Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dealú béascna cultural separation
" Is mór an dealú béascna, dar leat, idir an dá shraith ainmneacha thíos, nuair a dhearcfas tú orthu de chéaduair: Peig Sayers Robert Tenpenny Nioclás Tóibín James Hawkins Seán hInnéirghe/John Henry Eugene Archibald Cóilín Fiodhnaise Mac Donncha Lawrence Biggar Aodh Ó Duibheannaigh Mary Barnacle Samhlaítear taobh amháin, an dream ar dheis thuas, leis an mBéarla, tharla gur faoi athchruth sloinne anois iad, cruth a cheileann a ndúchas orainn.
deighilt split, separation
" deighilt ======= Léirigh an eachtra seo an deighilt mhór idir meon na glúine a d'fhás aníos sna seascaidí agus sna seachtóidí agus an ghlúin níos óige.
deighilt bhunreachtúil constitutional separation
" An-smaoineamh, déarfá, ach de ghnáth ní shamhlófá tionscadal den sórt seo leis na Poblachtaigh choimeádacha, mar gheall ar an deighilt bhunreachtúil idir stát agus eaglais a bhíonn mar mhaide mullaigh acu ina gcuid fealsúnachta.
deighilt split, separation
" Tíortha na hEorpa le chéile agus gach duine cothrom, gan deighilt ná easaontú ann ó thaobh teorainneacha nó ó thaobh cearta daonna de.
deighilt separation
" B'fhéidir gurb é an sampla is suntasaí de vótóirí a bheith ag iarraidh a gcuid tuairimí maidir le cúrsaí rialtais a chur i bhfeidhm ar dhaoine eile ná an streachailt leanúnach, an-fheiceálach idir na liobrálaigh ar mian leo go bhfanfadh an deighilt idir an eaglais agus an stát, agus an dream coimeádach, bunúsach a bhfuil sé mar sprioc acu an rialtas a dhéanamh Críostaí.
scaradh na heaglaise agus an stáit the separation of church and state
" Os a choinne sin, tá *Americans United for Separation of Church and State *(AU), eagraíocht a chuireann béim ar shaoirse reiligiúnda, ag maíomh gurb é an t-aon phrionsabal a chinnteoidh go mbeidh saoirse fhealsúnach agus reiligiúnda ag gach Meiriceánach ná scaradh na heaglaise agus an stáit.
deighilt iomlán complete separation
" Ni bheadh aon bhaint ag na daoine a ghlacfadh rólanna Adams agus McGuinness le Sinn Féin, a mhaígh sé, sa dóigh is go mbeadh deighilt iomlán idir an páirtí agus an IRA.
deighilt separation
" Is iomaí contrárthacht atá san Afraic Theas mar thír: an deighilt idir na ciníocha; an deighilt idir saibhir agus bocht; tithe móra millteacha cúpla méadar ó bhaile seantán; daoine ag saothrú na gcéadta milliún rand ó ór na tíre agus páistí ag freastal ar scoil gan leabhair, gan áiseanna agus amanna gan mhúinteoir.
deighilt separation
" An rud is tábhachtaí, áfach, ná go mbeadh an té atá i mbun teileachomaitéireachta ábalta deighilt a dhéanamh idir an “obair” agus an “baile”.
leis an scaradh; with the separation;
" Ní mó ná sásta a bhí Rangi agus Papa leis an scaradh; bhí baol ann go mbeadh na mic báite ag deora Rangi ag titim ón spéir.
deighilt separation
" Mar a léirítear i saothar Uí Mhuirí, b’aonarán é Mac Grianna i rith a shaoil a raibh deighilt idir é féin agus na daoine a bhí thart air.
deighilt ghlan a complete separation
" Dar le Grúpa McDowell, tá sé níos tábhachtaí i dtír bheag go mbeadh deighilt ghlan idir na bainc agus an rialtóir.
deighilt separation
" Níor bhain mé mórán úsáide as Facebook dá dheasca sin, mar níor lig sé dom an dhá thrá a fhreastal ó thaobh an deighilt idir mo shaol proifisiúnta is mo shaol pearsanta.
scaradh separation
" De réir bhunreacht na Stát Aontaithe tá scaradh na gcumhachtaí an-tábhachtach.
deighilt separation, split
" Tír í an Bhrasaíl a bhfuil cáil an fhearaíochais uirthi, cé nach bhfuil an deighilt idir fir agus mná baileach chomh leathan inti agus atá sna tíortha i Meiriceá Theas ina labhraítear an Spáinnis.
scaradh na gcarad separation of friends
" Is léiriú é an scéal seo ar cheann de na gnéithe míthaitneamhacha, díomácha a bhaineann le spórt ag gach leibhéal agus is é sin scaradh na gcarad nó an t-easaontas a tharlaíonn rómhinic idir dhaoine a bhí tráth den saol ina ndlúthchairde.
deighilt separation
" Beag beann ar an gcaoi a scarann eán an róin ghlais nó eán an róin bhig lena mháthair, tagann siad chugainn nuair a bhíonn siad gortaithe nó lag mar gheall ar an deighilt sin.
deighilt cheart proper separation
" Bíonn an-chumhacht ag an Aire in go leor cásanna agus ní bhíonn an deighilt cheart idir an rialtas agus na húdaráis rialála.
scaradh separation
" Athair ceanúil atá ann! Ach sin é an saol nua-aimseartha, scaradh na dtuismitheorí lena gcuid páistí do roinnt milliún duine sa tSín agus ní rud as an ghnáth é, dar leo.
deighilt separation
" Dúirt sé go dtuigtear níos fearr ó thuaidh ná ó dheas go bhfuil an deighilt costasach agus nach bhfuil sé ciallmhar dhá chineál bonneagair éagsúla ar oileán beag le daonra sé mhilliún.
scaradh the separation
" Insna litreacha sin, rinne sé cur síos ealaíonta ar chaimiléireacht impriúlach na mBeilgeach agus na mBriotanach, agus ar na laigeachtaí ilghnéitheacha polaitiúla a chur srian ar shaoirse Hammarskjöld scaradh de jure Katanga a sheachaint de réir ráitis oifigiúla an Choiste Slándála.
na ciníocha a dheighilt separation of the races
" D'fhan dlíthe eile a cheadaigh na ciníocha a dheighilt ("scartha ach comhionann") go dtí 1964.
caint ar scarúnachas talk of separation
" Cuireann caint ar scarúnachas eagla ar lucht votála Québec go minic - i rith na seachtóidí d’imigh go leor comhlachtaí agus tionscadail ó Mhontréal – an chathair is mó sa chúige - go Toronto le reifreann ar scarúint á thógáil ag muintir Québec agus níl an chathair tagtha ar ais chuici féin ó shin ó thaobh an gheilleagair de.
scarúint separation
" Cuireann caint ar scarúnachas eagla ar lucht votála Québec go minic - i rith na seachtóidí d’imigh go leor comhlachtaí agus tionscadail ó Mhontréal – an chathair is mó sa chúige - go Toronto le reifreann ar scarúint á thógáil ag muintir Québec agus níl an chathair tagtha ar ais chuici féin ó shin ó thaobh an gheilleagair de.