Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
préamhaithe rooted
" Déarfadh an CLG gur slí bheatha spioradálta agus chultúrtha atá i gceist, bealach maireachtála atá préamhaithe i measc an phobail.
fréamhaithe go domhain deeply rooted
" Tá cúiseanna eile ann atá fréamhaithe go domhain i struchtúr agus meon na sochaí.
rinneadh stacán cloiche de Dhónall Dónall was left rooted to the spot
" Leis sin rinne an máistir Ó Duibhir búirtheach agus rinneadh stacán cloiche de Dhónall.
fréamhaithe rooted
" Córas de choincheapa idirghníomhacha atá sa teanga, agus is ansin, sa chóras tagartha sin, i gcóras sin na gcoincheap, atá cumas iontach na litríochta fréamhaithe.
ina staic rooted to the spot
" Tá an rialtas ina staic is nach againn a bheas an chraicLe mo raighdeal dúdal daighdeal dúdal déró.
préamhaithe chomh daingean sin rooted so firmly
" Ní mórán é, mar chuimhne, i gcomórtas le heachtraí móra na staire, ach insíonn sí rud beag dúinn faoi nádúr an stáit ó thuaidh agus faoin gcaoi a mbíodh an seicteachas préamhaithe chomh daingean sin i mórán chuile ghné den saol ann.
fréamhaithe rooted
" An dara ceann, ó thaobh earcú foirne, riachtanas teanga a bheith fréamhaithe san earcú sin.
fréamhaithe go domhain deeply rooted
" Tá an séanadh fréamhaithe go domhain i sícé na n-aontachtach.
préamhaithe rooted
" Níor léirigh sé seo easpa measa ar a theaghlach – cleachtas cultúrtha a bhí ann a bhí préamhaithe i saol na tuaithe sa tír seo le fada an lá.
Sheasas ansin i mo staic. I stood there rooted to the spot.
fréamhaithe go láidir strongly rooted
" Pógfaidh siad lámh mná, tabharfaidh siad bláthanna di, osclóidh siad an doras duit – tá sé sin fréamhaithe go láidir i gcultúr na Polainne.
préamhaithe rooted
" Tá an páipéar préamhaithe go hiomlán i bpobal gníomhach Gaelach iarthar Bhéal Feirste agus is cinnte go dtugtar léargas maith ann ar shaol cultúrtha agus ar riachtanais an cheantair sin.
préamhaithe i rooted in
" An amhlaidh nach polasaí a bhí préamhaithe i ndianmhacnamh agus taighde a bhí anseo, ach eitleog eile a tharraing an tAire óna mhála agus a imeos le sruth in imeacht ama? I dtús mí Meán Fómhair 2008, chinn mé ar iarratas foirmeáilte a dhéanamh chuig an Roinn agus mé ag lorg “Aon chomhfhreagras, meamram, tuarascáil srl.
fréamhaithe rooted
" Scríobh mé an mhí seo caite faoi na *Tea Parties*, gluaiseacht neamhfhoirmiúil frithchánach ollmhór atá fréamhaithe, don chuid is mó, san eite dheis, agus a thosaigh ag an am céanna inar thosaigh geilleagar na Stát Aontaithe ag titim as a chéile.
domhainfhréamhaithe deeply rooted
" Is dócha gurb í an phríomhcheist atá le cur agus muid ag iarraidh meabhair a bhaint as an gceapachán mar sin, an cúis sách maith tóir an phobail a bheith ar dhuine leis an duine céanna a roghnú i gcomhair post fíordhúshlánach? Ní foláir a chur sa mheá freisin gur fear é Maradona – bíodh go bhfuil sé ag teannadh le leathchéad bliain d’aois – a bhfuil go leor fadhbanna domhainfhréamhaithe dá chuid féin aige, ní áirím an cúram a bheith air faire amach do scata imreoirí éilitheacha, cuid acu an-teasaí ina mbealach féin.
réabadh amach was rooted out
" An teanga féin, réabadh amach as láthair na tíre í, ar mhodh sách brúidiúil in amanna mar a léiríonn na hannála dúinn (Annála Inis Faithleann 1305.
