Is cuimhin liom blianta ó shin gur léirigh mo dhearthair a mhíshásamh leis an idirlíon, ag rá faoin mbealach a dtaispeántaí sna meáin é: “Cén fáth go léirítear i gcónaí é le daoine i mbun gníomhaíochta? Ag léimt san aeir? Le cuma
ridirí rollercoaster orthu? Ag baint taitnimh as an saol amuigh faoin aer?” Déanta na firínne, dar leis, is i seomraí beaga sa dorchadas a tharla na miongníomhartha a bhain leis an saol seo ar líne.