Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
sinsear senior
" Is cuma ógánach nó sinsear, Roinn A nó Roinn D, níl aon chluiche ná spórt in Éirinn inchurtha leis an iománaíocht.
feidhmeannach sinsearach senior executive
" In éineacht léi bhí a fear céile David chomh maith le Pádraig Stanlaí, a rúnaí príobháideach, agus Eoin Ó Conaill, feidhmeannach sinsearach de chuid na Roinne.
foireann shinsear senior team
" I 1961 d'imir foireann shinsear Átha Cliath i gcoinne Thiobraid Árann i gCluiche Ceannais Iománaíochta na hÉireann.
Eagarthóir Sinsearach Senior Editor
" Cén ról atá agat féin san eagraíocht agus cén fhad atá tú sa phost? Eagarthóir Sinsearach an teideal oifigiúil atá ar mo phost.
sinsearacha senior
" Nuair a stopann oifigigh inimirce é, áfach, ní bhíonn le déanamh aige ach ainm roinnt gaolta a lua a bhfuil postanna sinsearacha acu san arm agus sa pholaitíocht agus scaoiltear isteach sa tír é.
na sinsir the seniors
" Agus sin an áit, de réir cosúlachta, ina dtosaíonn an bua ag na sinsir, is é sin ag an mbonnleibhéal.
polaiteoirí sinsearacha senior politicians
" Bhí polaiteoirí sinsearacha na tíre os comhair binse fiosraithe maidir leis an gconradh don chóras comhartaíochta ar na hiarnróid.
feidhmeannaigh shinsearacha senior executives
" Is beag duine a rinneadh saibhir mar thoradh ar an ghnó mídhleathach seo ach amháin roinnt de na feidhmeannaigh shinsearacha sa chomhlacht, leithéidí Jeffrey Skilling, Andrew Fastow agus Kenneth Lay.
sinsearacha senior
" Déarfainn féin gur ócáid an-speisialta ar fad a bheas ansin agus is deas an rud é a fheiceáil go bhfuil ómós á thaispeáint do cheoltóirí agus d'fhonnadóirí sinsearacha mar iad.
bhaill shinsireacha an Pháirtí Choimeádaigh senior members of the Conservative Party
" A dhálta sin an *hit list* a dtángthas air i dteach poblachtánaigh mór le rá a raibh ainmneacha bhaill shinsireacha an Pháirtí Choimeádaigh agus aontachtaithe éagsúla air.
is sinsearaí most senior
" Tá sé curtha i leith George Pell, Ardeaspag Caitliceach Sydney agus an cléireach is sinsearaí sa tír go ndearna sé ionsaí gnéasach ar bhuachaill dhá bhliain déag d'aois i 1961 nuair a bhí Pell ina ábhar sagairt.
ball sinsearach senior member
" " Thart ar an am chéanna, bhuail Gerry Kelly, ball sinsearach eile de chuid Shinn Féin, leis an Oirmhinneach Mervyn Simpson, cathaoirleach Choimisiún na nDílseoirí, a bhfuil an UDA/UFF, nó faoina n-ainm cleite Cosantóirí na Láimhe Deirge, ina gcuid lárnach de.
Chraobhchomórtas Sinsear Iomána na hÉireann All-Ireland Senior Championship
" Déanann grúdlann Guinness urraíocht ar Chraobhchomórtas Sinsear Iomána na hÉireann agus tá a gcuid fógraí ina thaobh an-chliste agus éifeachtach ar fad.
ceannaire sinsearach senior leader
" Tógadh ceannaire sinsearach de chuid an UDA lá Chomhdháil na nAontachtach nuair a fuarthas gunna i gcarr a raibh sé ann.
