Riail daingean sa pholaitíocht is ea é go mbíonn
buntáiste ag an sealbhóir i gcónaí, agus más ea, is cosúil go bhfuil an lámh in uachtar leis an Uachtarán Barack Obama, agus go n-éireoidh leis fanacht in oifig go ceann ceithre bliana eile, ach ní gá do dhuine ar bith, an tÉireannach san áireamh, breathnú siar rófhada i dtoghcháin uachtaránachta chun feiceáil nach ag an iarrthóir tosaigh i gcónaí a bhíonn an bua!
Ach tá dúshlán faoi leith roimh na Poblachtánaigh i mbliana.