Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
scéim incriptiúcháin encryption scheme
" Is é an tslí is fearr chun eolas ar ríomhairí mar theachtaireachtaí ríomhphoist a choimeád rúnda ná trí scéim incriptiúcháin a úsáid.
scéim dhiabhlaí diabolic scheme
" Ach de réir fianaise a nochtadh i rith na trialach bhí scéim dhiabhlaí eile beartaithe ag na bithiúnaigh seo dá dteipfeadh orthu sa chéad iarracht.
scéim spreagtha pobail community incentive scheme
" Cuirtear imeachtaí eile pobail ar bun agus tá scéim spreagtha pobail i bhfeidhm atá á hurrú ag Údarás na Gaeltachta.
beartaíochta scheming
" Tháinig mé i gcomharbacht ar an bhoc eile sin Leamh Ó Cuinneagáin, alias Crocodile Dungloe, fear maith beartaíochta agus idirbheartaíochta, fear a fheiceann agus a thuigeann an dá thaobh in aighneas ar bith, mar ba léir ón agallamh a rinne sé ar TG4 ar na mallaibh ar ghéarchéim na Gaelscoile i nDún Bóinne.
scéim scheme
" " Tá Gearóidín páirteach i scéim le labhairt na Gaeilge a chothú i measc páistí bunscoile le roinnt blianta anuas, scéim, dar léi, a bhfuil ag éirí go maith léi.
Scéim Chónaithe Accommodation Scheme
" Ar na scéimeanna a eagraítear, tá Scéim Chónaithe Aonad na Gaeilge do mhic léinn na chéad bhliana agus Scéim Ghaeilge an tSamhraidh don bhfoireann.
scéim dhátheangachais bilingualism scheme
"scéim dhátheangachais, Doire le Dúchas agus í lonnaithe sa Ghaeláras, ag gaelú chathair Dhoire le comharthaíocht dhátheangach sráide agus tráchta; tá 105 comhartha le feiceáil ar ár sráideanna dá bharr.
scéim tithíochta poiblí public housing scheme
" Bheartaigh Comhairle Contae na Gaillimhe scéim tithíochta poiblí, ina mbeadh 18 teach, a thógáil ar an gCeathrú Rua sa bhliain 2000.
scéimeanna fánacha occasional schemes
" Bhí an scéal amhlaidh 40 bliain ó shin agus, in ainneoin iarrachtaí agus scéimeanna fánacha idir an dá linn, is beag atá tar éis athrú.
scéimeanna comhshaoil environmental schemes
" Beidh ciorruithe anseo is ansiúd, ach rachaidh an chuid is mó den airgead a ghearrfar ar ais chuig an bhfeirmeoireacht bealach amháin nó bealach eile - trí scéimeanna comhshaoil, cuir i gcás, nó scéimeanna forbartha tuaithe.
scéimeanna forbartha tuaithe rural development schemes
" Beidh ciorruithe anseo is ansiúd, ach rachaidh an chuid is mó den airgead a ghearrfar ar ais chuig an bhfeirmeoireacht bealach amháin nó bealach eile - trí scéimeanna comhshaoil, cuir i gcás, nó scéimeanna forbartha tuaithe.
scéimeanna tacaíochta support schemes
" Sa bhfadtéarma, seans go mbeidh feirmeoirí beaga an iarthair níos fearr as le scéimeanna tacaíochta den chineál sin, ná an córas atá anois ann - córas a thugann an buntáiste is mó do na feirmeoirí móra.
scéim árachais insurance scheme
" Tuairisc a rinne siad ar an chlár "Farm Diary" ba chúis leis seo, tuairisc ina ndúirt siad go raibh comhlacht feola Éireannach lárnach i bfiosrúchán a bhí ar bun san Iaráic maidir le caimiléireacht feola, agus gur baineadh míleas as scéim árachais de chuid an rialtais trí fheoil, nárbh fheoil Éireannach í, a chur isteach fúithi.
scéimeanna míthaitneamhacha táillí unpleasant charges schemes
" Fágann sin na comhairleoirí bochta áitiúla ag plé le scéimeanna míthaitneamhacha táillí a chuirfidh múisiam mór ar an bpobal, díreach agus na toghcháin áitiúla ar leic an dorais.
scéimeanna fostaíochta pobail community employment schemes
" Ní mór a rá, áfach, gur ábhar buartha faoi leith é an gearradh siar atá á dhéanamh ar scéimeanna fostaíochta pobail de chuid FÁS, agus go bhféadfadh sé seo dochar mór a dhéanamh do riar an Árais.
scéim scheme
" Ag an am sin, bhí scéim ar bun le linn snámha a chur ar fáil in Bowmore, príomhbhaile Íle.
