Deir Uachtarán Shinn Féin gur beag ról a d’imir Liam Adams i gcúrsaí an pháirtí i nDún Dealgan agus gur chuir sé cosc ar a dheartháir seasamh don pháirtí in olltoghchán 1997, ach tá sé sin
séanta ag Fra Browne agus Owen Hanratty (a fuair an t-ainmniúchán), beirt a d’fhág Sinn Fein i 1997 i ndiaidh don pháirtí glacadh le Prionsabail Mitchell, “socrú inmheánach atá in éadan bhunreacht an pháirtí” dar le Browne.