Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ar a dtuarastal amháin on their salary alone
" Tarlaíonn sé seo go rialta, áfach, agus deir na Cúbaigh nach bhfuil an dara rogha acu mar nach féidir leo a bheith beo ar a dtuarastal amháin ($10 Meiriceánach sa mhí ar an mheán).
tuarastal salary
" Is é sin, dá mhéad oideachas a bhíonn ag duine, is airde a bheidh tuarastal an duine sin thar a s(h)aol.
tuarastal salary
" An mbeadh cluichí iontacha againn seachtain i ndiaidh seachtaine agus luas agus aclaíocht dhochreidte agus scil dhosháraithe á léiriú ag imreoirí ó cheann ceann na tíre? Nó an mbeadh imreoirí ag cur chuige leis an díograis agus an paisean céanna is a léiríonn siad faoi láthair, ag cur san áireamh dá mbeidís gortaithe go gcaillfidís amach ó thaobh airgid de an tseachtain dár gcionn? An Cumann féin ======= Ceist eile a éiríonn as an bplé seo ná cén difríocht a dhéanfadh sé don Chumann Lúthchleas Gael ar fud na tíre dá mbeadh an t-airgead a théann isteach i gcistí éagsúla de ghnáth á úsáid chun tuarastal a íoc leis na himreoirí idirchontae? An mbeadh clubanna agus scoileanna thíos leis? An mbeadh fir agus mná sásta a gcuid ama a chaitheamh saor in aisce ag traenáil daoine óga agus á dtabhairt chuig cluichí dá mbeadh imreoirí ag fáil íocaíochta ag an am céanna? An mbeadh an lucht leanúna ann seachtain i ndiaidh seachtaine, sásta taisteal ar fud na tíre chun tacaíocht a thabhairt do na foirne, go mórmhór dá mbeadh siad ag cailliúint cluichí go rialta? Tá na ceisteanna seo agus tuilleadh bainteach leis an ábhar agus is cinnte go mbeadh athrú ar an gCumann Lúthchleas Gael dá dtiocfadh an ghairmiúlacht i bhfeidhm.
tuarastail salaries
" Bíonn caint go minic na laethanta seo faoi na tuarastail arda a fhaigheann na dochtúirí comhairleacha, go háirithe nuair a bhíonn am saor acu le freastal ar chliaint phríobháideacha agus na cliaint phoiblí fágtha i scuainí, gan cóir leighis ar feadh na míonna nó na mblianta.
tuarastal rialta regular salary
" In ainneoin go raibh sé deas tuarastal rialta a bheith aici bhí an glao róláidir agus b'éigean di pilleadh ar ais ar shaol na healaíne.
tuarastal salaries
" Ciallaíonn sé sin go mbímid ag íoc tuarastal le múinteoirí i scoileanna, nó b'fhéidir ag aimsiú suímh do scoil nó ag tabhairt deontas do dhreamanna atá ag cabhrú le Gaelscoileanna.
tuarastal salaries
" Ciallaíonn sé sin go mbímid ag íoc tuarastal le múinteoirí i scoileanna, nó b'fhéidir ag aimsiú suímh do scoil nó ag tabhairt deontas do dhreamanna atá ag cabhrú le Gaelscoileanna.
tuarastal salary
" Tugadh teach i dtuaisceart Bhéal Feirste dó, ach ní raibh tuarastal ar bith aige.
tuarastail salary
" Ó thaobh pá is tuarastail de, caitear sa tslí chéanna leo is a chaitear leis na comhlachtaí ollmhóra a bhfuil na billiúin euro acu.
thuarastal salary
" Cén maoiniú a fhaigheann sibh ón gcoláiste agus ón stát gach bliain? An leor é mar dheontas? Tá conradh léachtóra agam féin agus tagann leath de mo thuarastal as láracmhainní na hOllscoile agus an leath eile ó Choláiste na nDaonnachtaí (allúntas foirne Roinn na dTeangacha agus an Léinn Chultúir).
