Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ruathar rush, attack
" Nuair a thug na póilíní ruathar faoin áit, maraíodh a thriúr comrádaí agus gabhadh Ned.
cé go raibh fuadar fúthu although they were in a rush
" Bhí daoine cneasta, cabhrach cé go raibh fuadar fúthu.
ruathar lomnocht naked rush
" Cabhair? Admhaím go mb'fhéidir nach raibh sé nádúrtha ruathar lomnocht a thabhairt síos Sráid Uí Chonaill i lár an lae ghil ach, mar a mhínigh mé dó, agóid a bhí ann in éadan an Aontais Eorpaigh.
ag sciurdadh rushing
" "Cuireann lus an chromchinn preab i mo chroí; cuireann an sabhaircín dinglis ar mo chraiceann; cuireann an tsailchearnach an suán ag sciurdadh fríd mo chuid féitheog ó na ladhracha aníos," a deir Balor an Bhéil Bhinn.
rúid rush
" Dóite ar an bheirt acu a bhí sí ag an am agus thug rúid ina ndiaidh.
de rúid with a rush
" Tháinig Áine aníos an halla de rúid.
fhuadar rush, bustle
" Cuirfidh an t-ionad seo cúrsaí ar fáil do dhaoine fásta sa teanga, sa cheol agus sa tseandálaíocht, sa gcaoi go mbeidh deis acu a scíth a ligint ar an oileán, saor ó bhrú agus ó fhuadar na cathrach.
ag teitheadh lena n-anam astu rushing from them
" org) den tuairim go gcaithfear cuimhneamh ar na hoibrithe tarrthála a bhrostaigh isteach sna túir agus iad trí thine, agus daoine eile ag teitheadh lena n-anam astu.
de rúid with a rush
" Chuaigh na fuiseoga tríd an aer de rúid agus ghlaoigh coileach.
broidtráth rush hour
" Is cosúil nach maireann an broidtráth ach leathuair.
driopás rush
" Meastar nach bhfuil aon driopás ar an DUP socrú a dhéanamh roimhe sin le go dtig leo buille marfach, an *coup de grace*, a thabhairt do pháirtí Trimble agus seasamh s'acu féin a dhéanamh do-ionsaithe.
fuadar rush
" I ndomhan ina bhfuil fuadar faoi dhaoine agus gan faill acu naisc phearsanta a dhéanamh i gceart, cé gur bhreá leo a leithéid, cuireann seirbhísí déanta coinní ar líne modh ar fáil do dhaoine le teacht ar chéile - agus ní gá dóibh dul chuig na háiteanna a dtéadh daoine roimhe seo (beáir, mar shampla) chun é sin a dhéanamh.
nuair a thug dhá cheann acu ruathar orm when two of them rushed at me
" Bíonn siad fiosrach go minic ach nuair a thug dhá cheann acu ruathar orm, léim mé trasna an sconsa isteach i bpáirc tornapaí.
broidtráth rush hour
" Chuir an rialtas nua (treoraithe ag an gComhaontas Glas) bearta bunúsacha i bhfeidhm: cosc ar ghluaisteáin le paisinéir amháin ar roinnt de na príomhbhóithre ag an mbroidtráth; páirceanna rothar i bhfad níos fearr in aice le stáisiúin agus stadanna bus; fáinne carrchlósanna “*Park and Ride*” timpeall na gcathracha; traenacha dhá urlár ag dul go dtí na bruachbhailte; comhartha leictreonach ag gach stad bus ag tabhairt amanna na gcéad bhusanna eile; faoiseamh cánach dóibh siúd a cheannaigh rothar; agus táillí plódaithe tráchta (is gá íoc chun tiomáint sna cathracha idir 7 a.
luachair rushes
"luachair ar an urlár agus seol in aice leis an bhalla.
ag sciurdadh rushing
" * **Balor:** Mura bhfuair sibh ach roinnt de na gnáthfhocail chaidrimh Éireannacha i nDáil Éireann, cá háit a bhfuair sibh an chuid eile? **CD:** Bhuel, a Bhaloir, ar dtús thosaigh muid ag póirseáil fríd do chuid altanna ar *Beo Ar Éigean*, féachaint an dtiocfadh linn rud éigin a fháil le rá faoin tráth seo den bhliain, an t-earrach, agus d’fhoghlaim muid a leithéid is “Cuireann lus an chromchinn preab i mo chroí; cuireann an sabhaircín dinglis ar mo chraiceann; cuireann an tsailchearnach an suán ag sciurdadh fríd mo chuid féitheog ó na ladhracha aníos.
