos faide, agus is cosúil, mar sin, nach bhfuil i mBernard Madoff agus a chomhshnámhaithe eile ach an dream a bhí ag snámh ina gcraiceann dearg ar an tanaí is a chuaigh i bhfastó sa snáth mara.
chrapadh chreidmheasa credit shrink
" Mar thoradh ar an chrapadh chreidmheasa, bíonn deacrachtaí ag na bainc in Éirinn cistiú a fháil ó bhainc eile le freastal ar a gcuid iasachtaí ollmhóra.
diúltú refusing, shrinking from
" ** Le fada tá déagóirí ag diúltú don Ghaeilge mar theanga chumarsáide lena gcomhaoisigh agus go deimhin tá an galar sin leathnaithe chuig an té atá breis is fiche bliain d’aois chomh maith.
i ré seo an chúlaithe gheilleagair in these times as the economic shrinks
" Ach tá daoine sa Bhreatain, agus i ngach tír eile ar domhan, ar ndóigh, nach bhfuil chomh láidir sin ar son na hinimirce, go háirithe i ré seo an chúlaithe gheilleagair.
cúlú geilleagair shrinking economy
" Mar a dúirt Eamon Phoenix, tá daoine beo i saol réadúil an gheilleagair, an cúlú geilleagair, cúrsaí oideachais, fadhbanna pearsanta agus feiceann siad gur féidir na cuspóirí pearsanta agus na gairm-mhianta atá acu a chomhlíonadh sa tuaisceart.
ag cúngú lá i ndiaidh lae shrinking daily
" Inniu, tá an Ghaeltacht ag cúngú lá i ndiaidh lae, is ríchosúil, ach tá an chuma ar an scéal go bhfuil an sean-nós chomh sláintiúil is a bhí ariamh, a bhuíochas sin den líon mór daoine óga atá ag gabháil di.
ar cheann de na huirlisí is mó a chrap one of the greatest tools which shrank (the world)
" Rinneadh domhan beag den domhan mór, agus ar ndóigh, tá an t-eitleán féin ar cheann de na huirlisí is mó a chrap an domhan ó tháinig ann dó.