Thuig Berlusconi ar an toirt go raibh féidearthachtaí móra ann airgead a ghnóthú de bharr na n-athruithe a bhí ag tarlú agus bhunaigh sé cuideachta shealbhaíochta, Finivest, chun a chuid leas ar fad a riar.
(Tharla réabhlóidí geilleagair eile roimhe sin ar ndóigh, an t-athrú sealbhaíochta siocair na n-acht talún ó na 1880í i leith, cuirim i gcás, ach aisteach go leor, níor tháinig ann i gceart don réabhlóid thionsclaíoch in Éirinn).