chuid de na ceannairí eaglasta is sinsearaí some of the most senior church leaders
" " Dúirt an dlíodóir atá i mbun na cúise i gcoinne Shanley, Michael Dowd, le nuacht WB 11 an mhí seo caite gur cheart do chuid de na ceannairí eaglasta is sinsearaí san Oirthuaisceart - Daily i mBrooklyn, an Cairdinéal Law i mBostún, William Murphy i Long Island, agus fiú an tArdeaspag Egan - glacadh le cuid den mhilleán i gcás na scéalta atá á nochtadh faoin eaglais.
i ngrád na sinsear in the senior division
" Cluiche amháin eile agus bheadh siad i ngrád na sinsear i nGaillimh.
baill shinsearacha senior members
" Tá an bóthar sin á ullmhú faoi láthair, agus baill shinsearacha Shinn Finn - Adams, McGuinness, Martin Meehan - ag rá go bhfuil cogadh s'acu thart.
abhcóide sinsearach senior counsel
" Is é gnó an ghrúpa seo, a bhfuil an t-abhcóide sinsearach Hugh Mohan ina chathaoirleach air, staidéar a dhéanamh ar an dlí, ar chleachtais agus ar fhasaigh sa stát seo agus i dtíortha eile, agus moltaí a chur chun cinn maidir le slite inar féidir dlí na hÉireann ar an gceist seo a fheabhsú le go mbeidh sé ar chaighdeán chomh hard is atá ar fáil i dtír ar bith.
shinsearach senior
" D'éirigh leo dul chomh fada le cluiche ceannais na hÉireann i 1978 ach chaill siad i gcluiche athimeartha i gcoinne na Gaillimhe le cúilín amháin! Ceapadh é ansin ina bhainisteoir ar an bhfoireann shinsearach agus chaith sé dhá bhliain sa phost sin.
foinse shinsearach senior source
" An t-ollruathar ar oifigí Shinn Féin i Stormont, nach dtángthas ar a dhath dá bharr; tógáil agus ceistiú státseirbhísigh mar dhallamullóg ("smokescreen" an focal a d'úsáid foinse shinsearach de chuid an PSNI féin!) le spiaire, nó *mole*, taobh istigh den IRA féin a chosaint; líomhaintí fá nascanna idir an IRA agus grúpaí sceimhlitheoireachta thar lear - tá daoine taobh amuigh den chlann phoblachtánach ag ceistiú bhunús na n-imeachtaí agus na líomhaintí seo.
sinsear senior
" Ceapadh é ina bhainisteoir ar fhoireann sinsear Loch Garman i 1986.
bhaill shinsearacha na heagraíochta sin cois Life the senior members of that society in Dublin
" Mar bhall de Choiste Náisiúnta Chumann Naomh Uinseann de Pól bhí aithne ag Máire ar bhaill shinsearacha na heagraíochta sin cois Life.
polaiteoirí sinsearacha senior politicians
" Mar a léirigh roinnt polaiteoirí sinsearacha le linn rásaí Cheltenham, tá an-spéis ag an rialtas i gcúrsaí geallghlacadóireachta.
seanóirí senior citizens
" Tá Cúram na nAosach freagrach as ionad lae do na seanóirí agus is mór an chreidiúint dóibh an t-áras atá acu.
sinsearach senior
" "Gabh agus (blíp) tú féin a dúirt siad liom!" Samhlaigh! Le hAire sinsearach rialtais! Seo iad na *feckers *ar stailc agus mise sásta iad a fhágáil amuigh ar an tsráid ag scríobadh a dtóineacha, nuair a léim ar an *Sunday Dependent *go bhfuil fadhb acu sa tSín le rud a dtugann siad SARS air.
feidhmeannaigh shinsearacha senior officials
" Ligeadh don aighneas dul ar aghaidh gan aon iarracht fhónta a dhéanamh é a réiteach, agus súil ag feidhmeannaigh shinsearacha na Roinne ar na himpleachtaí don chomhaontú náisiúnta pá dá ngéillfí dóibh.
an fhoireann sinsear the senior team
" Bhain an fhoireann sinsear Craobh an Chontae amach i 1996 agus Craobh Chomórtas Peile na Gaeltachta i 1997.
