*
**Balor:** Mura bhfuair sibh ach roinnt de na gnáthfhocail chaidrimh Éireannacha i nDáil Éireann, cá háit a bhfuair sibh an chuid eile?
**CD:** Bhuel, a Bhaloir, ar dtús thosaigh muid ag póirseáil fríd do chuid altanna ar *Beo Ar Éigean*, féachaint an dtiocfadh linn rud éigin a fháil le rá faoin tráth seo den bhliain, an t-earrach, agus d’fhoghlaim muid a leithéid is “Cuireann lus an chromchinn preab i mo chroí; cuireann an sabhaircín dinglis ar mo chraiceann; cuireann an t
sailchearnach an suán ag sciurdadh fríd mo chuid féitheog ó na ladhracha aníos.