stuama
sensible
Tá a aidhmeanna á gcur chun cinn go breá
stuama aige go dtí seo.
stuama
sensible
I ndiaidh tamaillín, d'éirigh an chuideachta iontach leadránach domsa agus mé
stuama staidéartha.
an-chiallmhar ar fad
utterly sensible
"
Tá Cummiskey den tuairim go bhfuil an méid atá ráite ag an Mhéara Bloomberg
an-chiallmhar ar fad.
thuairsceoir stuama
level-headed/sensible reporter
"Má thig le duine ar chéim níos airde ná mise dialann a sceitheadh le May Mac Ránais, ar mhaithe le féin-laochadhradh, thig liomsa cion ranna as mo dhialann féin a sceitheadh leatsa le go dtuigfidh daoine mo chás, a Bhalor, agus tú ar chéim litríochta i bhfad níos airde ná an beathaisnéisí bladrach sin," a scríobh Micí agus é ag iarraidh Fear na Súile Nimhe a mhealladh le slíomadóireacht agus le cluanaireacht, amhail is go rachadh tláithínteacht den chineál sin i gcion ar
thuairsceoir stuama.
stuama
sensible
Tá súil againn go mbeidh sé de chiall ag pobal Mheiriceá fáil réidh le George Bush sa chéad toghchán eile agus go gcuirfear uachtarán ina áit a bheas
stuama agus níos tuisceanaí ar chúrsaí domhanda.
moltaí ciallmhara
sensible recommendations
Pléann sé fadhbanna cur chun cinn na hiomána agus tugann
moltaí ciallmhara uaidh.
an-chiallmhar
very sensible
"Creidim go bhfuil polasaí an rialtais anseo faoi láthair
an-chiallmhar.
ciallmhar
sensible
An chúis is minicí a thugann baill an CLG le cur i gcoinne Pháirc an Chrócaigh a chur ar fáil ná nach bhfuil sé
ciallmhar go mbeadh an CLG ag cabhrú le heagraíochtaí spóirt eile a bhfuil siad in iomaíocht leo.
Infheistíocht an-chiallmhar
very sensible investment
Infheistíocht an-chiallmhar a bheadh ann dá gcaithfí na billiúin euro ar fud na tíre ar áiseanna spóirt ar nós linnte snámha agus hallaí ina bhféadfaí gach saghas spóirt a chleachtadh.
straitéis chiallmhar
sensible strategy
É sin ráite, ní rud ró-ait é go bhfuil nósanna agus gnó an Iarthair ag bogadh isteach sa tSín -
straitéis chiallmhar é don ghnó atá i gceist.
stuama
level-headed, sensible
Tugann sé le fios nach daoine
stuama agus freagracha muid.
siosmaideach
sensible
Saol praiticiúil
siosmaideach a bhí ann, agus ní raibh mórán spáis ann don tsamhlaíocht.
ionchur ciallmhar
sensible input
Marc: C-
Maigh Eo
=======
*Ian Mac Aindriú (FG)*
Oibrí crua agus
ionchur ciallmhar go maith aige sna díospóireachtaí.
daoine ciallmhara
sensible people
Tá líon mór
daoine ciallmhara ann nach bhfuil ag iarraidh ach a gcuid eolais a roinnt le daoine eile.
ciallmhar
sensible
An cheist ná cé tá i gceannas?