sinsearach senior
" Díol spéise mar sin féin go ndeir an tUasal Deacon go raibh Garda sinsearach, a bhí san fhórsa go dtí ar a laghad 1981, i measc na brathadóirí ba thábhachtaí ag MI6 in Éirinn.
triúr ball sinsearach three senior members
" An mhí seo caite, cuireadh triúr ball sinsearach - Uachtarán an pháirtí Martin Smyth, an leas-Uachtarán Jeffrey Donaldson agus an feisire David Burnside - ar fionraí as ucht a n-ionsaithe leanúnacha ar pholasaithe an cheannaire David Trimble.
sinsearach senior
" Bhí siad uilig ann - an príomhoide, an leas-phríomhoide, agus na bainisteoirí sinsearacha eile, Griffiths ina measc.
postanna sinsearacha senior positions
" Cinnte, shéanfadh aontachtaithe go láidir go bhfuil aon cheangal idir cinneadh s'acusan agus na hionsaithe atá ag titim amach ar shráideanna a gcathrach, ach nuair a chuireann tú in iúl nach bhfuil aicme éigin daoine - náisiúnaithe sa chás seo agus Alliance, dream eile nach bhfuil aontachtach go leor - inmhuiníne go leor le postanna sinsearacha a thabhairt dóibh, is cineál eile seicteachais é.
aire sinsearach senior minister
" Is é an cor is deireanaí sa scéal go bhfuil a fhios againn go raibh Tony Abbott, atá anois ina aire sinsearach sa rialtas náisiúnta, ag bailiú airgid ó 1998 le tacú le daoine a bhí ag tabhairt cásanna cúirte i gcoinne One Nation.
bhaill shinsearacha senior members
" D'iarr mé ar bhaill shinsearacha an DUPE dul ag obair ar ainm úr.
oifigeach sinsearach péas senior police officer
" Suimiúil go leor, ní féidir ballraíocht IRA a chur síos don cheathrar a tógadh agus Bobby Tohill ina seilbh mar go bhfuil clásal in Acht Sceimhlitheoireachta na bliana 2000 a deir nach féidir glacadh le fianaise oifigeach sinsearach péas le ballraíocht in eagraíocht mhídhleathach a chruthú ach amháin nuair nach bhfuil an grúpa sin ar shos cogaidh.
oifigigh shinsearacha senior officials
" Tá cead ag oifigigh shinsearacha a rogha rud a rá fhad is nach gcuireann sé isteach ar an rialtas.
chluiche sinsearach senior game
" B'in an lá a rinne Mícheál Ó hEithir a chéad chraoladh raidió: tráchtaireacht ar an chluiche sinsearach.
comórtas sinsearach fidléireachta senior fiddling competition
" Bhuaigh mac Ghearóid agus Anne, Ciarán Ó Maonaigh, Gradam TG4, Ceoltóir Óg na Bliana, anuraidh agus tá comórtas sinsearach fidléireachta an Oireachtais bainte aige le dhá bhliain anuas.
eolaí sinsearach senior scientist
" Bhí an Dochtúir Regula Briellmann, eolaí sinsearach leis an Brian Research Institute, ar dhuine den fhoireann a rinne an taighde.
clár-reachtaire sinsearach senior presenter
" Sa tréimhse sin bhíos mar chlár-reachtaire, clár-reachtaire sinsearach, Eagarthóir Stiúrtha Nuachta, Eagarthóir Stiúrtha Cláracha agus Leas-Cheannaire.
sinsearach senior
" Is í Bairbre de Brún an t-iarrthóir is airde próifíle sa rás - ball sinsearach de Shinn Féin agus iar-Aire Sláinte san Fheidhmeannas ó thuaidh - agus Eamonn McCann, fear atá ag plé le cúrsaí polaitíochta le 35 bliain anuas agus a bhíonn le feiceáil go minic ar an teilifís agus sna nuachtáin.
léachtóir sinsearach senior lecturer
" Ní raibh mé in ann breathnú air mar mháchail faoin am sin ach bhraith mé imeallach agus tá sé an-íorónta dom anois go bhfuil mé le fada in aois tuismitheoirí na mac léinn agus tá mé mar chuid den *establishment*! "Toghadh mé mar bhall den Acadamh Ríoga le déanaí, tá mé i mo léachtóir sinsearach; tá mé i mo chónaí in áit ina bhfuil na tithe an-daor, cé nach raibh nuair a cheannaigh mé mo cheannsa.
