Ní hionadh mar sin gurb é an íomhá atá á dhíol ag IDA Ireland le hinfheisteoirí idirnáisiúnta ná cruthaitheacht, samhlaíocht agus solúbacht mhuintir na Éireann i mbun fiontar núalaíoch atá fréamhaithe sa tsainiúlacht.
thábhacht na sainiúlachtathe importance of distinctiveness
I bhFóram Eacnamaíoch Éireannaigh an Domhain i mbliana cuireadh breis béime aríst ar thábhacht na sainiúlachta i dtaobh oidhreacht chultúr na hÉireann d’fhonn ratha i ngnó idirnáisiúnta a chothú agus a chur chun cinn.
Bíonn ceisteanna faoinár sainiúlacht ag luí go trom ar ár n-intinn in achan phlé a dhéantar ins an tír seo ar chúrsaí cultúir, staire, polaitíochta, spóirt agus socheolaíochta.