Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
siocair sprionga meirgeach ar an phioga because of a rusty spring on the peg
" ) Is minic a bhí spota buí ar mo dhrár féin - é ann siocair sprionga meirgeach ar an phioga lenar cheangail mé mo dhrár úr-nite ar líne an níocháin.
an sean-nath meirgeach the rusty old saying
" "Mura mbeifeá ag gáire, bheifeá ag caoineadh" an sean-nath meirgeach.
meirgeach rusty
" Chuaigh mé thart ar go leor cairteacha dramhaíola eile, chuardaigh i bhfoirgnimh thréigthe, cúl-lánaí agus a leithéid, boscaí carntha os cionn a chéile taobh thiar de shiopaí agus rinne mé taiscéalaíocht ar shráideanna i bhfad ó bhaile—ar rothar, seanrothar meirgeach ar tháinig mé air sa chéad chairt dramhaíola sin, tar éis braon ola a chur ar an slabhra ní raibh caill ar bith air, an roth tosaigh a athrú, caoi a chur ar na coscáin chúil, na boinn, na cáblaí agus ruainne péinte—síos cnoc, trasna na habhann, suas cnoc, faoin tuath beagnach a bhí mé sula raibh mo dhóthain piléar agam, péire agus cúpla ceann le spáráil.
na figiúirí meirgeacha seo these rusty figures
" Nuair a bhíothas ag bailiú tuairimí ón phobal i rith na conspóide dúirt duine amháin go bhfuil idir uaigneas agus ríogacht ag baint leis na figiúirí meirgeacha seo ar an trá agus go bhfuil níos mó i gceist ná ealaín amháin.
gíoscán troitheán meirgeach squeaking rusty pedals
" Dúirt sé liom gur tharraing sé amhráin le chéile as faic go mion minic - bheadh gíoscán troitheán meirgeach níos fearr ná roinnt den 'amhránaíocht' a tugadh dó! Irisí, grianghraif agus damhsa amháin a bhí acu a dúírt sé liom.
dath meirge rusty colour
" Tá an carr anois ina chnap de mhiotal lúbtha dóite agus chuirfeadh an cruth agus an dath meirge atá air corpán ársa i gcuimhne duit ach a bheith leasaithe le himeacht mhall an ama sa phortach.
meirg ar are rusty
" Níl a fhios agam cé acu is measa, go bhfuil meirg ar na habairtí samplacha sa leabhar, nó nach mbeidh siad de dhíth ar dhuine ar nós Moisés go deo: *‘I am partial to strawberries’*.
crochta ar thairne meirgeach hanging on a rusty nail
" D’fhág mé mo léine agus mo threabhsar crochta ar thairne meirgeach taobh amuigh den chéad doras, isteach liom ansin agus gan snáth orm ach an fobhríste.
ag casadh ar an iarann meirgithe winding around the rusty iron
" Bhí an dufair ag smachtú na háite ar ais, le crainnte agus lusanna ag dreapadh na mballaí, ag spré amach ar an urlár agus ag casadh ar an iarann meirgithe.