Conas breith ar bhall sinsearach den IRA how to catch a senior member of the IRA
" Conas breith ar bhall sinsearach den IRA a bhí ag smugláil arbhair an cheist a bhí faoi chaibidil acu.
an ball is sinsearaí the most senior member
" An dara hiarracht ======= Is é an tArd-Cheannfort Harry Breen an ball is sinsearaí den RUC a mharaigh an IRA riamh.
ball sinsearach ceardchumainn senior trade union member
" Tuigtear do *Beo! *go raibh sé ina raic le gairid ag cruinniú de chuid an Lucht Oibre idir an tUasal Rabbitte agus Frank Barry, ar ball sinsearach ceardchumainn é, nuair a cheistigh an tUasal Barry cén fáth nach bhféadfadh an Lucht Oibre tacú le hEamon Ryan.
páirtithe sinsearacha senior parties
" Nárbh fhearr i bhfad go mbeadh na páirtithe sinsearacha seo ina bhfreasúra do chúis i bhfad níos tábhachtaí, go mbeadh dearcadh i bhfad níos fadtéarmaí acu agus go mbeadh siad ar a ndícheall ar son a muintire uile? Go mbeadh na focail "frith-Chomhaontú" agus "frith-Aontacht" curtha sa bhosca bruscair agus go mbeadh an pholaitíocht bunaithe ar fhealsúnacht na heite clé nó deise chun leas achan bhall den tsochaí? Tuigtear cén fáth ar cuireadh ailtireacht Chomhaontú Aoine an Chéasta le chéile.
oifigigh shinsearacha senior officials
" Cé a d'fhéadfadh dearmad a dhéanamh ar cheannaire colgach an Transport Workers Union of America (TWU), Mike Quill, inimirceach Éireannach a raibh tuin láidir ar a chuid caintea chuir stop iomlán leis an chóras faoi thalamh sna 1960í, rud a chuir fearg as cuimse ar an Mhéara John Lindsay agus ar oifigigh shinsearacha eile.
sinsear senior
" An fáth go bhfuil an moladh seo á dhéanamh agam ná go dtosaíonn na himreoirí is fearr ag imirt le foireann sinsear agus gan iad ach 19 nó 20.
ranganna na naíonán mór senior enfant classes
" Céard in ainm Chroim atá ag tarlú ann nuair atá 25 faoin gcéad de pháistí óga an chontae ramhar nó fíor-ramhar? Agus má tá cúrsaí chomh dona sin in áit mar Liatroim, cé mar atá an scéal i mbruachbhailte na gcathracha móra? Rinneadh an suirbhé i measc 361 páiste a d'fhreastail ar ranganna na naíonán mór i mbunscoileanna Liatroma an bhliain sin.
sinsearach senior
" Ní haon ionadh, mar sin, go bhfuil TD sinsearach an pháirtí, Brendan Howlin, tar éis ceannasaíocht an Uasail Rabbitte a cháineadh go hoscailte.
ardbhainistíocht senior management
" Anuas air sin, tá chóir a bheith trí mhí caite ó d'fhógair ardbhainistíocht Aer Lingus - an Príomhfheidhmeannach Willie Walsh, an Príomhoifigeach Airgidis Brian Dunne agus an Príomhoifigeach Oibriúcháin Seamus Kearney - go raibh siad ag éirí as a gcuid cúraimí.
