Seo mar a tharla: ar dtús cheannaigh mé luach fiche million de
scaireanna i do pháipéar nuachta féin – Beo Ar Éigean! Theastaigh uaim tacaíocht a thabhairt duitse go pearsanta mar scríbhneoir den scoth, agus bhí mé ag iarraidh tacaíocht a thabhairt fosta do na hiriseoirí bochta a bhíonn ag streachailt le ceird na scríbhneoireachta, leithéidí Bhreandán Delapdancer agus Cholm Mhic Seilide.