ardú tuarastail salary increase
" Ní hea! Ní bhfuair sé ardú tuarastail! Is ar éigean a fhaigheann sé tuarastal ar bith ón eagarthóir, Ó Doornail, gan trácht ar ardú.
deontas tuarastal salaries grant
" An bhfaigheann sibh maoiniú ar bith ón stát? Má fhaigheann, an leor é mar dheontas? Fuair muid deontas tuarastal ó Fhoras na Gaeilge ar feadh tréimhse bliana go dtí Iúil 2003 ach tá ár n-iarratas don chéad bhliain eile diúltaithe acu, mar sin níl a fhios againn cad é atá i ndán dúinn anois.
tuarastal salary
" Ach, go traidisiúnta, is fearr leis na Spáinnigh, dála na nÉireannach, a dteach féin a bheith acu in ionad cíos a íoc gach mí, fiú má tá sé fíordheacair morgáiste mór millteach a aisíoc leis an tuarastal atá acu.
tuarastal salary
" Ní íoctar tuarastal leo agus an dream atá an-dáiríre faoi imirt dá gcontae, níl sa ghnáthsheachtain acu ach obair nó staidéar, traenáil, scíth, ithe (biachlár speisialta acu) agus imirt.
íoctar tuarastal an-mhaith leis he is paid a very good salary
" Pé scéal é, is fear saibhir é an bainisteoir céanna mar íoctar tuarastal an-mhaith leis de réir mar a thuigim, i bhfad níos mó ná mar a thuilleann múinteoir, cuir i gcás, dá fheabhas é.
tuarastal salary
" Chuir feisirí s'acu a dtuarastal isteach sa pháirtí agus tugadh liúntais mhaireachtála ar ais dóibh.
thuarastal salary
" Ciallaíonn sin go rachadh sé deacair fiú ar fhear nó ar bhean óg ar thuarastal €60,000 morgáiste cuí d'fháil dá leithéid.
tuarastal bainisteora a manager's salary
" Cad iad na foinsí maoinithe atá ag CBT? An leor iad? Tugann Foras na Gaeilge tacaíocht fhial dúinn chun cíos na hoifige agus tuarastal bainisteora a íoc ar bhonn bliantúil, móide méid áirithe i dtreo costaisí reatha.
tuarastail salaries
" Go hiorónta, bíonn na bainisteoirí céanna de shíor ag gearán faoi chostas na hoibre (tuarastail, árachas sláinte, srl) a bheith i bhfad ró-ard sa nGearmáin agus iad ag bagairt go n-aistreoidh siad go Poblacht na Seice nó áit ar bith eile a mbeidh an obair níos saoire - rud atá á dhéanamh acu go fonnmhar le blianta beaga anuas.
thuarastal salary
" DENIS: An bhfuil cúpla punt le spáráil agat? MÁNAS: A Dhia! DENIS: Arú, *sub *beag roimh mo thuarastal.
tuarastal salary
" Chlúdaigh an t-airgead seo tuarastal an fheidhmeannaigh ach ní raibh mórán fágtha le costais a ghlanadh.
tuarastal salary
" Dáiríre is mionlach iad na himreoirí i gclub mór ar nós Man United ach, dar ndóigh, tá tuarastal mór acu.
tuarastal salary
" Sna seascaidí, fuair mé an méid creidmheasa a bhí de dhíth chun post múinteoireachta a fháil ach bhí an tuarastal ró-íseal i gcomparáid leis an tuarastal a bhí agam sa bhanc.
cé is móite don tuarastal apart from the salary
" Ach, go bunúsach, ciallaíonn sé go bhfuil an dá mhilliún déag go leith punt ag dul ar chláir agus ar thraenáil, cé is móite don tuarastal don bheirt againne atá ag obair don Chiste.
tuarastail salaries
" Tá costaisí arda againn ar ndóigh, tuarastail ach go háirithe.