imreoirí sinsearacha idirchontae senior inter-county players
" Dar ndóigh is aithris ghlan iad réalta peile agus iomána na scoile ar na Gradaim Réaltaí Peile agus Iomána a bhronntar gach bliain ar imreoirí sinsearacha idirchontae Chumann Lúthchleas Gael (GLG).
foirne sinsearacha senior teams
" Agus má tá fir agus mná eile sa chás céanna, agus beidh tuilleadh má leanann cúrsaí ar aghaidh mar atá, céard a bheas in ann do na foirne sinsearacha sa chlub sin? Mar, nuair a phósfaidh na daoine óga seo, beidh sé fíordheacair orthu an t-am a fháil chun uaillmhian an chlub a shásamh.
Sinsearach Senior
" ” B’fhéidir gur comhtharlúint a bhí ann ach ceithre lá ina dhiaidh sin d’éist an Binse le taifeadadh rúnda a rinne cigire ar chruinniú a bhí aige le Frank McBrearty Sinsearach inar thug McBrearty le fios nach raibh sé ag leanstan na nGardaí.
ball sinsearach senior member
" Nuair a shuigh sé isteach sa ghluaisteán cuireadh in aithne é d’Ard-Cheannfort de chuid an RUC agus ball sinsearach de chuid an Gharda Síochána.
Sinsearach Senior
" ” B’fhéidir gur comhtharlúint a bhí ann ach ceithre lá ina dhiaidh sin d’éist an Binse le taifeadadh rúnda a rinne cigire ar chruinniú a bhí aige le Frank McBrearty Sinsearach inar thug McBrearty le fios nach raibh sé ag leanstan na nGardaí.
oifigigh shinsearacha senior officials
" B’oifigigh shinsearacha i rialtas Nixon iad na fir a bhris isteach sa seomra san óstán.
Baill shinsearacha senior members
" Baill shinsearacha de chuid an UDA agus an UVF a bhí taobh thiar den eachtra.
Abhcóide Sinsearach Senior Counsel
" Ar deireadh thiar, ar an 29 Meitheamh, d’fhógair an tAire go raibh sé chun iarraidh ar an Abhcóide Sinsearach, an tUasal Hugh Hartnett, an cás a fhiosrú in athuair.
Oifigeach Sinsearach Folláine Chomhsaoil Senior Environmental Health Officer
" Rinne mé cur síos in eagrán mhí na Nollag 2004 den iris seo ar an léacht a thug Maurice Mulcahy, Oifigeach Sinsearach Folláine Chomhsaoil i nGaillimh don Duncan Society i Learpholl faoi thaighde a rinne sé ar chaitheamh fulangach in Éirinn agus an buíochas a fuair sé ón eagraíocht Smoke Free Liverpool dá bharr.
Abhcóide Sinsearach Senior Counsel
" Ar deireadh thiar, ar an 29 Meitheamh, d’fhógair an tAire go raibh sé chun iarraidh ar an Abhcóide Sinsearach, an tUasal Hugh Hartnett, an cás a fhiosrú in athuair.
aireacht shinsearach senior ministry
" Is léir go bhfuil ag éirí go maith leis ag bord an Rialtais agus, má bhíonn Fianna Fáil ar ais i gcumhacht, níl aon cheist faoi ach go dtabharfar aireacht shinsearach dó sa Roinn Talmhaíochta nó sa Roinn Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Daonna.
ar an bhfoireann shinsear on the senior team
" Thug sé Craobh na hÉireann leis sa ngrád faoi 21 freisin (faoi dhó) agus faoin tráth seo bhí sé ar an bhfoireann shinsear freisin.
bhall sinsearach senior member
" (De réir taighde an rinne *The Sunday World* le gairid, bhí a seanathair ina bhall sinsearach den IRA i 1921, ach sin scéal eile.
