Ar na deacrachtaí eile a bhíonn i gceist agus a bhí le feiceáil sa scannán, tá árasáin bhrocacha, comharsana dainséaracha, agus "aíonna" a thagann chun tí gan choinne.
Tarraingíonn pictiúir Martine Franck d’aird, pictiúir de bhuachaillí óga ag léim ar charranna goidte a dódh ar eastát tithíochta Darndale i mBaile Átha Cliath agus, mar chodarsnacht, an ghrástúlacht chiúin a léiríonn Martin Parr i seomraí maorga smolchaite Theach Lios an Daill i gContae Shligigh.
Bhí an tobar fós scriosta, ach bhí troscán suarach plaisteach curtha thart timpeall na háite – bhí táblaí picnic agus binsí scaipthe timpeall ón charrchlós atá píosa beag suas an cosán.
Tugtar leideanna nach bhfuil de theacht isteach ag Alina ach pé airgead a ghnóthaíonn sí sa réimse manglamach sin a bhfuil an striapachas agus an phornagrafaíocht le sonrú air.