Riarann an Bord scéimeanna éagsúla An Bord manages/runs various schemes
" Cén obair a dhéantar i mBord na Leabhar Gaeilge anois ó lá go lá? Riarann an Bord scéimeanna éagsúla chun cabhrú le foilsitheoirí leabhar Gaeilge ábhar léitheoireachta ar ardchaighdeán a fhoilsiú le haghaidh phobal na Gaeilge.
scéimeanna taighde agus coimisiúnaithe research and commissioning schemes
" Ina theannta sin, tá scéimeanna taighde agus coimisiúnaithe againn chun cabhrú le scríbhneoirí na Gaeilge ábhar ardchaighdeáin léitheoireachta a sholáthar.
scéimeanna árachais insurance schemes
" Ar nós Chumann Rugbaí na hÉireann, tá scéimeanna árachais ag an CLG atá éigeantach agus i láthair na huaire tá costas damanta ard orthu atá ag dul i méad in aghaidh na bliana.
scéimeanna schemes
" Bhí na scéimeanna seo ar bun idir 1897 agus 1972.
Scéim Chaomhnaithe an Chomhshaoil faoin Tuath Rural Environmental Protection Scheme
" Ach nach bhfuil ceist thruailliú an chomhshaoil i bhfad níos simplí? Cuireadh tús le Scéim Chaomhnaithe an Chomhshaoil faoin Tuath i 1994 agus, idir 2000 agus Meitheamh 2004, fuair 46,000 feirmeoir deontais faoin scéim seo arbh fhiú €420 milliún iad (tháinig 75% den airgead ón Aontas Eorpach).
scéim phíolótach pilot scheme
" Ach níl stádas ag an Tionscnamh Iompair Tuaithe go náisiúnta ach mar "scéim phíolótach", agus níl aon chinnteacht ann go leanfar leis nó go gcuirfear an maoiniú ar fáil chun an tionscnamh a leathnú go ceantair chúlráideacha eile ina mbíonn daoine scoite amach ón saol.
scéim séarachais sewerage scheme
" Rinne sí obair mhaith i leith scéim séarachais agus fadhbanna uisce na Ceathrún Rua, cé nach mbaineann sé sin lena bunchúram.
scéimeanna fiúntacha worthwhile schemes
" Cé gur mhaith le gach duine, gan aon amhras, go bhfaigheadh dreamanna atá gníomhach i measc an phobail, leithéidí Port Láirge le Gaeluinn agus Glór Bhreifne, tacaíocht dá gcuid scéimeanna fiúntacha, scéimeanna a bhfuil oiread díograise caite leo, tá seans maith go dtiocfar ar mhodhanna maoinithe dóibh amach anseo.
chun scéimeanna a mhaoiniú to fund schemes
" Lena chois sin, bhronn sé na céadta míle dollar chun scéimeanna a mhaoiniú a thug deis do Ghaeil Mheiriceánacha óga seal a chaitheamh in Éirinn.
scéim tithíochta housing scheme
" SUSAN: Ní thig leat oidhreacht na hÉireann a scrios le scéim tithíochta den chineál sin.
scéim phíolótach pilot scheme
" Cathain a bunaíodh PCT agus cé a bhunaigh é? Bunaíodh Pléaráca Teoranta, an Scéim Ealaíon Phobail, i 1993 mar scéim phíolótach trí bliana faoi chlár de chuid na Gníomhaireachta do Chomhrac na Bochtaineachta le maoiniú ón gClár Europach *Horizon*.
scéim chuimsitheach agus mhórfhíse comprehensive and visionary scheme
" Is cinnte gur scéim chuimsitheach agus mhórfhíse a bheadh inti, a dhéanfadh laghdú ar an damáiste atá á dhéanamh ag an mhéadú atá tagtha ar an trácht san aer agus ar na bóithre.
