Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
le teann ríméid with sheer joy
" Na deora léi le teann ríméid go mbeadh saoirse aici féin is ag Dónal ón réimeas brúidiúil is ón teanga gháirsiúil a bhí mar spré acu ón lá a phós siad.
le teann imní through sheer worry
" Thuig sé láithreach an t-aon phíosa nuachta a shásódh Ó Doornail: agallamh eisiach le Sodom Ó hOisín i mBagdad! Agus thuig sé an dóigh le é a fháil: bréagriocht a chur air féin! Ach cén bréagriocht? Chuaigh sé ag meabhrú os cionn na tine - tine gháis - nó bhí an mhóin ar fad ite aige le teann imní.
le teann déistine with sheer disgust
" Maidir liom féin, ní raibh a fhios agam an raibh mé ar tí pléascadh amach ag caoineadh, nó mo bhricfeasta a chur amach le teann déistine de bharr na sonraí uafásacha a bhí á gcloisteáil agam.
le teann fuaiscnimh with sheer excitement
" Bhí oscailt na gcluichí ollásach agus seandiaganta sa mhéid is gur cuireadh Balor giota maith siar ar bhóithrín na smaointe go dtí laethanta a óige féin; bhí na cluichí féin corraitheach agus gríosaitheach sa mhéid is gur bhog tóin tamhanda Bhalor cúpla orlach óna chathaoir theolaí anois is arís le teann fuaiscnimh; agus bhí searmanas an chlabhsúir maoithneach agus rachtúil sa mhéid is gur fháisc sé deoir ghoirt an chumha amach as súil an chioclóp.
le teann cantail out of sheer petulance
" Bhí aithne agam ar fhear nár thaitin an cheist leis ar chor ar bith agus, le teann cantail, deireadh sé “Scunthorpe!”, díreach le cur as don té a chuir an cheist.
le tréan diúnais with sheer badness
" “Thóg sí cíor agus rinne sí bróis cheart den mhéid a bhí déanta agam agus le tréan diúnais dúirt sí, ‘Ní maith liom Jennifer Aniston’.
le teann fiosrachta with sheer inquisitiveness
" Cé gur leasc liom a bheith ag maíomh, ní miste dom a rá go bhfuil seoid eile d’alt agam daoibh an mhí seo, a léitheoirí dílse: alt ina bhfuil scéal eisiach, scúpscéal, scéal a bhí brúite faoi chois ag Seirbhís Rúnda na hÉireann, ach ar tháinig Balor an Bleachtaire Bóiscéalach air le teann fiosrachta agus fíriúlachta agus friochnaimh.
le teann dímheasa with sheer disrespect
" Capallaíocht a thugann roinnt daoine ar an eachaíocht, le teann dímheasa, cé go bhféadfadh duine an téarma céanna a chur i leith na dornálaíochta in amanna.
le teann díomá agus feirge with sheer dissappointment and anger
" Tuigeann muid ar fad gur le teann díomá agus feirge a dúirt tú é sin.
Le teann díograis with sheer determination
" Le teann díograis, d’éirigh le Roche agus a buíon bheag briseadh tríd an gCuirtín Iarainn.
tréan áthais. with sheer happiness
" *Yep*, Altan ag na *Proms* taobh amuigh de Halla Chathair Bhéal Feirste! Bhí go leor daoine ansin a bhí gléasta in éadaí dearga, bána agus gorma de gach cineál, ach nuair a bhuail an grúpa Conallach an ríl spleodrach "Gweebarra Bridge", bhí bratacha an Union Jack á luascadh san aer le tréan áthais.
Le teann through sheer
" Le teann fiosrachta chuaigh mé ar an idirlíon ag cuartú eolais faoi na capaill a thit.
le teann díocais through sheer effort
" D’éirigh le foireann na Mí, mar is dual dóibh, ionsaí déanach a dhéanamh ar dhúnfort Lú, agus le teann díocais agus díograise, an liathróid a chur thar líne chúil Lú.
le teann faitís roimhe through sheer fear of him
" B’fhéidir gur thug foireann Chill Chainnigh aird ar leith ar Dan mór le teann faitís roimhe! Díol spéise an méid atá le rá ag Ó Seancháin faoi imreoirí Chill Chainnigh: “Tá iománaithe Chill Chainnigh difriúil: cuireann siad a lámha timpeall do mhuiníl; imríonn siad camán an chéile chomhraic seachas an sliotar; déanann JJ Delaney a lán calaoisí, téann sé in airde ar do dhroim agus éiríonn leis éalú gan phionós a fhulaingt”.
le teann éadóchais through sheer hopelessness
" Agus fiú más intuigthe féin an foréigean scaití le teann éadóchais agus frustrachais, ní cur chuige feidhmiúil é, dar leis an údar.
le teann mhíchumas through sheer inability
" 
Tá sé aitheanta ag gach duine taobh amuigh de Chumann na nOifigeach Príosúin go bhfuil an tSeirbhís Príosúin ó thuaidh mífheidhmiúil de réir ceann de na síorfhiosrúcháin, go bhfuil barraíocht daoine ag obair inti ar fhoireann a chumann a cuid rialacha féin (druideadh dhá chumann sóisialta mídhleathacha ar thailte dhá phríosún an mhí seo) agus nach dtig, le teann mhíchumas na foirne céanna, cimí a athshlánú.
suas sleasa ingearacha up sheer slopes
" Streachailt gan trócaire a bhí romhainn amach suas sleasa ingearacha Chnoc na nUilleann agus na cosa ag éileamh.