Iarradh ar iománaithe sinsearacha Thír Eoghain the senior hurlers of Tyrone were told
" Iarradh ar iománaithe sinsearacha Thír Eoghain dá bhrí sin dul go dtí páirc CLG an Chaisleáin Ghlais.
seisear ginearál sinsearach six senior generals
" Dar fia, tá boladh na fola i sróna na nDaonlathach, go háirithe le déanaí nuair a tháinig seisear ginearál sinsearach, atá ar scor anois, amach sna meáin ag éileamh go mbrisfí an Rúnaí Cosanta, Donald Rumsfeld, as a phost.
seisear ginearál sinsearach six senior generals
" Dar fia, tá boladh na fola i sróna na nDaonlathach, go háirithe le déanaí nuair a tháinig seisear ginearál sinsearach, atá ar scor anois, amach sna meáin ag éileamh go mbrisfí an Rúnaí Cosanta, Donald Rumsfeld, as a phost.
shéan gach ball sinsearach den Ord every senior member of the Order denied
" Le linn na racán i gceantar na Carraige Báine anuraidh, shéan gach ball sinsearach den Ord go raibh páirt ag baill de chuid an Oird san fhoréigean, in ainneoin é bheith le feiceáil ar na scáileáin teilifíse.
Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann the All-Ireland Senior Hurling Championship
" I mbliana, ba lá an-speisialta é ar chúis eile ar fad do mhuintir na hiomána i mBaile Átha Cliath agus lasmuigh de, mar is ar an lá sin a bhuaigh Foireann Choláistí Átha Cliath Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann den chéad uair le cianta.
sinsearach senior
" Polaiteoir sinsearach Tá sé sothuigthe go mbeadh duine mar Włodzimierz Cimoszewicz ag tagairt do mhífhortún seo na Polainne.
iarairí sinsearacha senior former ministers
" Má bhí mífhoighid ar Dev, is cosúil nach raibh a chuid iarairí sinsearacha – Lemass, Mac an tSaoi, ná Frank Aiken – ag cothú iomarca tinnis dó, bíodh is gur i bhfad ó theas na cumhachta ar chúlbhinsí an Fhreasúra a fágadh iad.
polaiteoir sinsearach senior politician
" Agus é ag labhairt in agallamh leis an BBC i ndiaidh a cuairte ar Bhéarút, chuir polaiteoir sinsearach de chuid na Liobáine síos uirthi mar “an taidhleoir ba laige a sheol Mheiriceá go dtí an Meánoirthear ó aimsir an Dara Cogadh Domhanda amach”.
baill shinsearacha senior members
" Ní thig leo dul rófhada chun tosaigh ar a lucht leanúna, dar leo, ach tharla eachtra iontach an mhí seo caite nuair a thug urlabhraí an pháirtí ar chúrsaí póilíneachta, an t-iarchime Gerry Kelly, le fios go raibh cainteanna díreacha idir é féin agus baill shinsearacha de chuid an PSNI roimh mháirseáil chonspóideach de chuid an Oird Oráistigh i dtuaisceart Bhéal Feirste ar an 12 Iúil, mórshiúl a mbíodh racáin lena linn le blianta beaga anuas.
dá bhainisteoirí sinsearacha of its senior managers
" Tá moill ar a tháirge nua, an A380, tá cúpla duine dá bhainisteoirí sinsearacha éirithe as a bpost, agus tá sé ar a dhícheall ag iarraidh teacht chuige féin.
sna sraithchomórtais shinsearacha in the senior leagues
" Má chosnaíonn sé corradh agus $100 (ticéad, taisteal agus bia san áireamh) chun áit a fháil i cúlsraith dheireanach na suíochán i Yankee Stadium, cad chuige nach n-íocfá $25 ar shuíochán atá tríocha slat ón slacaí i staid *Minor League*? Ar ndóigh, níl caighdeán na himeartha sna *Minor Leagues* leath chomh maith is atá sé sna sraithchomórtais shinsearacha, ach d’fhéadfá breathnú air sin mar bhuntáiste.
níos sinsearaí ná mé more senior than me
" Is dócha go raibh sé mar bhuntáiste agamsa go raibh deartháir liom a bhí níos sinsearaí ná mé agus is dócha gur sheas sé sin an fód dom go pointe.
na daoine sinsearacha the senior people
" Ag an phointe sin a d’aithin na daoine sinsearacha sa choláiste go raibh meancóg déanta acu, agus d’fhéach siad leis sin a leigheas.
