Cén sórt duine a bheadh ag iarraidh a bheith ina réiteoir? Cén duine ciallmhar, stuama a chuirfeadh suas le híde béil, le cáineadh pearsanta agus mímhúinte, agus anailís á dhéanamh ag na mílte duine ar a chuid gníomhartha seachtain i ndiaidh seachtaine.
Ní raibh mé ag súil le “céad míle fáilte isteach” a fháil uaidh ach ní raibh mé ag súil leis an fhreagra borb, naimhdeach, eascairdiúil a fuair mé nuair a labhair mé le hoifigeach éigin sa phríosún ar an ghuthán.
Ba mhaith liom a fháil amach, mar shampla, cén dóigh a dtig leis a bheith chomh brusanta borb sin le daoine ar a chlár teilifíse, agus fós a bheith in ann a phost agus a thuarastal breá a choinneáil.
Ní raibh coileach uaim ach ba léir go raibh an t-éan is fearr faighte acu dom agus in ionad a bheith drochbhéasach, d’íoc mé as, ghabh mé buíochas leo agus chroch mé liom mo chara nua ar ais i dtreo an kayak.
Ní furaist cur síos cuí a dhéanamh ar chumhacht agus ar ghalántacht a gcaidreamh collaí i leabhar Faulks, ach d’fhéadfaí na leathanaigh seo óna leabhar a chur i gcomórtas le leathanaigh borba foréigeanacha Alan Hollinghurst.
Tá muintir na Nua-Shéalainne an-bhródúil de bharr nár cuireadh daoránaigh ina measc riamh, agus meastar ann go bhfuil na hAstrálaigh amhlánta agus brománta mar gheall ar thionchar na gcimí.