Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
íogair sensitive
" " Arsa duine eile: "Go minic má théitear i gceann tionscadail mar seo ar bhealach íogair tuisceanach, bíonn toradh ar an saothar don dá thaobh.
fáisnéise íogaire sensitive information
" Dob amhlaidh a cheap an FBI go raibh duine éigin sa CIA ag cur fáisnéise íogaire chun na Rúise, ó lár na n-ochtóidí amach.
tuisceanach go cúltúrtha culturally-sensitive
" I 1988, le suim an-bheag airgid síl ón rialtas i DC, chruthaigh Gomez an rud a bhí ag teastáil go géar ón chathair agus a cuid áitritheoirí is nua: clinic réamhbheireatais do mhná Laidineacha a mbeadh siad in acmhainn íoc as, le soláthraithe a mbeadh Spáinnis acu agus a chuirfeadh cúram a bheadh tuisceanach go cúltúrtha ar fáil.
goilliúnaí sensitive
" I bhfianaise an mhéid atá tarlaithe, tá fiú na Caitlicigh is goilliúnaí páirteach anois sa gháir cháinteach seo atá ag éileamh go mbéarfadh an eaglais greim uirthi féin, go n-admhódh sí an méid atá fulaingthe ag na híospartaigh, agus go dtabharfadh sí cléirigh atá tugtha do mhí-iompar gnéasach os comhair cúirte.
mothálach sensitive
" Mothaíonn an té a mbíonn an deis aige amharc thart ar stiúideo an phéintéara Eamonn McAteer go bhfuil sé ag fáil spléachaidh ar intinn duine atá mothálach agus machnamhach.
gurb é an píosa is íogaire ailtireachta dá bhfaca sé riamh that it was the most sensitive piece of architecture
" Dúirt an Méara Bloomberg, ag tagairt don saothar, gurb é an píosa is íogaire ailtireachta dá bhfaca sé riamh.
leochailleach sensitive
" Ag breathnú air ón taobh amuigh cheapfá gurb é an sean-nós Gaelach i gcónaí acu é: ná habair tada, agus nuair a chuirtear ceist "leochailleach" - faoi BSE, abair - tarraing anuas na seanráitis chéanna a mbaintí úsáid astu nuair a bhí an galar sin i mbéal an phobail.
goilliúnach sensitive
" Píosa teilifíse thar a bheith láidir agus goilliúnach ab ea é.
róghoilliúnach too sensitive
" Bhí mé lag mar dhuine - bhí mé róghoilliúnach agus bhí sé éasca an lámh in uachtar a fháil orm.
íogair sensitive
" Bhí Ericsson an-ghar don mhargadh, agus tuiscint íogair acu ar na hathruithe sa mhargadh.
eolas íogair slándála sensitive security information
" Chan amháin gur cosantóirí an phobail iad na Gardaí, ach is coimeádaithe iad fosta ar eolas íogair slándála.
eolas íogair slándála sensitive security information
" Chan amháin gur cosantóirí an phobail iad na Gardaí, ach is coimeádaithe iad fosta ar eolas íogair slándála.
chigilteach sensitive
" Liosta le háireamh an chamastaíl a bhí ar bun ag an Rialtas ar an cheist chigilteach seo ón am sin i leith.
mothálach sensitive
" Duine ceanúil mothálach a d’fhéadfaí a ghortú go ró-éasca.
íogaire sensitive
mothálach sensitive
" Duine ceanúil mothálach a d’fhéadfaí a ghortú go ró-éasca.
gach pioc chomh híogair every bit as sensitive
" I bhfianaise an dearcaidh seo tá seans go mbeadh Polannaigh gach pioc chomh híogair maidir lena stair fiú muna mbeadh beo fós daoine a bhfuil taithí phearsanta acu ar chora crua na haimsire atá caite.
cnuasach mistéireach mothálach, a mysterious and sensitive collection,
" Rinneadh an pictiúr seo 350 bliain ó shin, nuair a bhí Rembrandt ar an trá fholamh, agus ba phictiúr é a tháinig amach as cnuasach mistéireach mothálach, a bhí dírithe ar léargas a fháil ar chuid de phearsana an Tiomna Nua.
ar bhealach mothálach; in a sensitive way;
" Is creatlach de charachtar é gach duine ach ní hionann sin agus a rá nach gcuirtear inár láthair iad ar bhealach mothálach; cuirtear agus ar bhealach gonta bríomhar leis.
mothálach gan a bheith maoithneach. sensitive without being sentimental.