luachair rushes
"luachair ar an urlár agus seol in aice leis an bhalla.
luachair rushes
"luachair ar an urlár agus seol in aice leis an bhalla.
seáp earcaíochta recruitment rush
" Freagra ab ea an seáp earcaíochta sin chun teacht i dtír ar fhearg na cosmhuintire Caitlicí a mhair go dearóil ar shráideanna searbha agus lánaí cúnga na míchothroime.
an bhroid the rush
" A bheith cinnte fosta go bhfuil gach sórt dí agat, mar nuair a tharlóidh an bhroid ní bheidh mórán ama agat deochanna eile a fháil.
de ruathar in a rush
" Shiúil sé suas de ruathar ar dhroimín beag is d’fhulaing brú anála, casúr sa chloigeann láithreach.
pulcadh rush
" Ba in éineacht le comhghleacaí Polannach a bhí mé agus í ag iarraidh an pulcadh a bheadh ann an lá dár gcionn a sheachaint.
fuadar faoin bhfear fuaime, the soundman in a rush,
" Seo chugainn an samhradh agus tá dátaí na gceolchoirmeacha uilig nach mór socraithe, cúrsaí taistil eagraithe, díosal curtha sa veain, scuaba agus taos fiacaile pacáilte, fuadar faoin bhfear fuaime, na huirlisí deisithe agus faobhar á chur ag gach éinne ar a fhiacla ceoil.
fuadar rush
Tá ruathar fúm anois. I'm in a rush now.
" Tús maith leath na hoibre! Ach tuigim nach bhfuil fiú aon faoin gcéad den obair déanta! Tá ruathar fúm anois.
deifir rush
" Cruthaíonn sé seo atmaisféar deas réchúiseach, amhail is go bhfuil gach duine ar laethanta saoire – ní bhíonn deifir ar bith ar aon duine! Is cathair beag go maith í Craców inar féidir siúl i mbeagnach gach áit, rud a thaitníonn liom i gcónaí agus mé i gcathair ar bith.
na ruathair sin those rushes
ar eagla go mbeidh tú faoi dheifir in case you'll be in a rush
" Ach b'fhéidir gur fiú sean-léarscáil pháipéir a choinneáil sa charr ar eagla go mbeidh tú faoi dheifir – ní gá a bheith ag brath ar cheallraí agus a leithéid agat! Tá an gramadóir "Ceart" a chabhraíonn le daoine gramadach agus litriú doiciméid Gaeilge a chinntiú go huathoibríoch foilsithe ag Diarmaid Mac Mathúna ag www.
ruathar on rush
" An chomhthuiscint capall na hoibre De bharr an ceangail seo, tháinig ruathar faoi shruth na maidne agus chríochnaíodar an seisiún le grianghrafanna den scoth - ceann atá ar chlúdach an albaim úir - To Be Touched (albam álainn dála an scéil).
racht aidréanailín adrenaline rush
" Léim mé aníos den bhóthar (bhí racht aidréanailín, is dócha) agus chroith mé mo dhorn aige.
saor ón driopás free from the mad rush
" Ar achan duine eile agaibh, guím daoibh a bhfuil de dhíobháil orm féin: Go raibh Athbhliain faoi shuaimhneas is faoi shíocháin agaibh agus go raibh sibh saor ón driopás!
driopás a rush/hurry
" Bhí go leor de na tionscnaimh ar na bacáin cheana féin, ach tá driopás anois curtha fúthu agus rachaidh na tograí chun tairisceana i mí an Mhárta 2009.
deifir hurry, rush
" Casaim ar an mhéid sin daoine sna cnoic na laethanta seo agus deifir orthu.
deifir dhamanta mad rush
" Is iomaí scéal a chuala mé faoi thuismitheoirí de bheith ag ropadh is ag rúchladh ó áit go háit: obair, cóisireacha, siopaí, an lón sciobtha ag an oifig agus líon mór dualgaisí nach iad, agus fágadh na gasúir ar a n-ábhar féin, faoi bhlaiseadh den uaigneas, agus tá a fhios agam faoin tumadh iomlán sna fístéipeanna is sa ríomhaire a tharla mar gheall ar an deifir dhamanta sin.
bhroidtráth rush hour
" org/) agus an National Cowboy Hall of Fame, ach thógfadh sé tamall ar an mbóthar, mar gheall ar bhroidtráth.
bhfuadar rush
" Cé gur sheol siad Leathanaigh Facebook is Fógraí i 2007, i 2009 d’fhógair siad gné nua a tharraing comhlachtaí beag is mór chucu i bhfuadar ollmhór.