Dar le daoine áirithe, is praiseach é an córas smachta i láthair na huaire agus ní mór don chumann gníomhú go tapa agus go
ciallmhar sula mbíonn smacht caillte uilig.
stuama
sensible
Caithfidh siad é seo a dhéanamh ar dhóigh mhuiníneach,
stuama, réadúil.
stuama
sensible
Ach, bhí cuid acu a bhí ciallmhar agus
stuama fosta.
beagáinín níos ciallmhaire
a little bit more sensible
Tá ceannaire Fhine Gael, agus duine a d’fhéadfadh bheith ina Thaoiseach ar an tír lá éigin, ag moladh gurb é an tslí is fearr leis an Ghaeilge ar chur chun cinn ná an rogha a thabhairt do dhaltaí scoile gan í a fhoghlaim! Bheadh sé
beagáinín níos ciallmhaire dó a mholadh go dtabharfaí na deiseanna agus acmhainní nua-aimseartha cuí do scoileanna agus do mhúinteoirí le cur ar a gcumas múineadh na Gaeilge a dhéanamh éifeachtach agus taitneamhach.
níos siosmaidí
more sensible
Tá tuilleadh polasaithe nua ag teastáil, gidh go bhfuil súil agam go mbeidh siad
níos siosmaidí ná an ceann áirithe sin.
stuama
sensible
Fear féasógach, fear maith, fear
stuama, fear scléipe, fear spéaclaí, fear comhluadair, fear codlatach.
staidéarach
sensible
Is é an dóigh is fearr leis seo a dhéanamh ná plé tomhaiste,
staidéarach a dhéanamh ar an tuarascáil agus gníomhú ar a gcuid moltaí.
stuama
sensible
Fear féasógach, fear maith, fear
stuama, fear scléipe, fear spéaclaí, fear comhluadair, fear codlatach.
lámh stuama
sensible hand
Ach idir shnípéireacht leanúnach na naimhde, eachtrach is inmheánach, dhá olltoghchán agus trí éirí amach páláis ina choinne thar thréimhse bliana idir 1982/83, (bhí tacaíocht an neamhspleáigh Tony Gregory de dhíth ar Haughey chun Rialtas Fhianna Fáil a chruthú tar éis Olltoghchán mhí Feabhra na bliana sin), chaill Haughey cumhacht i mí na Samhna 1982 agus bhí ceithre bliana aige sa fhreasúra chun
lámh stuama a chur ar mhaide stiúrach an Pháirtí a bhí ag imeacht le sruth uaidh fá ualach poiblí na n-argóintí “oiriúnachta” inmheánacha.
ciallmhar
sensible
Is duine
ciallmhar tú.
céillí, stuama
sensible, level-headed
Lena chois sin, ba dhaoine
céillí, stuama iad a raibh rudaí tathagacha le rá acu; ní raibh an amaidí agus *razzmatazz* atá ag baint leis an spórt sna Stáit Aontaithe i gceist leo.
ar bhealach ciallmhar
in a sensible way
Pléann Mac Uistín le gnéithe éagsúla shaol an Phiarsaigh
ar bhealach ciallmhar agus caibidlí ar nós: “Tús an Róid”; “Eagarthóir Neamheaglach”; “An tOideachasóir”; “An Scríbhneoir”, srl, le fáil ann.
siosmaideach
sensible
“Fear
siosmaideach thú, a Bhaloir; fear seoigh fosta; fear saoithiúil, seanchríonna, suadhach; agus sin an tuige gur roghnaigh mé tusa as measc iriseoirí uile na Gaeilge chun an t-agallamh seo a chur orm.
siosmaideach
sensible
Tá mórán le rá acu atá
siosmaideach faoi chúrsaí foilsitheoireachta agus léitheoireachta.
siosmaideach go leor
sensible enough
Chan sé an fhírinne ach, má chan féin, bhí Mac Grianna
siosmaideach go leor gan a chuid comrádaithe scoile a bhodhrú lena chuid léitheoireachta; bhí sé tugtha don súgradh agus don chuideachta oiread céanna le gasúir eile a aoise agus thuig sé, is léir, nach bhfóirfeadh an maíomh as leabhair don chuideachta a bhí á coinneáil aige.
