Tá an t-uafás Éireannach lonnaithe i Sydney (tugtar County Bondi go minic ar cheantar Bondi Beach), agus d’éirigh liom fiú caife a aimsiú a dhíol Barry’s Tea!
Faoin am seo, bhí mé réidh le dul abhaile, codladh i mo leaba féin, comhrá bheith agam le mo chairde agus gan bheith ag roinnt seomra, cistine agus seomra folctha le strainséirí.