Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Slánaithe redemption, salvation
" Má fhillim ar an óstán seo i gceann deich mbliana, áfach, agus má fheicim mo dhuine romham, an mbeidh sé gafa? An mbeidh lúidín a choise ag corraíl oiread na fríde? Agus cad a imeoidh ar na striapacha nuair a thógfaidh cailíní níos óige a n-áit? Caithfidh mé teacht ar ais anseo lá níos faide anonn i mo choirnéal in Arm an tSlánaithe dom.
d'Arm an tSlánaithe the Salvation Army
" Nuair a chuala muintir na hIndia go rabhamar ag dul chun na Seapáine bhí alltacht orthu - itheann na Seapánaigh an *naga*, an nathair dhiaga! Timpeall an chúinne uainn tá brainse d'Arm an tSlánaithe, an t-arm is fearr a tháinig riamh as an mBreatain.
tarrthála salvation, saving
" Is sa chomhthéacs seo a chaithfidh an Rialtas, agus go háirithe an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, a straitéis fiche bliain don Ghaeilge agus plean tarrthála na Gaeltachta a chur i láthair an phobail.
slánú stáit salvation of a state
" É ag díol as peacaí a shinsir sa Roinn i dtaobh an socrú de €128m a rinne a réamhthachta sa Roinn, an Dr Michael Woods, leis na hOird Eaglasta agus slánú stáit á thiomnú orthu.
slánú an duine the salvation of man
" Scríobh an socheolaí, Marc Augé, ina leabhar 'Éloge de la bicyclette' gurbh é an rothar slánú an duine san aois úr seo.
slánú anama salvation
" Is scannán ar ardchaighdeán cineamatagrafaíochta é Na Cloigne a dhéanann scagadh ar théamaí uilíocha; éad, achrann teaghlaigh, slánú anama, agus tugann sé dá réir spléachadh dúinn ar an taobh dorcha den chine daonna.
shlánú salvation
" Socrú maith a bhí ann do ghnó Houlding, ach ba dhrochrud do shlánú agus do shláinte na n-imreoirí agus dá lucht tacaíochta.
shlánú na teangan the salvation of the language
" I ndeireadh ama, áfach, tá dúshraith mhaith leagtha síos ins an Straitéis mar léarscáil an bhealaigh do shlánú na teangan.
mbrú Arm an tSlánaithe the Salvation Army hostel
" Nuair a tháinig muid anseo i dtús ama, bhí lóistín oíche curtha in áirithe don triúr againn i mbrú Arm an tSlánaithe, ach bhí an Rialtas den bharúil go mbeadh Eaglais na hÉireann buartha go mbeadh na Caitlicigh curtha as.
comhábhair na fuascailte the ingredients for salvation
" Téann siad i mbun oibre láithreach agus le cabhair roinnt cairde, idir bheag is mhór, éiríonn leo comhábhair na fuascailte a bhailiú agus an tír a tharrtháil.
comhábhair na fuascailte the ingredients for salvation
" Téann siad i mbun oibre láithreach agus le cabhair roinnt cairde, idir bheag is mhór, éiríonn leo comhábhair na fuascailte a bhailiú agus an tír a tharrtháil.
turas le taisteal chun slánaithe a journey to be travelled to salvation
" Sásaíonn sé bunéilimh uile an genré agus na luacha a ghabhann leis: tá éagóir le cur ina ceart, fear cruaidh onórach (Tommy Lee), agus turas le taisteal chun slánaithe.
ag déanamh a n-anamacha for the salvation of their souls
" Is minic agus is fada Gaeil ag tarraingt ar an Róimh ag déanamh a n-anamacha, mar is léir ón rann seo ó ré luath na Críostaíochta: Dul don Róimh, mór saothar, beag tairbhe; an rí a iarrann tú i bhfus, mur’ dtug tú leat, ní bhfaighir.
Ualach na Tarrthála ar an Iar-Cheann Feadhna the responsibility of salvation on the ex-captain
" Ualach na Tarrthála ar an Iar-Cheann Feadhna ======================= Cad ba shiocair le hiompar gan choinne Uí Dhrisceoil? Ní mór a rá ar dtús nach cóir aon leithscéal a dhéanamh ar a shon, ach is féidir tosca áirithe a chur san áireamh má tá míniú ag teastáil ar a iompar neamhghnáthach.
Arm an tSlánaithe san áireamh the salvation army included
" 
Bhí sé ag caint ar Good Morning Ulster agus chuir sé síos ar an oíche a chaith sé i gcuideachta eagraíochtaí carthanachta, Arm an tSlánaithe san áireamh.
d’Ord na Slánaitheoirí dá bharr to the Salvation Order as a result
" Fuair an Rianach bás sa bhliain 1871 ach ní raibh sliocht ar a shliocht agus tugadh Galong d’Ord na Slánaitheoirí dá bharr.
Arm an tSlánaithe the Salvation Army
" B’fhéidir gur mó an sásamh a bhainfimis as ár gcuid ama a thairiscint do chumainn ar nós an Simon Community, Cumann Uinsionn de Pól nó Arm an tSlánaithe.
shlánú receive salvation
" Tá Balor na Súile Nimhe i mbun na hIriseoireachta Robinsonaí arís, ag meabhrú di, agus don Phápa, a bhfuil sa Sean-Tiomna agus leorghníomh a dhéanamh mar a bhfuil molta do na fíréin len iad féin a shlánú.