Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
thapaigh an IRB an deis the IRB seized the opportunity
" "Ollscoil na Réabhlóide" a tugadh air mar gur thapaigh an IRB an deis atheagrú a dhéanamh ar an eagraíocht taobh istigh den champa, atá suite ceithre mhíle ó Bala.
thapaigh Diarmuid an deis Diarmuid seized the opportunity
" " Nuair a thosaigh "Ros na Rún", thapaigh Diarmuid an deis le bheith páirteach ann.
an deis a thapú to seize the opportunity
" Bheartaíomar ar an deis a thapú chun comhlacht ceart a bhunú.
tapaigh an deis seize the opportunity
nach dtapóidh siad an deis that they won't seize the opportunity
" An bhfuilimid chun neamhaird a thabhairt ar dhaoine nach de shliocht Éireannach iad? Agus cad faoi naimhde na Gaeilge atá de shíor ag iarraidh céim síos a thabhairt don teanga sa chóras oideachais? An gceapann éinne nach dtapóidh siad an deis amach anseo chun ísliú céime a thabhairt don Ghaeilge ar an mbonn nár chóir dúinn a bheith á brú ar dhaoine nach mbaineann sí leo? Tá sé in am ag na heagraíochtaí Gaeilge dúiseacht agus aghaidh a thabhairt ar cheist an ilchultúrachais sula mbeidh sé ródhéanach.
níor tapaíodh an deis sin that opportunity wasn't seized
an deis a thapú to seize the opportunity
" Tar éis an mhéid atá ráite ag an rialtas faoi na cúiseanna atá acu le cogadh a throid in aghaidh na hIaráice, bhí deis ag an bpobal a dtuairim féin a thabhairt i lár mhí Feabhra agus ní raibh drogall ar bith orthu an deis a thapú.
atá á ghabháil that is being seized
" Is léir ón méid cócaoin atá á ghabháil ag gardaí le tamall anuas go bhfuil níos mó den druga sa tír ná mar a bhí riamh cheanna.
ach nár tapaíodh an deis sin but that that opportunity was not seized
" An mbeidh sé indéanta an dlí a chur i bhfeidhm nó an dtabharfar neamhaird air i go leor áiteacha? Nuair a fhéachfar siar ar an tréimhse seo i gceann fiche bliain, an ndéarfar gur céim mhór chun tosaigh a bhí sa chosc seo ar thobac nó an mbeifear ag rá go raibh deis ann céim chun tosaigh a thógáil ach nár tapaíodh an deis sin?
tapaíonn an chuid is mó de na siúlóirí an deis most of the walkers seize the opportunity
" Is cúrsa dátheangach é mo chúrsa siúil sléibhe i nGleann Cholm Cille agus, de ghnáth, tapaíonn an chuid is mó de na siúlóirí an deis a gcuid Gaeilge a chleachtadh cuid den am.
gach deis a thapú to seize every opportunity
" Is fiú gach deis a thapú chun tacú le TG4 agus a chinntiú nach mbeidh ganntanas airgid ag cur teorann leis an tsamhlaíocht agus leis an tseirbhís atá á cur ar fáil.
an deis a thapú to seize the opportunity
" An chéad cheann ná cén aidhm atá ag na drugaí sa chéad áit? Is dóigh gurb é airgead agus brabach an freagra agus an peaca is bunúsaí ar fad laistiar dó - saint - an tsaint chéanna a chuireann cathú orainn ar fad an deis a thapú chun airgead bog a ghnóthú ar dhóigh nach bhfuil iomlán morálta nó dleathach.
ar eagla go dtapódh an pobal an deis in case the public seized the opportunity
" Rinne rialtas an Partido Popular gach iarracht chun dallamullóg a chur ar phobal na Spáinne agus chun an fhírinne a cheilt ar eagla go dtapódh an pobal an deis a míshásamh le tacaíocht láidir Aznar don chogadh san Iaráic a chur in iúl san olltoghchán.
thapaigh an Coileánach an deis Collins seized the opportunity
" Meancóga ======= Rinne Rialtas Londain meancóg, ár ndóigh, nuair a chuir siad beagnach 2,000 réabhlóidí le chéile i gcampa amháin i 1916, mar thapaigh an Coileánach an deis leis an IRB a atheagrú ann.
