Nuair a d’fhógair an comhlacht Total, a raibh brabach €14 billiún aige in 2008, go raibh sé i gceist fáil réidh le níos mó ná 500 post sna
scaglanna ola atá acu sa Fhrainc, thug an tAire Stáit i Roinn na Fostaíochta, Laurent Wauquiez, le fios gur mhór an oilbhéim a leithéid de chinneadh agus gur cheart do Total dearcadh níos freagraí a ghlacadh i leith na n-oibrithe a raibh a gcuid postanna faoi bhagairt.