Ní féidir a rá fós cén toradh a bheas ar an stráitéis nua margaíochta, ach b'fhéidir nach mbeidh sé mórán achair go mbeidh tionscal na turasóireachta ar a sheanléim arís.
bhí sé ar ais ar a sheanléimhe was back to himself
Chuathas i ngleic leis an ailse sciobtha go leor, agus dá bharr sin níor chuir sé dá chois é agus bhí sé ar ais ar a sheanléim tamall gairid i ndiaidh na hobráide.
Ní fios go fóill cé acu an éireoidh nó nach n-éireoidh le Barack Obama an tír a chur ar ais ar a seanléim, ach is cinnte gur ábhar maith ceannaireachta atá ann.
Cé a chreidfeadh go mbeadh an DUP agus Peter Robinson ar ais ar a seanléim i ndiaidh Irisgate? Tá Peter cóir chomh sotalach, uaibhreach is a bhí sé riamh.
Leanadh leis an chur i gcéill go ndéanfadh pobal na hÉireann dearmad dár dtréimhse deireanach i rialtas agus nach fada go mbeadh muid arais ar ár seanléim.
Tiocfaimid tríd an duibheagán seo agus cuirfimid an tír ar a seanléim arís, ach má theipeann orainn athleasú a dhéanamh ar an phoblacht, fágfar síolta an scriosta faoi thalamh agus gan aon amhras fásfaidh siad aníos faoi chosa na glúine eile inár ndiaidh.
Eascraíonn an cheist: an féidir fuinneamh a chur i mblagadóireacht na Gaeilge agus í a chur ar ais ar a seanléim? Thiocfadh le Foras na Gaeilge comórtas a chur ar bun le hurraíocht a thabhairt do bhlaganna áirithe a meastar a bheith fiúntach.