úsáid shiosmaideach
sensible use
Lena chois sin, tá uirlisí taighde úra ar fáil anois d’iriseoirí trí chnaipe a bhrú, ach
úsáid shiosmaideach a bhaint astu.
díospóireacht chiallmhar
sensible debate
Más fiú reifreann a rith in aon chor, is fiú
díospóireacht chiallmhar a reáchtáil faoi.
ciallmhar
sensible
Cén duine
ciallmhar a bheadh ag iarraidh a bheith ina bhainisteoir ar fhoireann peile nó iománaíochta nó a leithéid ar na saolta seo? Cén cineál duine nár mhiste leis dá ndéanfaí mionanailís agus plé ar a raibh déanta aige gach seachtain sna meáin chumarsáide – na saineolaithe ar an bpainéal, na hiománaithe ar an gclaí, blagodóirí na ríomhairí glúine agus téacsóirí an domhain mhóir ag caint faoi? Amadán, b’fhéidir, nó fealsamh nó fanaiceach, nó gnáthdhuine, seans, ar mian leis a bheith páirteach i gcúrsaí spóirt i ndiaidh dá sheal imeartha féin teacht chun críche.
ciallmhar
sensible
‘An dóigh leat go bhfuil sé
ciallmhar é seo a dhéanamh?’Ach ní fhaca duine ar bith fadhb leis.
gairm chiallmhar
sensible career
Rachaidh siad chun na hollscoile; bainfidh siad céimeanna amach; rachaidh siad le
gairm chiallmhar inphinsin.
plean ciallmhar soiléir
sensible clear plan
Má tá
plean ciallmhar soiléir acu, níor chuala mise faoi.
Baineann sé seo le céill
it is sensible
Baineann sé seo le céill, gan amhras, agus is den riachtanas a leithéid d’áit agus an stáisiún seirbhíse a bheith ann, áit inar féidir leis an tiománaí agus a chuid paisinéirí dul chuig an seomra leithris, cith a ghlacadh (ní gá ach an eochair a iarraidh!), cupán caife a bheith ag duine, breosla a fháil nó beagáinín siopadóireachta a dhéanamh.
ciallmhar
sensible
Tá rud ’inteacht le bheith ráite mar sin féin, fá dtaobh de a bheith
ciallmhar nuair atá rud éigin de dhíobháil ort a bhfuil fiúntas ann i do shaol, agus do chuid obair baile a dhéanamh sa dóigh agus deal a fháil má bhíonn ceann a gha’il.
ciall mhaith tíosaíochta
sensible frugality
tá chomh maith agat ceann a bheith sciobtha leat ’na’ bhaile (pacáilte go domhain i do mhála agus é bainte amach as an bhosca), nó, níl ansin ach
ciall mhaith tíosaíochta.
chiallmhaire go mór
a lot more sensible
Fós féin, bhí an Ghaeilge ar an chloch is mó ar a phaidrín le linn na tréimhse úd: “Cé bhéarfas deimhin dúinn go mbeidh deis againn ar ball ar an rud sin a dhéanamh gur leasg linn tabhairt faoi san am i láthair? Measaim féin gur
chiallmhaire go mór d’Éireannaigh a ndícheall do dhéanamh chun an méid is féidir dá gcruadh-bhearta do réiteach gan mhoill.
ciallmhara
sensible
Is mar fhreagra ar chás géarchéime agus mar mholtaí
ciallmhara agus stuama ‘san aeráid eacnamúil atá ann faoi láthair’ a chuirfí chun tosaigh iad.
stuama
sensible
Is mar fhreagra ar chás géarchéime agus mar mholtaí ciallmhara agus
stuama ‘san aeráid eacnamúil atá ann faoi láthair’ a chuirfí chun tosaigh iad.
stuama
sensible
Bainfear an sprioc seo amach trí rogha leathan de bheartais
stuama, comhtháite.