thuarastail ísle low salaries
" Beidh na mílte Polannach ag teacht go hÉirinn chun buntáiste a ghlacadh as na jabanna ar thuarastail ísle, agus na mílte Éireannach ag tarraingt ar an Pholainn chun buntáiste a ghlacadh as na hearraí ar phraghsanna ísle.
tuarastal ollmhór a bhronnadh orthu féin to award themselves a massive salary
" Mar sin, bhí siad ábalta tuarastal ollmhór a bhronnadh orthu féin ach bhí orainne, na múinteoirí, conradh nua a shíníú agus glacadh le laghdú inár bpá agus inár laethanta saoire agus méadú ar ár gcuid uaireanta teagaisc.
tuarastal ollmhór huge salary
" I gcás an triúir sin, mothaíonn tú go bhfuil siad ag spreagadh an chuid eile den fhoireann a míle dícheall a dhéanamh i gcónaí agus go bhfuil siad ag imirt sacair ar son a muintire féin, seachas don tuarastal ollmhór a fhaigheann imreoirí sacair sa lá atá inniu ann.
thuarastal salary
" Ar an scéalta a bhaineann leis an bPápa agus KUL, táthar an-cheanúil ar cheann faoina thuarastal ollscoile bheith á thabhairt ag Karol Wojtyla do mhic léinn a bhí ar bheagán slí.
tuarastal salary
" Maidir le tuarastal an stiúrthóra nua, deir Pádraig Ó Dálaigh ó Pháirc an Chrócaigh nach mbeidh sé leath chomh hard is atá na ráflaí a thuar.
thuarastal salary
" Ar an scéalta a bhaineann leis an bPápa agus KUL, táthar an-cheanúil ar cheann faoina thuarastal ollscoile bheith á thabhairt ag Karol Wojtyla do mhic léinn a bhí ar bheagán slí.
tuarastal salary
" Beidh tuarastal de bhreis is $20,000 (€12,500) sa mí acu agus costais bhreise i gcomhair taistil ar fud an toghlaigh.
tuarastal salary
" D’íoc bunadh na háite tuarastal Mhíchíl Uí Dhubhshláine go dtí Aibreán na bliana 1973, go dtí gur chinn an comhrialtas nua a tháinig i gcumhacht ar chinneadh na Roinne Oideachais a mhalartú.
do thuarastail, do shuímh, do bhotháin for salaries, for sites, for pre-fabs
" Cad iad na foinsí maoinithe atá agaibh? An leor iad? Tá Iontaobhas na Gaelscolaíochta ann do na naíscoileanna agus do bhunscoileanna neamh-mhaoinithe, a chuireann airgead ar fáil do thuarastail, do shuímh, do bhotháin agus araile.
tuarastal salary
" Bhí sraithchomórtas náisiúnta ag feidhmiú ó 1876 amach agus fuair gach imreoir tuarastal.
tuarastal salary
" ” Post le Raidió na Gaeltachta Bhí fonn ar Ó Ciardha leanúint leis an obair acadúil ach deir sé nach raibh an tuarastal go maith, go háirithe don té a bhí ar tí pósadh agus clann a bheith aige.
tuarastal oibrithe san earnáil phoiblí. the salary of workers in the public sector.
" Tá an cineál seo córais i bhfeidhm in áiteanna ar nós na hEilvéise agus Mheiriceá, dhá áit ina socraíonn na húdaráis áitiúla íocaíochtaí leasa shóisialaigh, an pá íosta agus tuarastal oibrithe san earnáil phoiblí.
costais tuarastail a spáráil to spare salary costs
" Ní féidir le haerlíne iad a chur ag obair chun costais tuarastail a spáráil a thuilleadh.
seacht n-oiread tuarastail seven times as much salary
" Deir siad fosta go mbeidh siad ag súil lena seacht n-oiread tuarastail as bheith ar dualgas seacht lá na seachtaine, Lá Nollag san áireamh, ag cinntiú nach mbíonn barraíocht brú ar an cheoltóir cáiliúil balalaika, Johnnyeski Connolleski, a bheas ag tionlacan na ndamhsóirí.
