B'fhéidir nach bhfuil chuile shraith san Eoraip láidir, ach tá tíortha "beaga" eile in ann clubanna a chur chomh fada le Sraith na Seaimpíní agus Corn an UEFA, gan iad féin a náiriú.
Dá bhfaigheadh muid iarratas amháin ó chuile chraobh bheadh an-chomórtas againn! Dá mbeinnse i mbun Chonradh na Gaeilge i Loch Garman, mar shampla, nó in aon chontae eile sa tír, bheinnse ag iarraidh go mbeadh seaimpín áitiúil ag seasamh an fhóid ar son Loch Garman ag an Oireachtas.
Dar leis fosta gur “móimint uafásach” ina shaol a bhí ann gan a bheith ar an fhoireann nuair a bhain Liverpool FC Sraith na Seaimpíní anuraidh.
Sin é an fáth, agus gan fhios agam cé hiad na seaimpíní (mo bharúil féin ná go mbeidh an lá leis an Airgintín), nach bhféadfainn an ócáid a ligean tharam gan tagairt a dhéanamh di.
Ar ndóigh, níorbh fhiú na foirne, na stáideanna, ná na cluichí móra gan sprioc ná duais mhór, agus i 1967 rinneadh cinneadh go n-imreodh buaiteoirí an AFL in aghaidh bhuaiteoirí an NFL chun go mbeadh seaimpín náisiúnta amháin ann.
**Stádas**Ní raibh stádas na heagraíochta nua soiléir go dtí Ard-Fheis CLG i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1928 nuair a vótáil na hionadaithe ar son an rúin go mbeadh Comhairle na Breataine ina comhairle cúige agus go mbeadh seaimpíní na Breataine páirteach i gcluichí ceannais na hÉireann ag leibhéal na sóisear.