aghaidh scéime den tsaghas sin opposed to such a scheme
" Ní dóigh liom go mbeadh mórán daoine in aghaidh scéime den tsaghas sin, ach braitheann sé ar na polaiteoirí.
scéimeanna schemes
" Cuirfear béim sa phlé ar chomhoibriú idir grúpaí ón dá thír, go háirithe anois agus gan i bhfad ann go mbeidh deireadh le tréimhse INTERREG, agus scéimeanna eile cultúrtha a bhíonn á reáchtáil ag an gComhairle Eorpach, a chuireann deontais ar fáil le himeachtaí cultúrtha a eagrú.
scéim chuimsitheach agus mhórfhíse comprehensive and visionary scheme
" Is cinnte gur scéim chuimsitheach agus mhórfhíse a bheadh inti, a dhéanfadh laghdú ar an damáiste atá á dhéanamh ag an mhéadú atá tagtha ar an trácht san aer agus ar na bóithre.
scéimeanna Gaeilge Irish language schemes
" Mar shampla, maidin amárach, tá mé ag dul go Baile Átha Cliath an chéad rud ar maidin le labhairt ag seiminéar d’ionadaithe ó 16 eagraíocht Stáit atá ag obair ar a gcuid scéimeanna Gaeilge.
mórscéimeanna tógála bóithre agus aerfort big road and airport building schemes
" Mar sin, roimh an bhliain 2015, beidh táillí plódaithe tráchta i bhfeidhm sna cathracha, agus cuirfear stop le mórscéimeanna tógála bóithre agus aerfort.
scéim chiondála domhanda a global rationing scheme
" Cuirfear i bhfeidhm scéim chiondála domhanda do na gáis cheaptha teasa ach le fírinne is é an breosla iontaise a bheas á chiondáil.
a d’eascair as scéim urraíochta which arose from a sponsorship scheme
" Ach le tamall anuas tá siad cráite ag scannal airgeadais a d’eascair as scéim urraíochta i Québec chun íomhá Cheanada a chur chun cinn agus an bonn a bhaint as an ghluaiseacht neamhspleáchais.
scéim scheme
" Bhí an scéim sin ar siúl idir 1996 agus 2003.
scéimeanna láraithe centralized schemes
" Chun na tithe a choimeád te (agus caitear cuid mhór fuinnimh ar a leithéid), úsáidtear scéimeanna láraithe chun tithe a sholáthar, trí phíopaí, le huisce te nó gal a dhéantar i lárionad áitiúil (rud a bhíonn níos éifeachtaí ná cúpla míle gaileadán tí) agus a úsáideann de ghnáth foinse in-athnuaite fuinnimh).
scéim deontais grant scheme
" Na héilimh atá i gceist ná: ======= Go nglacfaidh CLG le scéim deontais an Rialtais d’imreoirí idirchontae agus go gcuirfidh CLG brú ar an Rialtas an scéim a chur i bhfeidhm láithreach.
Scéim árachais feabhsaithe improved insurance scheme
" Scéim árachais feabhsaithe d’imreoirí club agus contae.
a rachaidh i gcion ar an Scéim which will affect the Scheme
" Tuartar sa scéim faoin gceannteideal “Rudaí a rachaidh i gcion ar an Scéim” go ndéanfar slad ar fhoireann na Roinne má leantar leis an phróiseas mar atá beartaithe ag an rialtais: “Má thagann toradh ar na figiúirí a foilsíodh ón tSaoráid Lárnach Iarratais beidh athrú de 90% ar fhoireann na Roinne.
roinnt tacaíochta ó scéimeanna éagsúla some support from various schemes
" Faigheann an stáisiún roinnt tacaíochta ó scéimeanna éagsúla a reáchtálann Coimisiún Craolacháin na hÉireann chomh maith.
scéimeanna táirgthe fostaíochta job production schemes
" ” “Nuair a thagann sé go cúrsaí forbartha tionsclaíochta in Alt 10, ní hé amháin go leagann sé amach go bhfuil scéimeanna táirgthe fostaíochta le cur chun cinn, ach leagann sé amach an chaoi a bhfuil sé sin le déanamh.
