dhíoltóirí carranna athláimhesecond-hand car salesmen
Más fíor do na suirbhéanna faoi dhearcadh na nAstrálach i leith na ngairmeacha éagsúla – a fhoilsítear sna meáin abhus go rialta – tá drochmheas ag muintir na tíre seo ar pholaiteoirí, mar atá acu ar dhlíodóirí, ar dhíoltóirí carranna athláimhe agus, sa lá atá inniu ann, ar lucht na teileamhargaíochta.
Seachain an fear díolacháin
In agallamh ar theilifís Astrálach i mí Lúnasa, 2001, mí roimh 9/11, dúirt Richard Perle, a bhí ina chathaoirleach ar an mBord Polasaí um Chosaint ag an am, go raibh SAM buartha faoi trí thír: na tíortha céanna a d’ainmnigh Bush mar “ais an oilc” bliain ina dhiaidh sin.