In áit na hacmhainní ar fad beagnach a chaitheamh ar Bhéarlóirí go príomha, ag iarraidh Gaeilgeoirí a dhéanamh astu, nach fiú iarracht a dhéanamh a ndílseacht don Ghaeilge a dhaingniú i measc na ndaoine óga a bhfuil sí acu cheana? Nach bhfuil sé thar am dúinn, iarracht a dhéanamh na déagóirí a bhfuil Gaeilge acu cheana ar fágáil na scoile dóibh, a choinneáil ag Gaeilgeoireacht agus iad ag dul isteach sna ficheadaí?
Is mó seans go n-éireodh le beartas mar sin, im’ thuairimse.