scéimeanna teangabhunaithe language-based schemes
" Chomh maith leis sin tá sciar den airgead caipitil le caitheamh ar scéimeanna teangabhunaithe.
scéim mhór inimirce a large immigration scheme
" Cuireadh tús le scéim mhór inimirce i 1948 agus tháinig na sluaite as deisceart, lár agus oirthear na hEorpa agus thug siad leo a gcuid nósanna féin maidir le go leor rudaí ach ba é an bia an ceann ba shuntasaí.
nuair a fógraíodh scéim when a scheme was announced
" ” Bhí an t-ábhar seo ag Ó Coileáin nuair a fógraíodh scéim faoina dtabharfaí pinginí do dhaoine a scríobhfadh beathaisnéis daoine áirithe.
tá na polaiteoirí tar an scéim a fhógairt ceithre huaire the politicians have announced the scheme four times
" Go dtí seo, tá na polaiteoirí tar an scéim a fhógairt ceithre huaire (an uair is déanaí ná sa Phlean Forbartha Náisiúnta i mí Eanáir), ach, ag cur san áireamh mhodhúlacht ár bpolaiteoirí agus an t-olltoghchán i mbliana, is dócha go bhfógrófar an líne cúpla uair eile sula n-osclófar í.
scéim phíolótach pilot scheme
" Bunaithe ar thorthaí an phróisis seo, chuireamar tús le scéim phíolótach inar thug Paddy agus Nóirín cuairteanna ar scoileanna chun amhráin thraidisiúnta a mhúineadh do na páistí.
chun an tionscadal a reáchtáil to run the scheme
" De bhrí gur scéim phíolótach a bhí inti, d’úsáid muid í leis na bealaí is fearr chun an tionscadal a reáchtáil a aimsiú.
scéim chánach tax scheme
" Ach is cinnte go mbeidh (agus gur cheart go mbeadh) srianta eile ag teacht: cánacha nua ar astúcháin na n-eitleán, mar shampla, agus chuige sin tá Coimisiún na hEorpa ag iarraidh scéim chánach a chur ar bun a chuimseoidh ní hamháin an Eoraip ach na Stáit Aontaithe freisin.
sonraí na scéime sparánachta the details of the bursary scheme
" Tá Colmcille, an eagraíocht a chuireann oidhreacht Ghaelach choiteann Thuaisceart Éireann, na hAlban agus Phoblacht na hÉireann (idir theanga agus chultúr) chun cinn, tar éis sonraí na scéime sparánachta do 2007 a fhógairt.
Tá an scéim ar an bhfód the scheme has been in existence
" Tá an scéim ar an bhfód le cúig bliana anois agus tá sparánachtaí á dtairiscint le haghaidh áiteanna ar thrí chúrsa éagsúla i rith an tsamhraidh.
scéim thrasteorann, cross-border scheme,
" "**Fiontraithe le Gaeilge**Ba é scéim thrasteorann, Fiontraithe le Gaeilge, a chéad chuir Bob agus Réamaí i dteagmháil lena chéile.
thionscain sé scéim beathaisnéisí he initiated a biography scheme
" Níos déanaí agus é le Bord na Gaeilge, thionscain sé scéim beathaisnéisí agus ba é a mhol go mbunófaí Áisíneacht Dáiliúcháin Leabhar.
ag leathnú na scéime amach expanding the scheme
" Anois, tá an Rialtas ag leathnú na scéime amach do phoirt eile sa tír, Learpholl san áireamh, agus beidh siad ag tabhairt amach 90,000 lionsa Fresnel sa bhreis sa bhliain úr.
Mar chuid den scéim teanga atá forbartha as part of the language scheme which has been developed
" **Oiliúint** Mar chuid den scéim teanga atá forbartha ag eagraíochtaí éagsúla – na comhairlí contae agus na ranna stáit, cuir i gcás – ó cuireadh Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm, is gá oiliúint ar chur ar fhostaithe de chuid na n-eagraíochtaí rannpháirteacha chun go mbeidh siad ábalta seirbhísí a chur ar fáil don phobal trí Ghaeilge.
faoin chamscéim seo? about this crooked scheme?