tuarastal taighdeora a researcher's salary
" Fuarthas amach go raibh Paisley *père* ag íoc tuarastal taighdeora lena mhac, anuas ar an phá a bhí sé a fháil mar MLA agus mar Aire Rialtais.
an tuarastal the salary
" Sea, i bhfad uainn aithreacha Éireannacha na seanghnásanna, na laethanta sin nuair nach raibh le déanamh ag athair ach an tuarastal a chur ar an tábla gach Aoine agus aghaidh a thabhairt ar mhachairí fada an ghailf ag an deireadh seachtaine.
róthuarastail (on) excessive salary
" ar bun le glúin anuas, ón saoroideachas, ón luí le taighde agus teicneolaíocht, agus nílimid ach ina thús! Seo an t-am ag dream an róthuarastail, na Gerry Ryans go léir, a rá leis an chuid eile againn, an bhfuil siad le hÉire Inc.
thuarastail salaries
" Is iomaí cáineadh atá déanta go dtí seo ar thuarastail arda ár bpolaiteoirí ach tá sciar beag dóibh le moladh as ciorrú 10% a ghlacadh ina dteacht isteach bliantúil.
tuarastal salary
" Ní raibh aon bhitseachas go fóill, pé scéal é!” Ní bheadh aon chur ina choinne ag Étaoin tuarastal breá mór a thuilleamh as mainicíneacht a dhéanamh, ach rud amháin a ndéanfaidh sí deimhin de sula dtógfar aon chinneadh faoi thodhchaí den saghas sin ná a cuid oideachais a chríochnú.
thuarastal salary
" Iad siúd a chuireann an brú ar an chuid eile den chomh-aireacht chun cinneadh a dhéanamh deontas mór bliantúil a thabhairt dúinn chun Beo! a choinneáil ag gabháil agus chun do thuarastal a íoc, a Bhaloir an bhéil bhinn.
tuarastail wage, salary
" Níl aon chiall leis an ardleibhéal tuarastail atá á fháil ag na daoine a bhí i gceannas na mbanc agus na n-institiúidí airgeadais.
nOlltuarastal (of) astronomical salaries
" com/watch?v=9ZMQ8FfuSoc) Náire na nOlltuarastal Ar an gcaoi chéanna, níl aon chiall leis an airgead a íocann RTÉ le Pat Kenny, Ryan Tubridy, Seán O Rourke, Marian Finucane agus Joe Duffy.
Tuarastal salary
" --------------------Fógra:Cainteoirí céad teanga Gaeilge ag teastáil le deifir!Buntáistí: Tuarastal níos mó agus gach caidreamh dá fheabhas!Le haghaidh tuilleadh eolais:Ná glaoigh ar aon uimhir ach cuir ceist nó dhó ort féin.
thuarastal salary
" Tá Stiúrthóir ceaptha ar an Rannán ó shin ar thuarastal de idir €97,000 agus €120,000 mar aon le liúntas de €13,000.
tuarastal salary
" ” An tSeirbhís Phoiblí Díblithe ========== **Balor: “Cén sórt athruithe atá i gceist agat, a Thaoisigh?”** Enda: “Bhuel, diomaite de na teachtaí Dála, tá tuarastal i bhfad ró-ard ag lucht na seirbhíse poiblí.
thuarastal salaries
" Gan é ach cúpla seachtain san oifig, d'fhógair sé go ngearrfaí siar go mór ar thuarastal múinteoirí, agus go mbainfí an cead de na ceardchumainn idirbheartaíocht chomhargála a dhéanamh thar a gceann.
tuarastail agus deolaí salaries and perks
" Is leamh le haithris gurb é an chéad rud a rinne an rialtas úr tuarastail agus deolaí agus na n-airí a chiorrú.