ana-thapaig in rush
" Anuraidh, thógas tros ar abhainn an Sionainne agus déanaim amach gurb é ceann desna laethanta ba deise a bhí agam ar aon bhád, mar bím ag imeacht i gcónaí agus bím ag imeacht ana-thapaig.
faoi dheifir in a rush
" Is deas an rud é dar liom, sos a ghlacadh ón tsaol atá i gcónaí faoi dheifir (agus i gcónaí ar deireadh dá réir), agus ár n-intinn a dhíriú orthu siud a chuaigh romhainn agus ar an tionchar a d'imir siad orainn, nó ar an ghrá a thug siad dúinn.
fuadar rush
" Gan iad, teipfidh ar an scéim, agus cuirfear an bille ar fionraí go dtí an athbhliain, nuair nach mbeidh an fuadar céanna faoi na polaiteoirí.
fuadar rush
" Ráig a Bhuaileann Pobail An ráig tógála, an borradh as cuimse faoi gach rud a tharla in Éirinn - faoin éagomraíocht shóisialta san áireamh! - roimh an titim go tóin poill san airgeadas, an fuadar i mbunú gaelscoileanna, cé as ar tháinig sé sin? Cad é an dóigh a dtagann fíricí daonra, oideachais, oiliúna, airgeadais, srl.
go gasta in a rush
" Chomh maith le sin, ní foláir smaoineamh nár cuireadh Kyoto le chéile go gasta ach oiread.
Brostaíonn rushes
" Brostaíonn agus moillíonn sé an chaint de réir mar a theastaíonn, fágfaidh sé briathra, ainmfhocail ar lár, ardóidh a ghuth chun an teannas agus an drámatúlacht a mhéadú: “An liathróid go hard .
bhrostú to rush
" , go bhféadfaí an Stráitéis 20 Bliain don Ghaeilge a bhrostú tríd an Chomhchoiste Oireachtais, a mbíonn cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta idir lámha acu, bhí dul amú air.
fuadar rush
" Fiú sula gcasann sí ón fhuinneog, fiú muna gcuireann sí uirthi ach gúna cadáis scagach le fuadar a cuid drúise - gúna a bhfuil an dá chnaipe uachtarach fós á gceangal aici nuair a briseann sí doras an tí amach - tuigimid, pé rud eile a tharlós sa scannán seo, go bhfuil splanc domhúchta lasta cheana féin idir an bheirt aonarach neamhchoinbhinseanúla seo.
tá deabhadh orm I’m in a rush
" Arsa mise leis tráthnóna amháin, “Foxy, tá deabhadh orm – táim ag tógaint tí is táim ag obair chomh maith”.
fuadar rushing
" Sna siopaí císte agus seacláide, bíonn furú oibre agus fuadar faoi lucht an tsiopa agus iad ag freastal go tiubh ar chustaiméirí idir óg agus aosta le linn mhí na Nollag, an tréimhse is cruógaí dóibh i rith na bliana ar fad.
ní bhraithfear fuadar one doesn’t feel the frenzied rush
" Tá an chathair gnóthach agus bríomhar agus ní bhraithfear fuadar ná sluaite daoine sa mullach ort in áit ar bith.
ag brostú abhaile rushing home
" Gidh ea, ní miste dó tagairt bheag a dhéanamh dá Mórgacht Ríoga Impiriúil Chorgiach agus don fhear a raibh sí ag brostú abhaile as Éirinn chun an leaba a chóiriú dó i dTeach Buckingham.
driopás áirithe a type of mad rush
" Tá an Nollaig buailte linn agus buaileann driopás áirithe sinn go minic faoi Nollaig chomh maith.
an fuadar óir gold rush
" Mheall an fuadar óir sna 1850í oibrithe Síneacha go leor chun na hAstráile ach tugadh íde na muc is na madraí dóibh le linn círéibeacha ciníocha sna láithreacha tochailte óir.
bhfuil driopás ar mhuintir Bhéal Feirste people in Belfast are rushing in panic
" Mar sin, ní nach ionadh go bhfuil driopás ar mhuintir Bhéal Feirste agus iad ag iarraidh theacht ar bhronntanais a bhfuil go leor airgid acu lena gceannacht, ach tá fáth eile ann - tá an cheathrú cuid d’asraonta miondíola i mBéal Feirste druidte.