fréamhaithe rooted
" Spreagtar dearcadh úr sa chomhluadar trí thréithe cosúil le féintuiscint, féinmhuinín agus le féinfhios, iad fréamhaithe sa dúchas, agus i gcás na hÉireann, sa Ghaeilge.
préamhaithe rooted
" Bhí stair uasal ag an seanpháirtí sin, préamhaithe i luachanna an phobail go dtí gur cailleadh radharc ar na haidhmeanna uaisle a bhí ag lucht a bhunaithe.
fréamhaithe rooted, based
" Maíonn sé go bhfuil neamhaird á déanamh de dhá dhoiciméad ina bhfuil an daonlathas sa Fhrainc iarchogaidh fréamhaithe.
fréamhaithe rooted
" Cé go dtuigfimid ón tús gur duine righin, tirim, imníoch atá fréamhaithe sa stair é agus é ag iarraidh léacht a thabhairt i gcuimhne ar a athair iomráiteach, mórthaibhseach, GB Ó Ceallaigh, laoch sa seanmhódh agus údar mór Gaeilge, tá ‘an fear’ ina abhcóide láidir, feidhmiúil in ann a phléadáil go paiseanta i nguth ioróineach, searbhasach faoi chúrsaí agus faoi staid na Gaeilge mar atá sí inniu.
fréamhaithe rooted
" ” Deir Duggan go bhfuil an scéal ‘fréamhaithe’ sa mhéid is go bhfuil sé suite i nDoire ach gur scéal ‘fairsing’ atá ann a dhéanann ceiliúradh ar laochas an ghnáthdhuine.
a bhfuil a fhréamhacha which is rooted
" Sa lá atá inniu ann, is ball é den Barquinha (‘An Báidín’) mar a thugtar ar chraobh amháin de chrann na n-eaglaisí Santo Daime, a bhfuil a fhréamhacha i ndufair na hAmasóine.
ruaigeadh ón talamh ar a raibh siad beo rooted out of the land they lived in
" " Ba chuma, ar ndóigh, cé acu Arabaigh nó dream ar bith eile a bhí iontu, níor cheart iad a ruaigeadh ón talamh ar a raibh siad beo leis na mílte bliain.
síol na tuisceana áirithe seo préamhaithe go doimhin the seed of this type of thinking is deeply rooted
"síol na tuisceana áirithe seo préamhaithe go doimhin agus faoi bhláth i measc an phobail anois sa tslí is gur féidir linn a rá go bhfuil lus na seirce tugtha chun cineáil go héiritheach ag rachmasóirí na cruinne.
préamhaithe sa tuiscint rooted in the understanding
" Comhghuaillíocht Spriocdhírithe =============== An córas mímhorálta é córas na bhFuipeanna sa Dáil? Tá an córas réamhluaite préamhaithe sa tuiscint gurbh í an dlúthpháirtíocht pholaitiúil an tslí is feidhmiúla chun clár oibre an pháirtí a chur chun cinn go feidhmiúil.
a bhí fréamhaithe which was rooted
" Thagadh na feachtais seo, a raibh díchobhsú an chórais dhlíthiúil Bhriotanaigh a bhí fréamhaithe leis na céadta bliain mar aidhm acu, go buaicphointe i stailceanna ocrais na bliana 1980 nuair a nochtadh coilíniú barbartha na Sasanach ó thuaidh os comhair shúile an domhain mhóir den chéad uair, trí mheán na teilifíse ach go háirithe.
ceantar atá fréamhaithe go dlúth an area deeply rooted
" Athrú poirt a bhí i ndán dóibh, mar dhea, nuair a reáchtáil DiFranco ceardlann amhránaíochta agus ceoil i seanteach plandála i Louisiana – ceantar atá fréamhaithe go dlúth i stair fhoiréigneach, bhrónach, sclábhaithe Afracacha san Oileán Úr.
préamhacha maithe curtha síos well rooted
" Bhí Gaeilge den scoth ag muintir an Spidéil an uair sin ach bhí préamhacha maithe curtha síos ag an mBéarla mar ghnáth-theanga chumarsáide i measc an phobail.