Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag friotháladh serving
" Fanóidh muid go buan ag sclábhaíocht, más gá, ó Luan go Luan; ag scuabadh agus ag sciúradh go béasach in bhur dtithe bodaigh; ag freastal agus ag friotháladh go dúthrachtach in bhur dtábhairní; Inár searbhóntaí agus inár seirbhísigh, géilliúil agus cuideachtúil, sa chruth go dtig linn, mall agus luath, greim bídh a ghoid go tráthúil, deaslámhach, d'ár gcuid páistí gortacha ó chrúba craosacha bhur bhfuath.
ag freastal serving
" Is méadú 50% a bheadh ansin ar na fórsaí Astrálacha atá ag freastal sa gcuid sin den domhan cheana féin.
fostaí is faide seirbhíse the longest-serving employee
" Is é Ó Ciardha an fostaí is faide seirbhíse i TG4 agus is é a smaoinigh ar an mhana “Súil eile” atá in úsáid ón tús.
ag freastal serving
" Tá léitheoirí maithe aici agus tuigeann sí an margadh ar a bhfuil sí féin (agus Cois Life) ag freastal – foghlaimeoirí fásta agus daoine ar cainteoirí líofa iad ach léitheoirí falsa.
ag feidhmiú serving
" Dá bharr sin, tá Páirtí Lucht Oibre na hAstráile (Labor Party) ar ais i gcumhacht, agus tá Kevin Rudd ag feidhmiú mar an séú príomh-aire is fiche sa tír.
ar fiannas serving
" Ó sin i leith tá 14,000 saighdiúir Astrálach tar éis sealanna a chaitheamh ar fiannas san Iaráic.
freastal serving
" Agus tá daoine ann a chreideann gur lean Paulson ag freastal ar a sheanchomhlacht agus é ag obair sa rialtas.
freastal serving
" Chuirfeadh sé seo deireadh leis an fhadhb seo go gcaithfidh daoine, tar éis dóibh a bheith tofa, a gcuid ama ag freastal ar an aidhm a bheith atofa an chéad iarraidh eile ina dhiaidh sin arís.
freastal serving
" Bíonn muintir Hennessy ag freastal ar na huaisle.
ag feidhmiú serving
" Is é Shane Ross a bheas ag feidhmiú mar Rúnaí Preasa an Rialtais.
ag freastal serving
" I gCeanada is teanga mhionlaithe í an Fhraincis agus tá 31 Bord Oideachais ag freastal ar lucht na teanga sin.
ag friotháil ar serving
" Chaith Hartigan an chuid ba mhó dá shaol ag friotháil ar mhuintir na tuaithe i mbailte éagsúla san Abhantrach Murray-Darling.
ag freastal ar serving
" Ar íorónaí an tsaoil, agus Éamonn Gilmore ag dul isteach thar thairseach Theach Laighean mar Thánaiste agus é ina cheannaire ar an líon is mó Teachta Dála de chuid Pháirtí an Lucht Oibre i stair an Stáit, bhí duine de na daoine is mó meas sa pháirtí ag dul an bealach eile i ndiaidh saol mór fada ag freastal ar mhuintir a dháilcheantair féin agus ar mhuintir na hÉireann le 40 éigin bliain.
ag freastal serving
" Mar a thuigfí, níl rófhonn ar Chúirt Uachtarach na Stát Aontaithe rialú sa chás seo, ó rugtar an méid sin Meiriceánach thar lear cheana féin agus a dtuismitheoirí ag freastal sna fórsaí míleata.
ag freastal go sásúil serving satisfactorally
" Aithníodh ag an am gur deis a bhí ann lena chinntiú go mbeadh an tAcht ag freastal go sásúil ar riachtanais phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta; go ndéanfaí soiléiriú ar chearta agus ar dhualgais teanga; agus go n-aimseofaí dóigh leis an ualach riaracháin agus maorlathais a bhaineann leis a ghearradh siar.
ag freastal ar réimse níos leithne serving a broader range
" Mar sin de, is dóiche go bhfuil TG4 in ann a bheith ag freastal ar réimse níos leithne lucht féachana.
an ball foirne is faide the longest (serving) member of staff
ar fiannas serving, on duty
" Ní ball den Eagraíocht í an Astráil, dár ndóigh, ach bhí an Príomh-Aire, Julia Gillard, páirteach sa chruinniú mullaigh de bharr go bhfuil saighdiúirí de chuid Arm na hAstráile ar fiannas leis an gcomhfhórsa idirnáisiúnta san Afganastáin (Eagrán 116, Nollaig 2010).
ag freastal orthu serving them
" Níl muinín ag an phobal sna húdaráis, agus feictear don phobal nach bhfuil an stát, ag leibhéal áitiúil, ag freastal orthu mar ba cheart.
ag freastal ar serving
" Ar ndóigh ba ag freastal ar na margaí siúcra agus éadaí ar ais san Eoraip a bhí na trádálaithe.
tá tú in ainm is a bheith ag freastal you’re supposed to be serving
" B’fhéidir nach dtuigfeadh daoine – tá teachtaí dála ag teacht as toghcheantair faoi leith, Gaillimh Thoir, Gaillimh Thiar, nó Maigh Eo, nó rud éicint mar sin, - ach nuair atá tú i do sheanadóir, tá tú in ainm is a bheith ag freastal ar phobal uile na tíre.
le sainchuspóir chun riar ar with the one intention of serving
" “Tá sé de rún againn ollionad pobail a thógáil le sainchuspóir chun riar ar an chreatlach oibre atá luaite agam cheana.
ag freastal ar mhargadh an-teoranta serving a very limited market
" Cuir Comhar i gcomórtas le Archaeology Ireland nó History Ireland, dhá iris atá ag freastal ar mhargadh an-teoranta chomh maith.
ag riar mar is ceart dóibh serving them properly
" Is masla é sin do na páirtithe i Stormont go síleann mná nach bhfuil ceann ar bith acu ag riar mar is ceart dóibh.