Bhí domhan eile ar fad le feiscint thíos faoin uisce: dathanna iontacha an choiréil, an t-iasc ildaite, beag agus mór, agus fiú corrshiorc sceire ag snámh tharam.
Glacaim leis go raibh na damháin alla fós thart ach ní fhaca mise iad agus, mar sin, ba chuma liom! Chaith mé lá amuigh ar an Mórsceir Bhacainneach, ceann de sheacht n-iontas nádúrtha na cruinne.
Cuireann líon na mbád a théann timpeall ar Oileáin Whitsundays gach lá an-bhrú ar an sceir agus ar bheatha na mara, cúis imní agus rud atá le feiceáil in Cairns freisin.
Níl mé ag caint faoi lámhdhéantúsáin ó chathair bháite Atlantis, Uí Bhreasaíl nó faoi radharc as an chéad sraith eile de na Pirates of the Caribbean, ach ar thionscadal atá ar bun ag an dealbhóir timpeallachta Jason de Caires Taylor, atá dírithe ar aird a tharraingt ar sceireanna coiréil an domhain agus ar chuidiú le timpeallacht na sceire a shábháil.
Tháinig Aoife Uí Fhaoláin agus a fear céile ar mhodh aoibhinn éasca le Sceir Mhór na hAstráile a shiúl gan tinneas farraige: ar bord an mhuireitleáin, nó an bád aeir.