An scil a bhí acu, an luas agus an chrógacht, na scóranna iontacha agus na coimhlintí géara, troma (a scanraigh mé ar uairibh), chomh fada siar agus is cuimhin liom is í an iomáint a chuir sceitimíní agus gliondar agus iontas orm gach uair a bhí mé i láthair i bPáirc an Chrócaigh ag cluiche mór.
Bhí gach rud faoin gcluiche sin ar fheabhas, dar liom féin: an iománaíocht a bhí sciliúil agus tapa, an choimhlint ghéar, an toradh a bhí idir dhá cheann na meá go dtí an deireadh agus an craoladh féin - gairmiúil agus snasta agus i nGaeilge líofa.
Bíonn cluiche an-mhaith agus coimhlint ghéar eatarthu de ghnáth - dhá bhliain ó shin bhuaigh Laois le cúl drámatúil sa nóiméad deiridh, an bhliain roimhe sin bhí comhscór agus athimirt ann agus an rud céanna arís i mbliana.
Léirigh Cill Chainnigh i gcoinne Chorcaí go raibh sé iontu glacadh le brú agus le dúshlán agus le coimhlint fhisiceach, agus d'fhreagair siad gach ceist a cuireadh orthu maidir lena bhfearúlacht agus lena gcarachtar.
coimhlint an-ghéar agus fhíochmhara fierce and very strong rivalry
Tá cuimhne an-soiléir agam ar chluichí ceannais an Oireachtais sna blianta thart ar 1964/65 nuair a bhí coimhlint an-ghéar agus fhíochmhar idir Cill Chainnigh agus Tiobraid Árann agus imreoirí mar Jimmy Ó Dúill, Eddie Ó Cathaoir, Seán Ó Dúill agus Ollie Breatnach ag imirt.
Ag caint ar an choimhlint idir DUP Peter Robinson agus TUV Jim Allister, dúirt sé:
“*Mr Robinson says that some of devolution's biggest successes for unionists were those things which it had been able to stop, such as an Irish Language Act*.
Gliceas an Bhainisteora
1965 an bhliain agus bhí coimhlint 1955 idir Ciarraí agus Áth Cliath an-bheo mar ábhar comhrá fós i measc lucht leanta na peile.
Chothaigh sé coimhlint freisin, agus dímheas uaireanta, idir Áth Cliath agus contaetha eile agus an dá thaobh ag lochtú tréithe a shamhlaigh siad leis an dream eile.
Tá cur síos paiteanta déanta ag an chraoltóir Bob Quinn ins an leabhar Maverick ar an tsíorchoimhlint idir baill boird agus feidhmeanaigh chomhlachta stáit.
Is ar na páirceanna imeartha a bhíonn an choimhlint is géire idir an dá thír le feiceáil, cluichí rugbaí idir na fir agus cluichí cispheile idir na mná ach go háirithe.
Le linn tréimhse na coimhlinte géireduring the period of most intense rivalry
Le linn tréimhse na coimhlinte géire idir foireann peile Átha Cliath agus foireann peile Chiarraí a mhair ar feadh deich mbliana ó 1975 go dtí 1985, bhí Páidí Ó Sé ar na pearsana ba mhó agus ba shuaithinsí sna drámaí éagsúla a thit amach aon uair a casadh an dá fhoireann ar a chéile.
Cé go bhfuil sé ráite gurb í an choimhlint idir comharsana an choimhlint is géire ar fad agus gurb amhlaidh a bhí idir Ciarraí agus Corcaigh, bhain blas agus corraíl ar leith leis na cluichí úd idir Ciarraí agus na ‘*Dubs*’.
coimhlint gan ghéilleadhrivalry with no submission
Bhí ar imreoirí Manchester United a bheith an-soiléir agus ar aon intinn faoin ról a bhí acu – cur chuige tiomanta, coimhlint gan ghéilleadh, troid go deireadh ar son an bhua.
Bíonn coimhlint fhíochmhar ar siúl ar an bpáirc imeartha le linn na sraithe, leoga, ach bíonn comórtas barrúil cairdiúil idir an dá lucht taca sna seastáin ag na cluichí.
Bhí an forlíonadh san Irish Times thar barr: thug sé an-léargas ar an gcoimhlint ghéar idir gluaiseacht na n-oibrithe leis na fostóirí 100 bliain ó shin, le go mbeadh sé de cheart ag an ngnáthoibrí ballraíocht a ghlacadh i gceardchumann.