" Is léir, áfach, go bhfuil a leithéid i bhfeidhm cheana féin, don té atá toilteanach, agus in acmhainn, díol as! Cad is féidir a dhéanamh faoin chamscéim seo? Níor mhiste, i mo thuairimse, don Aire Hanafin an ciorclán cuí (uimhir m10/94) a leasú agus a atheisiúint sa dóigh is gur díolúine ó fhoghlaim teangacha i gcoitinne a bheadh i gceist seachas an Ghaeilge amháin.
scéim tacaíochta support scheme
"scéim tacaíochta curtha ar fáil ag an Rialtas a rachaidh chun sochair d’ollscoileanna thar sáile ar mian leo múinteoirí Gaeilge a fhostú.
Reáchtálann Fiontar scéim scoláireachtaí Fiontar runs a scholarship scheme
" Reáchtálann Fiontar scéim scoláireachtaí agus tá breis eolais faoi na scoláireachtaí seo ar fáil ó Sally Ní Fhatharta in oifig Fiontar ag 01 700 5614 nó fiontar@dcu.
roinnt scéimeanna tábhachtacha some important schemes
" Lena cheart a thabhairt don rialtas, tá roinnt scéimeanna tábhachtacha ann a chuireann go mór leis an mhaoiniú atá ar fáil do na hinstitiúidí tríú leibhéal.
beartais dhiana difficult schemes
" Thuigfeá fosta don té a mheasfadh go raibh an toil poiblí ann glacadh le beartais dhiana dá chineál a rachadh i ngleic leis an ghéarchéim airgeadais.
riocht na scéime the scheme as planned
" Bhí riocht na scéime ina chnámh spairne ag an am, agus is cosúil anois go raibh an ceart acu siúd a chuir in aghaidh an leagain amach a mhol agus a chruthaigh McCreevy.
togra treorach a pilot scheme
" D’fhógair Príomh-Aire na hAstráile, Kevin Rudd, i mí Lúnasa anuraidh go gcuirfear tús le togra treorach, ar a dtugtar an Pacific Islands Guest Worker Scheme (PIGWS).
togra scheme
" Níl san airgead ar ais, ámh, ach airgead infheistíochta an dara scata d’infheisteoirí a thiocfas sna sála ar an gcéad dream tar éis dóibh iomrá a chloisteáil go bhfuil airgead mór sa togra.
thit an scéim as a chéile the scheme fell apart
" Ba mhilliúnaí an t-Uasal Ponzi faoin am ar thit an scéim as a chéile.
togra scheme
" “Ní raibh siad in ann teacht ar pháistí go leor chun an naíscoil a bhunú i Londain” dúirt Mícheál Ó Duibh, ó Chomhairle na Gaelscolaíochta sa Tuaisceart, a thug cabhair don togra.
beartais schemes
" Plean oibre cuimsitheach a bheas anseo do chur chun cinn na Gaeilge ar fud na tíre sa fiche bliain atá le teacht chomh maith le beartais lena chinntiú go mairfidh an Ghaeilge mar theanga bheo pobail sa Ghaeltacht.
plean spreagtha an incentive scheme
" Agus na rudaí seo ar siúl, mhol Obama plean spreagtha don tír a chosnódh an rialtas $787 mbilliún dollar.
Scéim Bharántas na mBanc the Bank Guarantee Scheme
" I léacht a thug an Dr Eoin O Malley as Ollscoil Chathair Átha Cliath chuig comhdháil i gColáiste na Tríonóide ar na mallaibh faoin teideal *Are Our Institutions Fit for Purpose? Political Reform in the Republic of Ireland*, chuir sé Acht na dTeangacha Oifigiúla ar aon leibhéal leis na hinnill vótála leictreonacha agus Scéim Bharántas na mBanc.
Deontasaíocht grant schemes
" An Deontasaíocht agus Saíocht an Deontais Balor: Maith go leor.