Sealadaigh shinsearacha senior Provisionals
" Ar ndóigh, chuirfeadh easaontóirí síos ar seo mar dheachtóireacht, go bhfuil Sealadaigh shinsearacha ceannaithe le “impireachtaí” dá gcuid féin.
poblachtánach sinsearach senior republican
" An fíor é go bhfuil poblachtánachas “an fhórsa fhisiciúil” ar shlí na fírinne? Nuair a labhair mé le poblachtánach sinsearach dúirt sé gur chaith sé cuid mhór ama le deich mbliana anuas ag éirí cur ina luí ar bhaill an IRA nach raibh gá leis an streachailt armtha agus gurbh fhéidir spriocanna poblachtánacha a bhaint amach fríd an pholaitíocht.
ar fhoireann shinsearach an chlub on the club senior team
" D’imir mé ar fhoireann shinsearach an chlub agus ní fhaca m’athair mé – cé go raibh an pháirc díreach trasna an bhóthair ó theach s’againne.
cén t-oifigeach sinsearach what senior officer
" I gcas ghunnaí Stobie, deir an CPS go bhfuil an póilín a thug na gunnaí don sceimhlitheoir aimsithe acu ach nach bhfuil a fhios acu cén t-oifigeach sinsearach a chinn ar na huirlisí dúnmharaithe a thabhairt ar ais agus nach bhfuil a fhios acu an raibh aon oifigeach sinsearach freagrach as Stobie a stiúradh agus na gunnaí ina sheilbh aige.
na ranganna sinsearacha the senior classes
" Bhíodh sé ar thús báire sa rang agus aistríodh ó na ranganna sóisearacha chun na ranganna sinsearacha go tapa é.
ball sinsearach den Ord Oráisteach, a senior member of the Orange Order,
" Rún de chuid David McNarry, ball sinsearach den Ord Oráisteach, a bhí ann, agus seachtain i ndiaidh é a bheith curtha ar an chlár aige, chinn an tAire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, Edwin Poots, nach gcuirfí dúshraith reachtúil faoi chearta Gaeilgeoirí sna Sé Chontae.
comhghleacaithe sinsearacha senior colleagues
" I ríomhphost a chuir Margaret Kelly, príomhoifigeach de chuid na roinne, chuig comhghleacaithe sinsearacha dá cuid ar an 1 Feabhra 2006 deirtear: *“Legal action has been threatened in the all-Irish school in Tralee which has been resisting this, but the legal advice questions the legal status of the curriculum.
ar fhoireann shinsear iomána Átha Cliath. on the senior Dublin hurling team
" Crainn thacaAg druidim le deireadh na seachtóidí, bhí Mick agus a dheartháireacha ina gcrainn thaca ar fhoireann shinsear iomána Átha Cliath.
an fhoireann shinsearach the senior team
" Bhuaigh an fhoireann shinsearach an sraithchomórtas fosta.
ghnóthaigh an fhoireann shinsearach áit the senior team earned a place
" ” I mbliana, tar éis cluiche a bhuachan in aghaidh Young Irelands, foireann arb as Yorkshire di, ar an 12 Deireadh Fómhair, ghnóthaigh an fhoireann shinsearach áit i gcluiche leathcheannais chraobhchomórtas na Breataine.
cluiche na sinsear. the senior game
" Bhí gach rud go breá – an bua ag Gaillimh sna mionúir – go dtí gur cuireadh tús le cluiche na sinsear.
catagóirí sinsearacha senior categories
" Cé go mbíonn buaiteoir glan nó beirt i gceist i gcatagóirí na sóisear de ghnáth, bíonn sé an-deacair go deo teacht ar chomhaontú maidir le buaiteoir sna catagóirí sinsearacha.