tuarastal á íoc being paid a salary
" Roinnt á nÍoc agus Roinnt nach bhFuil ================== Cad iad na pointí argóna atá ar son íocaíochtaí a thabhairt do bhainisteoirí? Luaiteoir go minic go bhfuil go leor daoine fostaithe agus tuarastal á íoc le fada ag an gCumann Lúthchleas Gael chun na cluichí a chur chun cinn.
idir thuarastal agus chostais taistil salaries and travel costs included
" Ceaptar go gcosnaíonn sé thart ar €300,000 eile an scéim a riaradh, idir thuarastal agus chostais taistil na gcigirí, a bhíonn ag taisteal thart ar scoileanna ar fud na Gaeltachta ar feadh cúpla mí den bhliain le tástáil a dhéanamh féachtaint an bhfuil “an líofacht nádúrach” ag gasúir na dteaghlach, a bhfuil iarratas déanta faoin scéim.
tuarastal salary
" Caithfear a rá leo chomh maith go bhfuil coinníollacha oibre an-mhaith ag meánmhúinteoirí na hÉireann i gcomórtas lena gcomhleacaithe i dtíortha eile na hEorpa - laethe saoire fada, tuarastal agus pinsean maith agus córas cigireachta fíorbhog lena gcois.
tuarastail salaries
" Ní thiocfadh leis an eagras é féin a scor mar bhí tuarastail mhóra agus tábhacht nach beag bainte amach ag bainistíocht an mhaorlathais.
na tuarastail a dhíol pay the salaries
" Mar a dúirt mé, tá ár lámh i mbéal an mhadaidh mar go bhfuilimid ag brath ar an Eoraip agus ar an CAI ó mhí go mí an t-airgead a thabhairt dúinn na seirbhísí riachtanacha a choinneáil ag dul, na tuarastail a dhíol do na haltraí, do mhúinteoirí, do ghardaí, do shaighdiúirí, do sheirbhísí poiblí agus, ach amháin go bhfuilimid ag fáil an airgid sin, b’fhéidir go mbeas muid cosúil leis an Ghréig.
tuarastail thar cuimse enormous salaries
" Cloistear chuile lá faoi na tuarastail thar cuimse atá á bhfáil ag na daoine ar bharr an státchórais: na stáitseirbhísí is airde, na polaiteoirí, na breithimh, na comhairleoirí leighis sna hotharlanna, lucht ceannais na n-eagraíochtaí stáit, na habhcóidí a bhí agus atá ag obair ar na binsí fiosraithe éagsúla.
thuarastal salary
" Fógróidh Pat Kenny go bhfuil sé chun cuid dá thuarastal mór a chaitheamh ar cheachtanna Gaeilge agus ar thrí mhí sa Ghaeltacht.
tuarastal salary
" Is féidir leis na himreoirí is fearr ar domhan tuarastal maith a shaothrú ó imirt cluichí ag an léibhéal seo, idir dhuaiseanna agus urraíocht.
thuarastail nár íocadh unpaid salaries
" Tá agóid ar bun le cúpla mí anuas idir an dream a bhíonn ag obair ann agus lucht bainistíochta an túir, mar gheall ar thuarastail nár íocadh agus laghduithe ar thuarastail a bheas le n-íoc.
laghduithe ar thuarastail cuts in salaries
" Tá agóid ar bun le cúpla mí anuas idir an dream a bhíonn ag obair ann agus lucht bainistíochta an túir, mar gheall ar thuarastail nár íocadh agus laghduithe ar thuarastail a bheas le n-íoc.
caidé an tuarastal what salary
" Tá mé chun rith síos go dtí an bhialann Iodálach ar an choirnéal… Ceist Neafaiseach go Maith ======= **Balor: Ní maith liom cur isteach ort, a Richie, agus tú faoi lán seoil, ach ní miste dom ceist bheag bhídeach a chur ort: caidé an tuarastal atá agat féin, nuair a chuireann tú na dúthrachta airgid san áireamh?** Richie: Arú, a Bhaloir, dúirt tú nach gcuirfeá an cheist sin orm.
