"I only have the *cúpla focal*," ar seisean, "And that's both of them!"
Shiúil mé liom ar aghaidh fríd na sluaite, mé ag déanamh iontais de na daoine a bhí gléasta mar leipreacháin agus de na seamróga a bhí ag fás amach as cloigne gach aon darna duine.
Maidir le lucht leanúna an tsacair in Éirinn, ba cheart dóibh bheith níos buartha faoi staid Ruagairí na Seamróige, an club ab fhearr agus ba cháiliúla sa tír seo tráth agus atá anois ar an trá fholamh agus todhchaí an-éiginnte rompu.
Tharraing sé bratach na Breataine anuas, agus ina háit, chroch sé bratach a raibh seamróg órga agus na focail “Erin go Bragh” scríofa uirthi!
B’iomaí uair a bhí cúrsaí polaitíochta agus cúrsaí spóirt fite fuaite lena chéile sna cluichí Oilimpeacha ó shin a leith.