"Mo shoraidh céad slán le mí dhéistineach shamhnasach mhúisciúil mhasmasach na Bealtaine," a ghuíonn Balor, Saoi na Scríbhneoireachta, Laoch na Litríochta.
Níl mo Shúil Nimhne sách nimhiúil ar na saolta deireanacha seo, dar leis! Bhuel, tchífidh muid!” agus scaoil sé broim mhór fhada dhéistineach shamhnasach shásúil a bhain croitheadh as tithe na gcomharsan le cúpla míle thart ar an phluais.
“Tá rún agam éirí as an phost seo le Beo Ar Éigean!” a dúirt Balor an Bligeard os ard le haer cumhra na pluaise, “agus sin céad rún na bliana úire seo!” Ansin scaoil sé broim mhór fhada dhéistineach shamhnasach shásúil, agus chinn sé ar chúpla rud a scríobh faoi na rúin a bhíonn aige féin agus ag daoine eile.