Shílfeá, dá mbeifeá searbhasach faoi, go raibh an bóthar á réiteach i gcónaí do na foirne atá láidir go traidisiúnta - Corcaigh, Tiobraid Árann, Cill Chainnigh - agus go raibh ar na contaetha eile glacadh leis an sop in áit na scuaibe.
Saothar iontach comhoibrithe idir aos pinn agus aos scuaibe an dá thír is ea *An Leabhar Mòr*, agus tosaíonn na samplaí liteartha atá le léamh ann chomh fada siar le hAmhra Cholm Cille, a cumadh go gairid i ndiaidh aimsir Cholm Cille féin - foinse inspioráide na hIomairte - agus críochnaíonn siad le scríbhneoirí mar Shomhairle Mac Gill Eain agus Rita Duffy, Nuala Ní Dhomhnaill agus Craig MacKay - cuid d'aos ealaíne ár linne féin.
Spreagann aghaidheanna feargacha íomhá le dathanna dorcha agus marcanna garbha scuaibe agus spreagann aghaidh ghealgháireach dathanna bríomhara atá measctha go fíneálta.
Dhéanainn a cuid gruaige a chíoradh gach oíche sula dtéadh sí a chodladh – céad buille na scuaibe! Ba ise a d’insíodh scéalta dom faoin nGorta Mór – faoin méid a tharla do bhaill áirithe de mo theaghlach féin, cuir i gcás – agus is dócha gurbh ise a chuir ina luí orm an tábhacht a bhaineann le coinsias sóisialta a bheith ag duine.
Princeam na Rónóige
==========
Siocair fad agus méid a gúna, tugadh cead speisialta di damhsa na scuaibe a dhéanamh le scuab fiacla, seachas le scuab urláir.