stuama
sensible
Déanann Lyons agus O Connor tagairt do chuntas a scríobhadh ag an am a deir nach raibh ‘an bóthar idir St Germain agus Páras sábháilte de dheasca na robálaithe Seacaibíteacha (Éireannacha) seo’ agus go mbíodh ‘drogall ar aon saoránach
stuama dul amach tar éis titim na hoíche’ toisc go raibh an pobal faoi bhagairt ó iarshaighdiúirí Shéamais.
ciallmhar
sensible
org/wiki/War_of_the_Triple_Alliance)
Teacht Aniar, Dul ar gCúl
In ainneoin an bhuille a bhuail Cogadh an Chomhaontais Triaraigh ar Phobal Chambacuá, théarnaigh siad slán agus cuireadh siúl faoi chúrsaí talmhaíochta arís, rud a bhí
ciallmhar agus margadh mór Asunción chomh gar sin.
is siosmaidí
more sensible
Tá ócáidí ann fosta nuair
is siosmaidí agus nuair is saoire i bhfad scaifte airí agus a gcuid comhairleoirí is státseirbhísigh a eitilt in aon árthach amháin.
ní ba chiallmhara
more sensible
Is cinnte go mbeadh sé
ní ba chiallmhara i bhfad suíochán chéad ghrád a cheannach dó ar eitleán tráchtála amach as Londain agus oíche nó dhó in óstán cúig réalt dá mba ghá.
chiallmhara
sensible
Tuigim dóibh ach feicimse deis iontach anseo, le beartais
chiallmhara mhealltacha dhearfacha a chur ina áit ar a mbeidh torthaí fónta amach anseo.
siosmaideach
sensible
Má fheiceann tú aon táirge faoi lipéad Gaeilge, déan an rud
siosmaideach.
stuama
sensible
Ach cá as ar tháinig tacaíocht thobann an Pháirtí Ghlais? An bhfuil muintir na Brasaíle iompaithe ina n-óglaigh timpeallachta thar oíche?
Níl, cé nach féidir a shéanadh gur mheall feachtas criticiúil,
stuama an Pháirtí Ghlais neart daoine, vótóirí a bhí míshásta le hiarrthóir Pháirtí na nOibrithe, Dilma Rousseff, cuid mhór de na daoine a chaith vóta do Marina Silva.
an beart ciallmhar
the sensible thing
Dein
an beart ciallmhar, agus ceannaigh *‘Let the Right One In’*, an leagan Súlainneach, ar DVD nó ar Blu Ray, in ionad bacaint leis an gceann eile.
stuama
sensible
Cé gur admhaigh an tAire Pat Carey, sa gcur i láthair meáite
stuama a rinne sé, nach bhfuil ach “idir 15 agus 20 bliain fágtha mar shaolré ag an nGaeilge mar theanga theaghlaigh agus phobail sa nGaeltacht,” níor thug sé le tuiscint go mbeidh an Straitéis ag dul i ngleic, go príomha in aon bhealach, leis an ngéirchéim teanga sa mhéidín beag de Ghaeltacht, ina bhfuil an Ghaeilge fós á husáid mar theanga i measc an phobail.
ciallmhara
sensible
Rinneadh magadh agus bithéamh ar na daoine
ciallmhara sin a d’éiligh Údarás Calafoirt do Chuan Bheantraí le smacht a choinneáil ar theacht is ar imeacht na n-ollsoithí ola.
stuama go leor
sensible enough
”
Cúig Phointe
======
**Balor: “Cén áit a dtosóidh tú leis sin, a Thaoisigh? Caidé an chéad rud a dhéanfaidh tú?**
Enda: “Bhuel, i ndiaidh céad lá agus céad oíche ar an drabhlás, tógfaidh sé céad lá eile le go mbeidh gach duine
stuama go leor le tabhairt faoin bheartas cúig phointe.