" Tá an cur síos a dhéanann sé ar cheantair an-tarraingteach; tugann sé eolas ar áiteanna stairiúla gan dul thar fóir leis agus tá an cur síos a dhéanann sé ar dhaoine mothálach gan a bheith maoithneach.
chomh mothálach sin so sensitive
" Thaitin sé liom, áfach, go mór mhór a mháthair ag caint faoina óige, ach ba é an ní ba mhó a thaitin liom ná a dheirfiúr ag rá go raibh a chluasa chomh mothálach sin nach n-íosfadh sé calóga arbhair ar maidin don bhricfeasta – an SNAP, CRACKLE agus POP ró-ard dó! I lár na cathrach, ag seoladh taispeántas ealaíne de chuid Martin Egan, a bhuaileas leis den chéad uair.
goilliúnach sensitive
" Lean an íogaireacht sin de Sheosamh Mac Grianna ar feadh a shaoil; ba dhuine goilliúnach é agus d’aithin seisean – agus a dhaoine muinteartha – na tréithe sin bheith ann óna óige féin.
an ghoin mhothálach that sensitive wound
" Is í an ghoin mhothálach sin an tobar as ar tharraing Mac Grianna a inspioráid mar scríbhneoir.
mothálach, sensitive,
" Neamhspleách, dáigh, mothálach, goilliúnach, spioradálta – is iad seo airde a chompáis chultúrtha; is iad seo na tréithe a threoraigh é le linn dó bheith ag scríobh.
nádúr mothálach sensitive nature
" Níl a fhios agam arbh é nádúr mothálach ba chúis leis an ngol nó mothúchán tobann ciontachta a bhuail í nuair a chonaic sí an trealamh a chuir a comhthírigh chun feidhme d'fhonn na milliúin a dhúnmharú.
ábhar goilliúnach sensitive subject
" Bhí mé chun agallamh a chur ar bhean faoi ábhar goilliúnach agus bhí sí neirbhíseach.
ghoilliúnach sensitive
" “Cuid ghoilliúnach eile den chlár is ea scéal gasúir óig a raibh drochbhail air agus muid i mbun scannánaíochta.
is goilliúnaí most sensitive
" Níl ann ach go bhfuil bonneagar nua tagtha ar an bhfód atá ag bagairt ar mheanma na hóige agus ag teacht salach ar na daoine is goilliúnaí inár measc.
íogair sensitive
" Mheabhródh an tuairisc íogair seo a leanas le hoifigeach in arm Shasana, an Captaen Robert Daniell, faoina thaithí sa Ghearmáin, go leor eachtraí de chuid na hÉireann do dhuine: ‘*There were at least 3,000 inmates still just alive.
Ceist chigilteach sensitive matter
" Idirghabháil seachas Forghabháil JW: Ceist chigilteach eile is ea ceist na hidirghabhála.
íogair sensitive
" Bhí cur síos ann mar gheall ar an rochtain a bhí acu d’eolas tábhachtach agus do shonraí pearsanta íogair ar nós claonadh gnéis agus a gcuid laigí ar nós dúil sa deoch mheisciúil.
mothálach sensitive
" Tá a fhios agat gur duine íogair, mothálach mé, agus tá tú i ndiaidh mé a chur as mo riocht.
thitfeadh an cúram cigilteach seo this sensitive obligation would fall on
" Ní shílim gur cheart gur faoin Chomhdháil ar an Bhunreacht a thitfeadh an cúram cigilteach seo.
tháinig an sliocht íogair dianmhothaitheach seo this deeply felt and sensitive excerpt
" D’fhéadfaí a áiteamh le dlisteanacht gur tháinig an sliocht íogair dianmhothaitheach seo as chuimhní cinn General Grant, fear eile a chuir spéis ghairmiúil i ndathanna na n-aibhneacha.
cur síos leochaileach a sensitive description
" Déanann an Cadhnach cur síos leochaileach ar an gcomhrá inmheánach a bhodhraíonn an bhean bhocht gach lá fé dheireadh.