Beidh ceardlann seiteanna ann freisin le Tony Ryan agus seisiún amhránaíochta ar an sean-nós le Meaití Joe Shéamuis Ó Fátharta, Johnny Mháirtín Learaí Mac Donnchadha, Cáit Nic Suibhne, Sorcha Ní Chéilleachair, Joe John Mac an Iomaire, Síle Ní Mhongáin agus Traolach Ó Conghaile.
Bhain an stiúrthóir, Niall Henry, feidhm as stíl shimplí ach sílfeá scaití go raibh cuma amaitéarach uirthi, ach bhain deacracht leis de dheasca dhearadh simplí an tseit agus an easpa spás cúlstáitse sa Project Arts Centre.