Ba mhaith liom fáil amach, ní hamháin faoin díograis chreidimh agus pholaitiúil, ach
faoin tsíceolaíocht a spreag cuid de na huafáis a raibh sé páirteach iontu agus daoine á ngríosú aige le máirseáil trí áiteanna nach raibh fáilte rompu – agus tá muid ag caint ar thríocha bliain roimh ghéarchéimeanna Bhóthar Gharbh Achaidh! Dá bhfeicfeadh sé toradh a chuid saothair, an ndéanfadh sé gach rud mar a rinne?Ar an drochuair, ní bheidh an tOirmhinneach ag plé le ceisteanna tábhachtacha den chineál seo sa leabhar; beidh sé ag díriú ar na cúig bliana a chaith sé ag teacht isteach ón fhuacht.