thapaigh sé an deis he seized the opportunity
" B'in an seans do Ghascar féin agus thapaigh sé an deis críoch a chur le clampar an fhathaigh shalaigh; sháigh sé a chlaíomh go feirc ina cheann agus thit an Broím Soghluaiste marbh go doicheallach.
thapaigh Pól Ó Cuimín a dheis Pól Ó Cuimín seized his opportunity
" Nuair a rinne an tÚdarás cinneadh straitéiseach infheistíocht a dhéanamh sa tionscal closamhairc, thapaigh Pól Ó Cuimín a dheis.
tapaithe seized
" " Comhaltacht ======= Deirtear go ndéanann an taisteal an intinn a shaibhriú, agus tá an deis sin tapaithe ag Angela go minic agus í i mbun taighde dá saothar scríofa.
Thapaigh sé an deis sin he seized that opportunity
" Thapaigh sé an deis sin, fiú agus gan í sa cheantar is ansa leis, Brooklyn.
ullamh leis an deis a thapú ready to seize the opportunity
" Ach an bhfuil Rialtas Ghiobráltar ullamh leis an deis a thapú agus socrú buan a fháil a mbeidh gach duine sásta leis? Sin ceist eile.
tapaíodh an deis arís the opportunity was seized again
" Ach tapaíodh an deis arís, sna nuachtáin ach go háirithe, le gearáin a dhéanamh i gcoinne an tionscail agus a rialú in Éirinn.
Tapaíonn sé an deis he seizes the opportunity
" Tapaíonn sé an deis go rímhinic sonc a thabhairt don Aire Éamon Ó Cuív agus saighid a chaitheamh i dtreo an Pháirtí Dhaonlathaigh.
ag tapú gach deise a fhaigheann sé seizing every opportunity that he gets
" Tá an Taoiseach faoi láthair ag tapú gach deise a fhaigheann sé lena rá go gcreideann sé go bhfuil fíordhíospóireacht ar siúl laistigh den IRA, díospóireacht a bhfuil sé féin dóchasach a mbeidh scor an IRA mar thoradh uirthi.
deis mhaith gnó a thapú to seize a good business opportunity
" Is cosúil go bhfuil lucht leanta “na nDiabhal Dearg” réidh le Malcolm Glazer, an t-uinéir nua, a thachtadh ar an ábhar go raibh sé de dhánaíocht ann deis mhaith gnó a thapú agus a chuid airgid a infheistiú sa chlub sacair is fearr (?) agus is cáiliúla (b’fhéidir) ar domhan.
thapaigh siad an deis they seized the opportunity
" Bhí cúpla deis acu le tamall anuas dul thar fóir agus thapaigh siad an deis.
ag tapú an deis seizing the opportunity
" *“Sing me a song, will ye,” *a deir bean na gruaige airgid, í ag tapú an deis nuair a bhí an ciúnas ann.
Thapaigh sí an deis she seized the opportunity
" Thapaigh sí an deis le dul ar ais chuig an stáisiún; chuir sí isteach ar phost an taighdeora agus d’éirigh léi é a fháil.
thapaigh Neill an deis Neill seized the opportunity
" Bhí báirse ag dul trí loc ansin agus thapaigh Neill an deis síob a fháil dúinn.
thapaigh mé an deis I seized the opportunity
" Ní rabhas riamh san Eoraip agus thapaigh mé an deis chun cuairt a thabhairt ar “an seanfhód” ag an am céanna.
thapaíos an seans I seized the opportunity
" Bhaineas cúpla súmóg as an bpionta Guinness (a tháinig chugam, tar éis scaird thapaidh amháin, i ngloine phlaisteach) sular thosaigh an t-achrann, agus nuair a caitheadh amach beirt in aice liom, thapaíos an seans, agus d'éalaigh amach arís.
thapaigh mé gach deis I seized every opportunity
" Le scéal fada a dhéanamh gearr, thar na blianta thapaigh mé gach deis chun cur le mo chuid eolais ar an nGaeilge.
an deis a thapú to seize the opportunity
" Agus is éard atá mise ag rá: na daoine atá ag cruthú go maith faoi láthair san ábhar a dtabharfaidh mé teanga na Gaeilge uirthi, beidh an rogha acu ansin an deis a thapú agus an buntáiste is mó a bhaint as an gcumas atá iontu tríd an dá ábhar a dhéanamh.