driopás an tráthnóna the evening rush hour
" 
 An Fhearg Nuair a Oireann Sí ============= Ar na sráideanna, bhí lár na cathrach ina chiolar ciot le driopás an tráthnóna agus daoine - mná agus páistí cuid mhór acu - ag cur bac ar dhaoine dul chun an bhaile.
thug sé ruaig suas he rushed up
" Tá cara ag mo mhac arb as na hOileáin Fhilipíneacha é agus an tseachtain seo caite, thug sé ruaig suas go Caisleán Cromghlinne le go mbeadh sé páirteach sa deasghnáth a dhéanfadh saoránach de chuid na Ríochta Aontaithe é.
nach mbeadh an oiread sin deifir orthub é sin they wouldn’t be in such a rush
" Daoine a cheap go raibh an teoiric go maith ach i ndáiríre, dá dtiocfadh sé chuige go raibh orthub a gcuid maoine a roinnt amach le daoine a bhí níos measa as, nach mbeadh an oiread sin deifir orthub é sin a dhéanamh.
níl deifir ar bith ar is in no rush
" Baineann Treme le sáinn New Orleans i ndiaidh na speirlinge uafasaí, Katrina, a tharraing formhór na cathrach ársa seo go tóin poill i 2005, agus níl deifir ar bith ar Simon tubaiste na cathrach a léiriú dúinn.
dtagann an chastacht agus an deifir salach ar a chéile intricacy and rushing are in conflict with each other
" Tuigeann gach innealtóir go dtagann an chastacht agus an deifir salach ar a chéile.
nó ruathar tapa a thabhairt orthu ar a laghad or to take a rush through them at least
" Cuairt seachtaine a bhí i gceist a raibh d’aidhm aici cuid de radharcanna Nua-Eabhrac agus Boston, móide a gcuid siopaí, a fheiceáil nó ruathar tapa a thabhairt orthu ar a laghad, agus cuairt a thabhairt ar ghaolta le mo bhean chéile idir shean agus óg, aintíní, uncail, col ceathracha, col cúigir agus eile, a bhaineann le contae na Gaillimhe, thoir agus thiar.
Tchí Dia an sciúird God knows the rush
" Tchí Dia an sciúird a bheadh ar siúl le linn toghchán uachtaránachta.
de ruathair ar an láthair rushing into view
" Bhí ceol aisteach sa chúlra, chonaic muid taobh istigh de theach beag coimhthíoch agus muid ag baint suilt as scileanna peile os ár gcomhair nuair a tháinig JCB de ruathair ar an láthair.
Ná Déan Dadaidh Faoi Dhriopás do nothing in a rush
" (Tá cáil ar Mhac Dhonnagáin ón tsraith do dhaoine óga Aifric (a bhfuil leagan athghuthaithe de le feiceáil ar bhealach áitiúil Tébéo) agus buntáiste eile is ea go bhfuil Briotáinis aige!) Ná Déan Dadaidh Faoi Dhriopás ============== “Níor thosaíomar amach ag iarraidh fadscannán a dhéanamh in aon chor.
de dheasca an driopáis seo due to this rush
" Nuair a fuair Kalanna dea-scéal ón gcoimisinéir, bhí orthu leanacht ar aghaidh gan mórán coinne, agus tá roinnt laigí le feiceáil de dheasca an driopáis seo.
fuadar faoi rushing around
" Bhí fuadar faoi Cholm Ó Snodaigh nuair a thosaigh scéala báis Mhícheáil Mhic Shiacais a theacht isteach chuige go tiubh le twitter.
gan tada a dhéanamh faoi dhriopás not to rush matters
" Is í a chomhairle feasta gan tada a dhéanamh faoi dhriopás, go háirithe ag 6000m.
fogha rush, attempt
" Nocht fogha Martin Mc Guinness faoin Áras íogair áirithe taobh ó dheas den Chlais Dubh.
fuadar faoi all go, in a rush
" Bíonn fuadar faoi na margaí agus támhnéal ar na forais Eorpacha in éineacht a deir Ciarán Mac Aonghusa, forais a bhfuil géarghá le hathleasuithe ó de dhíth go géar orthu.
fogha faoi bhallaí Dhoire a rush at D.’s walls
" Thug Robert McMillen fogha faoi bhallaí Dhoire agus faoin Chultúrlann le riar maith ceisteanna a chur ar an Phríomhfheidhmeannach ann, Gearóid Ó hEára.
Níl fuadar ar bith faoin there’s no rush at all in regard to
" Níl fuadar ar bith faoin phróiseas le státseirbhísigh a cheapadh a bheadh ábalta feidhmiú i nGaeilge agus i mBéarla, dar le Breandán Delap