eacnamaíocht an tsaormhargaidhfree-market economics
Is Coimeádach é, ar ndóigh, agus oifigeach in arm Shasana fosta - an sórt duine a thug tacaíocht do Margaret Thatcher nuair a bhí sí ag moladh eacnamaíocht an tsaormhargaidh agus ag argóint in aghaidh idirghabháil an stáit nuair a bhí gnólacht ar bith i dtrioblóid.
Agus daoine ag cailleadh postanna ar fud na tíre, a gcuid pinsin ar neamhní, agus tithe á gcoigistiú i ngach cearn, is beag fonn atá ar dhaoine éisteacht anois le daoine a déarfas leo nach bhfuil sa chúlú seo ach eatramh, agus gur cheart dóibh brath ar an saormhargadh.
Ar ndóigh, is maith an rud é an saormhargadh do rudaí áirithe: eitiltí, éadaí, agus earraí leictreonacha, fágaim, ach níltear róchinnte in aon chor ar cheart cead a chinn a thabhairt don saormhargadh i gcúrsaí sláinte, oideachais, nó príosúntachta.
codanna d'fhealsúnacht an tsaormhargaidhbits of free-market philosophy
An Chuach sa Nead Poblachtach
============
Scríobh mé cheana faoin Tea Party, scata gníomhairí polaitíochta ar an eite dheis a mheascann codanna d'fhealsúnacht an tsaormhargaidh, na náisiúntachta, agus an choimeádachais le chéile chun gluaiseacht trastíre a chruthú a bhfuil an-tionchar á imirt aige ar ghnóthaí polaitíochta na Stát Aontaithe.