Scéim Trádála Astaíochtaí Emissions Trading Scheme
" Ní raibh ach mórábhar amháin i mbéal an phobail san Astráil agus sinn ag druidim le deireadh na bliana: an Scéim Trádála Astaíochtaí (STA).
beartaíocht airgeadais financial scheming
" Ainneoin cóir na gaoithe a bheith le Fianna Fáil sna pobalbhreitheanna le fada an lá, tosaíonn an tóin ag titim as a bhfeachtas nuair a thagann líomhaintí chun solais maidir le beartaíocht airgeadais an Taoisigh, Bertie Ahern, agus an teach a cheannaigh sé i nDroim Conrach ón fhear ghnó as Manchain, Michael Wall.
togra scheme
" Chuir an rialtas náisiúnta togra nua i bhfeidhm le cearta uiscithe a cheannach ar ais ó fheirmeoirí na habhantraí, agus soláthraíodh cúrsaí oiliúna dóibh siúd a thréig an talamh le scileanna nua a fhoghlaim.
scéim a riaradh to administer the scheme
" Ceaptar go gcosnaíonn sé thart ar €300,000 eile an scéim a riaradh, idir thuarastal agus chostais taistil na gcigirí, a bhíonn ag taisteal thart ar scoileanna ar fud na Gaeltachta ar feadh cúpla mí den bhliain le tástáil a dhéanamh féachtaint an bhfuil “an líofacht nádúrach” ag gasúir na dteaghlach, a bhfuil iarratas déanta faoin scéim.
aidhm na scéime the aim of the scheme
" Shíl siad gurb é a bhí sa scéim ná *“income support to Irish-speaking households in Gaeltacht areas”* agus gurb é aidhm na scéime *“to incentivise inhabitants to remain in Gaeltacht areas”*.
scéim thacaíochta do theaghlaigh household assistance scheme
" Ar na mallaibh, fosta, sheol an tAire Donncha Mac Fhionnlaoich an scéim pleanála teanga don Ghaeltacht chomh maith le scéim thacaíochta do theaghlaigh.
tionscnamh scheme
" Is é seo an tríú tionscnamh den saghas seo a eagraíodh sa tír sin ó 2003.
a chur ar an eolas faoin tionscnamh to make aware of the scheme
" Chomh maith leis sin, cuireadh feachtas fógraíochta ar siúl chun an méid duine ba mhó ab fhéidir a chur ar an eolas faoin tionscnamh.
thogra scheme
" Anois, níl mé ach ag scriobh ar an bhlag, de réir mar a thograím agus freagraím ríomhphoist faoin bhlag, fosta.
An Clár Tacaíochta Teaghlaigh the family support scheme
" An Clár Tacaíochta Teaghlaigh: ============= Ar an gcéad dul síos bhí an tAire Stáit tagtha inár láthair chun An Clár Tacaíochta Teaghlaigh, a bheadh ag tíocht i gcomharbacht ar Scéim Labhairt na Gaeilge a fhógairt.
chosnódh a leithéid de scéim would such a scheme cost
" 2m in aghaidh na bliana a chosnódh a leithéid de scéim, dá gcuirfí €60,000 ar an meán ar fáil do 20 choláiste tríú leibhéal.
le scéim idirchultúrtha a chur ar bun to start an intercultural scheme
" B’fhéidir gurbh fhiú toscaireacht a chur anonn ann le scéim idirchultúrtha a chur ar bun.
scéim sár-rúnda a very secretive scheme
" An lá dár gcionn, le heolas ó Snowden, d'fhoilsigh an Guardian eolas faoi PRISM, scéim sár-rúnda, ina mbailíonn an NSA eolas go díreach ó fhreastalaithe *Google, Yahoo, Apple, Facebook, Youtube, Skype, agus Microsoft* (agus comhlachtaí eile, go cinnte).
gur teip iomlán a bhí sa seanscéim that the old scheme was a complete failure
" Ach dúirt Aire na Gaeltachta, Dinny McGinley, gur teip iomlán a bhí sa seanscéim agus go mbeadh seirbhís Ghaeilge níos fearr ag an phobal anois mar go mbeadh Gaeilge ag 6% ar a laghad do státsheirbhísigh úra.
Scéim Dhreasachta Coigiltis Special Savings Incentive Scheme
" Creideann Ciarán Mac an Bhaird gur fiú go mór an deis a thapú atá curtha ar fáil ag an rialtas leis an Scéim Dhreasachta Coigiltis.