an deis sin a thapú to seize the opportunity
" Tá sé chomh maith acu an deis sin a thapú.
a thapaigh an deis who seized the opportunity
" Ba léir go raibh coirpigh ann a thapaigh an deis sa bhroid oibre a ngnó féin a dhéanamh, rud a chuir brú breise orainne sa bheár.
mar dheis nár mhór dóibh a thapú as an opportunity that they had to seize
" Fuair an grúpa cuireadh ó Rialtas na hÉireann bheith mar chuid de thoscaireacht a bhí ag dul ansin leis an nasc idir an dá thír a láidriú agus, cé go raibh siad gnóthach ag an am, chonaic siad é seo mar dheis nár mhór dóibh a thapú.
chun gach deis a thapú to seize every opportunity
" Haughey, bhí treallchogaithe na gcultacha móihéir, gadhair nuaghnáis an rachmais – coileáin fhéindéanta TACA faoi dheifir chun gach deis a thapú ar a son féin, ar son Fhianna Fáil agus, mar a chreid siad féin, “ar son na hÉireann”.
thapaigh siad an deis. they seized the opportunity.
" Chuala siad go raibh ospidéal i Stoke-on-Trent ag fógairt ciorruithe agus thapaigh siad an deis.
thapaíos é. I seized it.
" Fuaireas seans go luath ina dhiaidh sin cuairt a thabhairt ar phríosún, agus thapaíos é.
thapaigh mé an deis chun éalú ón mbaile I seized the opportunity to escape from home
" Mar is gnách san earnáil seo, tháinig brú ollmhór díreach roimh an mbriseadh lár téarma, agus na spriocdhátaí ag bagairt orthu! Mar sin, bhí mise lánsásta le teacht na Cásca, agus thapaigh mé an deis chun éalú ón mbaile agus m’aghaidh a thabhairt ar thuaisceart an Oileáin Thuaidh.
an deis a thapú to seize the opportunity
" Níor mhór do na meáin Ghaeilge a bheith ceannródaíoch maidir le modhanna seachadta clár agus an deis a thapú teacht ar lucht éisteachta/féachana úr agus caidreamh idirghníomhach a bheith acu leo.
agus deiseanna a thapú and to seize opportunities
" Tá mé breá sásta cúrsaí a thógáil go réidh agus deiseanna a thapú de réir mar a thagann siad chun cinn.
thapaigh sé an deis he seized the opportunity
" Saoithiúil go leor, d’fháiltigh Alex Salmond roimh an mholadh agus thapaigh sé an deis dlús a chur leis an fheachtas ar son an neamhspleáchais.
mura dtapaíonn tú do sheans le chuile dhuine nua if you don't seize your opportunity with every new person
" ’ “Tá mé cinnte gur cheap go leor daoine, ‘Tá an t-amadán seo ag dul thart ag rá go bhfuil sé ag scríobh bheathaisnéis Joe Éinniú nó ag scríobh bheathaisnéis Bhreandáin Uí Eithir, ach mura n-ndeir tú é sin, mura dtapaíonn tú do sheans le chuile dhuine nua nó le chuile dhuine a chastar ort go minic, cén seans eile atá agat labhairt faoi, é a tharraingt anuas.
thapaigh sé an deis he seized the opportunity
" Sa bhliain 1906, bhuaigh Peter O’Connor bonn óir agus ceann airgid in Aithin na Gréige sna comórtais léime, agus thapaigh sé an deis buille a bhualadh ar son neamhspleáchas na hÉireann.
nach dtapóidh siad an deis seo that they won't seize this opportunity
" Ar an drochuair, tá sé soiléir cheana féin nach dtapóidh siad an deis seo.
thapaíomar an deis we seized the opportunity
" Agus muid ansin, thapaíomar an deis freastal ar na Géamannan Gáidhealach, nó Cluichí na nGarbhchríoch, mar a thabharfaí orthu sa Ghaeilge.
forghabháladh a raibh ann everything there was seized
" Cealaíodh seilbh agus áirnéis na bhPalaistíneach agus forghabháladh a raibh ann.
nach bhfuil á dtapú that are not being seized
" Chuir an tréimhse a chaith sé sna hAlpa le gairid Tony Birtill ag smaoineamh ar na féidearthachtaí atá ann ó thaobh na turasóireachta de in Éirinn agus ar na deiseanna nach bhfuil á dtapú.