na seanóirí the seniors
" Ba chosúil go raibh gruaim ar na seanóirí a bhíonn ag síománaíocht i siopa an bhearbóra an tseachtain seo caite agus mé ansin le bearradh gruaige a fháil.
léiritheoir sinsearach senior producer
" I measc na ndaoine sin bhí Micheál Ó Domhnaill, atá ina léiritheoir sinsearach leis an gcomhlacht teilifíse Telegael, agus Ali Mac Aindreasa, a bhí an-lárach sa chompántas go dtí gur fhág sé anuraidh le dul ag obair le hAbú Media.
an Cigire Sinsearach Pleanála the Senior Planning Inspector
" Dúirt an Cigire Sinsearach Pleanála Kevin Moore go bhfuil fasaigh shoiléire leagtha síos ag an Bhord i gcásanna faoin chéatadán tithe a chaithfear a fhágáil ar leataobh do chainteoirí Gaeilge.
na ceapacháin is sinsearaí the most senior appointments
" Tugann sé aontú na banríona ar reachtaíocht úr (sin é, dearbhaíonn sé go bhfuil an bhanríon sásta le pé reachtaíocht is mian leis an rialtas a rith), socraíonn sé na ceapacháin is sinsearaí sna príomhúdaráis náisiúnta agus feidhmíonn sé mar ardcheannasaí ar fhórsaí cosanta na hAstráile.
post sinsearach senior position
" Tá aithne agam ar fhear a bhfuil post sinsearach aige in eagraíocht Ghaeilge.
baill shinsearacha senior members
" Níorbh fhéidir éisteacht le baill shinsearacha an pháirtí an mhí seo caite gan a) titim thart ag gáire, b) a bheith ar crith le heagla nó c) fearg an domhain a bheith ort.
sinsearach senior
" Bí ag caint ar shiúl siar! Romhainn i halla úrnua na scoile, sheinn banna sinsearach na scoile.
foireann shinsir senior team
" Mura bhfuil Aontachtaithe sásta a admháil nach peaca marfach é lámh Chaitlicigh a chroitheadh, cén seans atá ann go ndéanfaidh siad comhobair fhiúntach le Sinn Féin? Dúirt Martin McGuinness, mar shampla, gur dhiúltaigh Peter Robinson comhráiteas a bheadh scríofa ag an bheirt acu a chur amach ag gabháil comhghairdis le foireann shinsir Thír Eoghain a bhain craobh na hÉireann i mí Mheán Fómhair.
ba shinsearaí most senior
" Sin an fáth go bhfacthas rud ag deireadh mhí na Samhna nach bhfacthas riamh cheana – an triúr gníomhairí cairr ba shinsearaí i Meiriceá i mbun déirce os comhair polaiteoirí na tíre i Washington.
ocht mbonn sinsir eight senior medals
" Bhuaigh sé ocht mbonn sinsir Uile-Éireann, dhá bhonn mionúir Uile-Éireann, naoi mbonn sinsearach i gCraobhchomórtas na Mumhan, ceithre bhonn sa tSraith Náisiúnta, trí bhonn déag i gCraobhchomórtas Chontae Chorcaí le Ruagairí an Ghleanna agus ocht mbonn déag i gCorn an Bhóthair Iarainn leis an Mumhain.
iaroifigeach sinsir a former senior officer
" Chuir iaroifigeach sinsir de chuid an CIA síos ar thacaíocht Iosrael le Hamas mar: “*a direct attempt to divide and dilute support for a strong, secular PLO by using a competing religious alternative*.
príomheacnamaí senior economist
" Sa tuarascáil sin, ‘Tuar Fuinnimh an Domhain’, dúirt Fatih Birol, arb é an príomheacnamaí leis an GIF é, gur féidir le ‘buaic na hola’ teacht chugainn chomh luath le 2020 mura ndéanfar infheistíocht ollmhór i mbonneagar thionscal na hola.