Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
míreanna segments
" Is forbairt an-tábhachtach dar linn an suíomh gréasáin nó tugann sé deis dúinn freastal níos fearr a dhéanamh ar phobal na Gaeilge - tá an clár raidió laethúil ar fáil ansin 24 uair sa lá, tá cartlann de na míreanna raidió is fearr agus réimse maith d'ábhar nach iad.
deighleog segment
" Cheap bunaitheoirí Rua Telecom, áfach, go raibh deighleog bheag, shuntasach sa mhargadh fós gurbh fhiú díriú uirthi, is é sin, margadh na Gaeilge.
míreanna tráchtaireachta segments of commentary
" In ainneoin gur beag a fheicim agus a chloisim de na cluichí peile agus iomána agus mé i mbun mo chuid oibre, tá mo dhóthain feicthe agam de na cluichí agus míreanna tráchtaireachta cloiste agam ar Raidió na Gaeltachta agus ar RTÉ le mé a choinneáil ar an eolas faoi dhul chun cinn na gcontaetha éagsúla.
míreanna segments
" Tá sé i gceist aige míreanna a úsáid as an agallamh chun a scannán féin – "The Return of the Real" – a dhéanamh, agus go mbeadh sé sin mar chuid den taispeántas sa Tate, chomh maith le sraitheanna eile atá déanta aige cheana féin.
an mhír ba thaitneamhaí the most enjoyable segment
" Thuigfeá uaidh go mba chuma cén spórt a bheadh i gceist ach, mar a d'admhaigh siad féin, feileann sé féin agus a dheartháir don pheil Astrálach toisc go bhfuil siad ard agus tanaí (tanaí i gcomórtas le tarbh, abair!) B’fhéidir gurbh í an mhír ba thaitneamhaí agus ba dhaonna den chlár ar fad, agus ar chuir go leor daoine suim ann, ná turas Sheáin Óig chuig a áit dhúchais agus áit dhúchais a mháthar, Oileán Rotuma, Fidsí.
míreanna den scannán segments of the film
" Léiríonn míreanna den scannán an chuairt a thug de Valera ar an gClár, ar Luimneach agus ar Ghaillimh.
na míreanna ceoil the segments of music
" Mar threoir don lucht féachana agus éisteachta, tugtar eolas i leabhrán maidir le príomhimeachtaí an scannáin agus na míreanna ceoil a bhaineann leo.
an mhír the segment
" Tháinig an mhír sa mharbhlann faoi dheireadh.
mír ghairid a short segment
" Mar chuid den ócáid seo, chuir Fíbín mír ghairid óna seó *Diabhlaíocht Dhéagláin* i láthair – tugadh cuireadh dóibh é a dhéanamh d’fhonn píosa craic nó píosa siamsaíochta a chur ar fáil don lucht freastail.
bhain chuile dhuine an-chuid taitnimh as an mír. everyone really enjoyed the segment.
" Bheadh ionadh orm dá dtuigfeadh níos mó ná tríocha faoin gcéad den lucht féachana céard a bhí á rá ag na haisteoirí, ach d’ainneoin sin, bhain chuile dhuine an-chuid taitnimh as an mír.
comhdhéanta de mhíreanna réamhthaifeadta. made up of pre-recorded segments.
" ”Tá an tsraith, ar cuireadh tús léi ar an 16 Eanáir, comhdhéanta de mhíreanna réamhthaifeadta.
ábhar na míreanna a roghnú to choose the material for the segments
" Fágadh faoi na páistí iad féin é ábhar na míreanna a roghnú agus rinne lucht Raidió na Life an t-ábhar sin a thaifeadadh agus a chur in eagar.
cúpla mír a few segments
" Bhí cúpla mír a bhí cliste, a shíl mé, ach nár éirigh go rómhaith leo.
mír a segment
" nó nach bhfuil? An t-oibrí ar thug taobh an trinse uaidh sa mhullach air, an tiománaí bus a maraíodh faoi bhealach, an t-oibrí sa stáisiún cumhachta a maraíodh le linn oibre is a mhúch tithe dhá chontae thart air; – chuala mé siopadóirí ag casaoid ar an ‘terrible blackout is a disgrace’ gan chuimhne go mb’fhéidir gur chaill clann a n-athair ná bean a fear céile – níor thuigeadar comh-mheá tábhacht na míre nuachta dá saol féin ‘sa terrible blackout’, le hais tubaiste an teaghlaigh eile.
Téann míreanna amach segments go out/are broadcast
mír as Éirinn a segment from Ireland
" Bíonn mír as Éirinn ag dul amach in Albain agus an rud céanna droim ar ais.
mír a segment
" Chonaic muid mír sna meáin ar an mhéid a dúirt an Dr.