cuma chiallmhar
the sensible appearance
D’ainneoin
cuma chiallmhar na comhairle, is léir don té atá eolach ar stair na ‘muirthéachtaí datha’ (Féach ‘Cogadh sa tSeoirsia,’ Beo! Meán Fómhair 2008) go bhfuil rud éigin le gnothú ag an mbainisteoir ciste fálaithe is saibhre ar domhan é féin as athrú réimis san Éigipt.
ciallmhar
sensible
Deineadh moladh
ciallmhar sa tuarascáil a chuir Fiontar (DCU) le chéile don Rialtas maidir leis an Straitéis, ’sé sin, gur gá ‘gníomh cothromúcháin chun a chinntiú go mbeidh líon dóthaineach foirne sa tseirbhís phoiblí atá inniúil ar an nGaeilge’ agus chuige sin go mba cheart ‘scéim earcaíochta a cheapadh a bheadh i bhfábhar daoine inniúla dátheangacha’.
stuama
sensible
Cruthaíonn Windscale, Agent Orange, Cliseadh Wall Street agus an Spealadh Mór, Géarchéim Geillagair 08 an domhain, Chernobyl, Simi Valley, cartadh úráiniam laghdaithe ar Fallujah, pléasc an Betelgeuse ag Oileán Faoide, Deepwater Horizon agus Fukashima nach bhfuil lucht eolaíochta ná lucht údaráis
stuama, léirsteanach ná díreach leis an bpobal.
Tá ciall leis
it’s sensible
Ar €100,000+
=====
Tá ciall leis an méid a dúirt Mary Lou Mc Donald (Sinn Féin) ar Frontline an oíche faoi dheireadh: in am an ghátair níor cheart don Státchiste a bheith ag íoc níos mó ná €100,000 le aon duine atá ag obair sa státchóras - na Airí, An Taoiseach agus an tUachtarán san áireamh.
moladh stuama
sensible advice
I léacht a thug sé i gColáiste na Tríonóide ar na mallaibh, léirigh an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, amhras áirithe faoi cé chomh dáiríre is atá an próiseas maidir le leasú an Achta: “An dtapóidh muid, mar stát, an deis stairiúil seo nó ar mugadh magadh, cleasaíocht agus cur i gcéill a bheidh i gceist leis?”
Ar an ábhar sin, is cúis díomá é nach bhfuil aon chinneadh déanta ag an Roinn maidir le
moladh stuama a tháinig ó shaineolaí idirnáisiúnta ar phleanáil teanga faoin dóigh a chuirfí na haighneachtaí seo i dtoll a chéile.
moltaí ciallmhara
sensible recommendations
Bhí
moltaí ciallmhara déanta ansin ag saineolaithe coinsiasacha maidir le rangú a dhéanamh ar na ceantair Ghaeltachta de réir critéir theangeolaíocha.
teorainn chiallmhar
a sensible limit
Nuair a cuireadh ceist ar an Taoiseach in Ollscoil Harvard faoin ábhar seo ar na mallaibh, faoi an raibh sé i gceist ag an rialtas reatha aon athrú a dhéanamh ar an stádas vótála, thug sé freagra séimh seachantach agus é ag maíomh nach bhféadfaí é seo a dhéanamh i gcás na hÉireann leis an 70m gael a bhí thar sáile! Dar ndóigh, tuigeann an Taoiseach go rímhaith nach raibh sé sin i gceist ariamh, in aon fheachtas ar an cheist seo; níor moladh ariamh go dtabharfaí an vóta do gach uile imirceach a d’imigh as an tír ó thus ama ach go gcuirfidh
teorainn chiallmhar de bhlianta leis, mar chúig nó deich mbliana a luadh leis.
ciallmhar
sensible
Dúirt sé go dtuigtear níos fearr ó thuaidh ná ó dheas go bhfuil an deighilt costasach agus nach bhfuil sé
ciallmhar dhá chineál bonneagair éagsúla ar oileán beag le daonra sé mhilliún.
freagraí stuama
sensible answers
Mura mbronnfaimid saibhreas, oiliúint (agus bronnaimid!),
freagraí stuama ar mhórcheisteanna ár linne (ní bhronnaimid!) ar dhreamanna eile daoine ar domhan, nach fiú, ar a laghad ar bith, iad a ardú ina meanmain le ceol, le foinn is le filíocht más féidir.
ná an tsiosmaid
than what is sensible
Ceannófar an tanúlacht agus an tsimplíocht níos túisce
ná an tsiosmaid.