tuarastail mhaithe good salaries
" Bhí an-tóir orthu nuair a bhí mé ag obair in earcaíocht mhéarach agus tuarastail mhaithe ag gabháil leis na postanna, sinsear agus sóisear.
tuarastal bliantúil an annual salary
" Agus ar deireadh thiar thall an mbainfeadh an riail seo amach an aidhm atá léi, mar atá, líon na n-inimirceach atá ag cur fúthu sa Bhreatain go neamhdhleathach a laghdú? Beartais Imirce a Scarann Teaghlaigh ================= Tá riail eile i bhfeidhm sa Bhreatain, ó mhí Iúil na bliana seo caite, nach ligeann do shaoránach Briotanach páirtí ó thír lasmuigh den Aontas Eorpach a thabhairt chun cónaí sa Bhreatain, mura bhfuil tuarastal bliantúil £18,600 ar a laghad ag an saoránach sin.
na tuarastail arda sin those high salaries
" Ní féidir leo éalú ó thaibhse anróiteach Jimmy Saville, agus fiú dá bhféadfaidís, seasann na tuarastail arda sin don bhainistíocht os a gcomhair amach freisin.
thall sa mBrúiséil ar pá ard over in Brussels on big salary/ies
" (An bhfuil aon seans ann gurb é is cúis leis an easpa dlí-aistritheoirí oilte sa tír seo, go bhfuil siad thall sa mBrúiséil ar pá ard agus ar cáin íseal?) Is anseo sa mbaile a theastaíonn na aistritheoirí maithe le scoth na Gaeilge, ní sa mBruiséil ag cur a gcuid cumais agus a gcuid scileanna amú.
bhí tuarastail na n-airí rialtais gearrtha acu they’d cut the government ministers’ salaries
" Cén fáth mar sin a fuair an rialtas seo an leadradh a fuair siad? Chuir an rialtas seo tús maith leis an obair – faoi cheann céad lá bhí tuarastail na n-airí rialtais gearrtha acu, bhí reifreann fógartha ar thuarastail na mbreithiúna, agus bhí an ráta íosphá ardaithe acu ar ais go dtí an luach ag a mbíodh sé sular ghearr rialtas Cowen é.
thuarastal iomlán his full salary
" Tá Ming ag diúltú glacadh lena thuarastal iomlán €92,672 (nó €87,258 inniu Bealtaine 2014).
ar an leath-thuarastal on a half salary
" Tá an t-uasal Ming ar an leath-thuarastal (€46,336 nó €43, 629) le trí bliana go leith, nó mar sin, faoin am seo.
an leath eile dá thuarastal the other half of his salary
" Ní fhágfaidh sé an leath eile dá thuarastal ag an stát, ar eagla go mbeadh an stát ‘dhá shíobadh isteach sna bancanna’ (nó dhá ‘chaidéalú’ isteach sna bancanna mar a mhaígh sé i mBéarla)! Ina áit sin, roinneann sé ar ‘thionscadail áitiúla’ é.
ag saothrú tuarastail aird earning high salaries
" De réir cinntí an Ollaimh, beidh an cháinaisnéis níos déine ar dhaoine ar leas sóisialach ná orthu siúd atá ag saothrú tuarastail aird.
An Dá Thuarastal the two salaries
" An Dá Thuarastal ======= **Balor: An raibh tú trí chéile nuair a bhí gach duine ag tabhairt amach faoi do cheapachán, a Aire?** Mac Guí: Trí chéile? Ba mhaith liom seo a chur ar an cheirnín: níl ach céile amháin agam, a Bhaloir, agus tá sise TD fosta.
tuarastail is airde highest salaries
" Tuigeann Beairic mar a thuigeann Balor gur in Éirinn na ndaoine glasa agus na lúchorpán a roinntear go fial na tuarastail is airde.