Bhí mé ag úsáid na foirme Gaeilge le fada, ach bliain amháin thosaigh an rúnaí san oifig i Roinn na Fisice i gColáiste Mhíleata Cheanada, áit a bhfuil mé ag obair, ag cur mo chuid litreacha ar ais chuig na seoltóirí, ag rá nach raibh duine ar bith leis an sloinne "Kenny" ag an seoladh sin.
Ach anois tá an-iomarca tuisceana ar algartam *Google* agus tá an t-inneall seo faoi ionsaí ag na seoltóirí turscair is na scrábaire scáileáin agus is minic nach bhfaightear aon eolas feidhmiúil go dtí an dtríú nó an ceathrú leathanach.
’Sé sin, tá gach ríomhphost a sheol éinne ar *Yahoo, Hotmail, Outlook*, nó *Gmail* ariamh, agus gach glaoch teileafóin a rinne éinne ar Skype nó Google ariamh, bailithe agus scagtha ag an NSA cheana féin, gach comhad a sheoladh nó a uaslódáladh tríd an idirlíon, cuma an saoránach de chuid Mheiriceá nó na hÉireann an seoltóir.