D’éalaigh francaigh agus luchóga as na báid a tháinig i dtír ann, agus chuir na húdaráis cait isteach ní ba dhéanaí le smacht a choimeád ar líon na gcreimirí seo.
Deirtear go n-itheann na sionnaigh sméara agus ruainne ar bith a dtiocfaidh siad air san earrach, ach b’fhearr leo feoil na mionmíolta, nó creimirí beaga, in aimsir fuachta mar seo.