Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Lorgaíos looked for, sought
" Lorgaíos uimhir chomhlacht tacsaí ó bhean an tí.
ag lorg réitigh dóibh seeking a solution for them
" Le tamall anuas tá Coimisiún Fulbright, faoi stiúir Colleen Dube in Éirinn, ag díriú ar fhadhbanna mhúineadh na Gaeilge sna Stáit Aontaithe, agus ag lorg réitigh dóibh.
ag iarraidh aitheantais dá dteanga seeking recognition for their language
" An tseachtain seo caite, bronnadh achainí ar Ard-Mhéara Bhéal Feirste agus é sínithe ag 400 Gael ag iarraidh aitheantais dá dteanga, dá stair agus dá gcultúir sna himeachtaí comórtha:
 “Molaimid, na Ceithre Chéad Saoránach Feirsteach, Gaelach thíos don Ard-Mhéara reatha agus do chomhairleoirí uilig na Cathrach an Chairt seo, Cairt Bhéal Feirste 400, a chur roimh chruinniú den chomhairle iomlán le go bpléifear é agus go dtabharfar suntas do ról agus do shaibhreas na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh mar chuid shuntasach, bhunúsach d’oidhreacht na Cathrach.