Nár chiallmhar mar sin
so wouldn’t it be sensible
Nár chiallmhar mar sin pobal daoine sa Pholainn a mbeadh roinnt díobh acmhainneach ar obair a thabhairt chun rialtachta?
Tabhairt chun Rialtachta in Éirinn
==============
Déarfá nach bhféadfaí áitiú eacnamaíochta a dhéanamh in Éirinn ar son scéim a thabharfadh inimircigh lasmuigh den dlí chun rialtachta ach tá feachtas ar siúl ag Ionad Chearta na nInimirceach in Éirinn (MRCI) a mhaíonn go bhféadfadh an stát suas le 100 milliún euro a thuilleamh ó cháin a d’íocfadh inimircigh a thabharfaí chun rialtachta agus a bhfostóirí araon.
gur polaiteoir stuama é a rialaíonn ón lár
he’s a sensible politician who rules from the centre
Is dócha gurb é sin an faraor géar is mó dó, mar is léir cheana féin óna stair mar rialtóir ar Massachusetts
gur polaiteoir stuama é a rialaíonn ón lár, seachas ó dheireadh na heite deise.
Is siosmaideach an méid sin
that’s sensible
Is siosmaideach an méid sin óir chonaic an scríbhneoir seo an méid sin go díreach le gaelscoil eile roinnt blianta roimhe sin inár fágadh an obair go léir faoi aon duine amháin, cé nach raibh gasúr aige féin.
seasmhach, ionraic, ciallmhar
constant, honest, sensible
Tchítear do dhaoine nach bhfuil cothrom na Féinne á fháil acu agus nach bhfuil an córas pleanála
seasmhach, ionraic, ciallmhar.
an-chiall ag baint leis an iarratas
the request very sensible
”
An tAire Easláinte
======
Léigh Balor an litir go cúramach agus shíl sé go raibh
an-chiall ag baint leis an iarratas.
mbeadh beartas ciallmhar straitéiseach
there’d be a sensible, strategic policy
Bhíos dóchasach go
mbeadh beartas ciallmhar straitéiseach le fógairt ag Dinny Mc Ginley, bunaithe ar an dtaighde agus ar na moltaí a bhí déanta ag na saineolaithe.
smaointí iontacha ciallmhara
wonderful sensible thoughts
Bhíos féin ag ceann acu sna Forbacha: tháinig
smaointí iontacha ciallmhara ó na tuismitheoirí óga Gaeltachta a bhí i láthair ach níor tugadh aird ar bith ar na moltaí sin sa gClár Tacaíochta Teaghlaigh.
Luíonn sé le ciall
it’s sensible to assume
Luíonn sé le ciall go mbraitheann neart agus tionchar an daonlathais ar chumas an phobail cinnidh chearta a thabhairt atá bunaithe ar an eolas.
tá ciall le
it’s sensible
Níl a fhios agam an mbeifear in ann an deighilt seo a cheartú riamh, ach
tá ciall le brú a chur ar dhaoine óga oiliúint a chur orthu féin.
an cur chuige a bheith ciallmhar dá réir
the approach being accordingly sensible
Ach an t-eolas ceart, ciall agus
an cur chuige a bheith ciallmhar dá réir, thiocfadh le daoine an t-ainscéal a leigheas.
