Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
nach raibh aon dul as aige ach an ceathrar a dhíbirt that he had no choice but to send off the four
" Ní hamháin go ndeir John nach raibh aon dul as aige ach an ceathrar a dhíbirt, admhaíonn sé go raibh an pionós céanna tuillte ag Gaillimheach eile ach nach raibh sé in ann a uimhir a fheiceáil ná é a aithint i measc an tslua imreoirí.
díbeartha ón gcluiche sent off
" Imreoirí díbeartha ón gcluiche agus téarmaí fionraíochta bronnta orthu.
a dhíbrítear den pháirc sent off the pitch
" Fionraí cuí i gcás imreoirí a dhíbrítear den pháirc - bíonn sé rófhada nó róghearr, ag brath ar cé acu an le do chlub/chontae féin a imríonn siad nó nach ea.
dá gcuirfí den pháirc é if he was sent off
" Is éard a bhí i gceist ná riail a dúirt nach bhféadfadh imreoir a bheith i dteideal an gradam a fháil dá gcuirfí den pháirc é i gcluiche ar bith i rith na bliana, fiú amháin sa tréimhse idir fógairt na foirne agus bronnadh na nduaiseanna.
de bharr gur díbríodh den pháirc é because he was sent off
" Tharla, i rith na mblianta, gur ceileadh an gradam ar imreoir de bharr gur díbríodh den pháirc é i gcluiche club gan tábhacht agus chuir sin go leor daoine le báiní.
díbirt imreoirí the sending off of players
" Ar “Sportscall” RTÉ, faoi stiúir Des Cahill, bhí daoine éagsúla ag glaoch isteach ag léiriú míshástachta le díbirt imreoirí chun na taobhlíne de bharr calaoiseacha “neamhurcóideacha” (tarraingt geansaí, tarraingt síos imreora agus a leithéidí - is é sin, gnáthimirt na peile!).
Cuireadh Mark den pháirc Mark was sent off
" Cuireadh Mark den pháirc i gCraobhchomórtas Peile AIB Laighean i gcoinne Phort Laoise i ndeireadh na bliana 2004.
in ainneoin é a bheith curtha den pháirc sách minic despite his having been sent off quite often
" Laoch a bhí ann ag mórán daoine, idir shean agus óg, in ainneoin é a bheith curtha den pháirc sách minic agus rudaí tarcaisniúla a bheith ráite aige faoi agus le daoine éagsúla, idir bhainisteoirí, chomhimreoirí, réiteoirí agus cuid den lucht leanúna.
imreoir curtha den pháirc a player sent off
" Bhí sé de mhí-ádh orthu go raibh triúr de na himreoirí ab fhearr in easnamh ag amanna cinniúnacha, go mór mhór i 1979 de bharr timpiste bóthair, imreoir curtha den pháirc agus imreoir imithe ag imirt le Manchester United.
Má dhíbirtear imreoir as cluiche, if a player is sent off,
" Má dhíbirtear imreoir as cluiche, tá an chuma ar an scéal anois go síleann na hoifigigh chontae go bhfuil sé de dhualgas orthu cás an imreora sin a throid agus an córas smachta a thástáil go dtí a theorainn.
Glúin Eile Seolta le Bád Bán another generation sent off into emigration
" Glúin Eile Seolta le Bád Bán ========= Don chlár ar an imirce, Róisín í féin a rinne an taifeadadh ag Aerfort Átha Cliath agus í ag caint le daoine a bhí le himeacht agus lena ngaolta croíbhriste.