lipéidí ciallmhara do
sensible labels for
Ar a suíomh fá choinne forbróirí feidhmchláiríní Android, tugtar an chomhairle seo a leanas chun cinntiú go bhfuil feidhmchláiríní inrochtana lámh ar láimh leis an gcóras *TalkBack*:
● Déan nascleanúint iomasach
● Bain úsáid as tomhaisí molta do thargaid
● Tabhair
lipéidí ciallmhara do ghnéithe an CU (comhéadán úsáideora)
● Tabhair rogha ar ghnéithe idirgníomhacha ar a ritheann am istigh
● Bain úsáid as rialtáin chreatlaigh chaighdeánacha nó cumasaigh TalkBack do rialtáin chustaim
● Bain triall as tú féin.
ag iarraidh rud éigin ciallmhar a chur ann
trying to put something sensible in it
Mar sin, bhí Comhairle na Cathrach
ag iarraidh rud éigin ciallmhar a chur ann, agus le Manchester United agus City ag mealladh na mílte cuairteoirí chun na cathrach gach seachtain, nach mbeadh a lán custaiméirí ann d'iarsmalann sacair?
Bhí an ceart acu.
nach bhfuil stuaim sa deargnaimhdeas
that outright enmity ... isn’t sensible
Ciotaíl Chainte agus Loiceadh na bPáirtithe
=============
A bhuí den Uasal Ciotach, gabh mo leithscéal, Chittick, nuair a chuirtear an scéal chun seafóide uilig uilig, feictear do dhaoine, dá ndaille iad an chuid eile den am,
nach bhfuil stuaim sa deargnaimhdeas do theanga ar bith seachas a chéile.
as an obair stuama
for the sensible work
Tá fáth ag roinnt pobail Ghaeltachta a bheith buíoch go deo den Chomhdháil
as an obair stuama a deineadh na blianta sin, obair nach raibh an tÚdarás ná An Roinn sásta drannadh leis.
Iarrachtaí ealaíonta ciallmhara
sensible artistic efforts
Iarrachtaí ealaíonta ciallmhara na gcláracha go léir, dathanna ilghnéitheacha ré Victoria a dhearadh le samhlaíocht agus le daonnacht.
cinnidh chiallmhara
sensible decisions
An cheist dheireanach a chur mé air ná an raibh moltaí ar bith aige d’éinne atá go maith ag gnóthaí pócair agus seo an freagra a thug sé ar mo cheist:
“Tá plean mór eile agam agus seo rud iontach tábhachtach fá choinne éinne atá i mbun pócair; sin ó thaobh do ‘rolla banc’ nó bankroll mar a thugtar air, chun míniú simplí a chur air—sin é do bhainc phearsanta ina choimeádann tú d’airgead ann- ach an rud is tábhachtaí ná chun é a bhainistiú i gceart agus
cinnidh chiallmhara a dhéanamh leis.
tré leasuithe ciallmhaire a mholadh
by advising sensible amendments
Bhí an Seanadóir Joe Mc Hugh ar a mhíle dícheall ag iarraidh an Bille a fheabhsú,
tré leasuithe ciallmhaire a mholadh.
cabhair thuisceanach feidhmiúil
practical and sensible assistance
An Súsa Bán
=====
Bunaíodh Féileacáin le
cabhair thuisceanach feidhmiúil a chur ar fáil do theaghlaigh a dtagann páiste chun an tsaoil chucu marbh.
duine meabhrach
a sensible person
Chuirfeadh cuid den chaint a dúradh ó shin
duine meabhrach i mbun finscéalaíochta.
Léiriú smachta thar aon ní ciallmhar nó feidhmiúil
a display of control more so than anything sensible or practical
Léiriú smachta thar aon ní ciallmhar nó feidhmiúil is ea iompar stáit ár linne i gcoinne na hinimirce.
níos ciallmhara
more sensible
Tá dearcadh níos bunúsaí agus
níos ciallmhara ag daoine sna tíortha neamhfhorbartha ná mar atá abhus i leith socrú deacrachtaí dar le Robert McMillen.