an saibhreas a bhí rompu sa cheantarthe richness which preceded them in the area
A fhad is a bhí sí ag déanamh taighde don mhórshaothar *Songs of a Hidden Ulster*, leabhar agus dlúthdhiosca a eiseofar i dtreo dheireadh na bliana seo, d'aithin sí go raibh "géarghá le cnuasach de na hamhráin seo amuigh i measc an phobail leathain, go háirithe i dTuaisceart Éireann, agus go háirithe do dhaoine nach bhfuil Gaeilge ar bith acu, go dtuigfeadh siad an saibhreas a bhí rompu sa cheantar.
Cén fhís atá agat féin don Ghaeilge?
Ag leibhéal simplí, bunúsach is é an fhís atá agam ná go mairfidh an teanga, leis an saibhreas atá aici faoi láthair, agus go mbeidh mo pháistí féin in ann tarraingt ar an saibhreas sin, agus go gcuirfidh sé lena saol, sa chaoi chéanna is atá an Ghaeilge tar éis cur le mo shaol féin.
Ní fhaca mé ach cuid bheag bhídeach de shaibreas iarthar na Breataine Bige, agus is cinnte go gcaithfidh mé dul ar ais ansin chomh luath agus is féidir.
Is samplaí den saibhreas agus den éagsulacht saothar atá le feiceáil sa taispeántas iad “Amhra Cholm Cille” le Dallán Forgaill ón 6ú haois agus “M’anam do sgar riomsa a-raoir” le Muireadach Albánach Ó Dalaigh, file Éireannach ón 14ú haois a rinne cónaí in Albain.
Glacann sé leis an tábhacht a bhaineann leis an saibhreas cultúrtha sin – ach tá sé mar mhisean anois aige an dara leath den idirmhalartú sin a chur i gcrích, agus a chultúr Maorach a thaispeáint do na Pākehā.
Cé nach bhfuil “gach rud” ag muintir na Maláive, tá saibhreas spioradálta as cuimse acu, agus tá soineantacht agus sonas le brath taobh thiar de gach meangadh gáire, in ainneoin dheacrachtaí an tsaoil, deacrachtaí nach féidir linne a shamhlú.
Léiríonn an taispeántas seo, a bhfuil breis is 50 píosa péintéireachta le feiceáil ann, saibhreas Freud mar phéintéir agus tá cuid den saothar ar taispeáint den chéad uair go poiblí.
Diomaite de na hamanna a gcuirtear iallach orthu Gaeilge a úsáid, níl siad ag labhairt na teanga, agus dá bhrí sin seans nach bhfuil an saibhreas céanna acu i nGaeilge is atá ag daoine as an scoil nó ceantar céanna, nó as an teach céanna fiú (deartháireacha agus deirfiúracha móra) atá deich mbliana nó 15 bliana níos sine ná iad.
Bhí Gaelainn na scol agus Gaelainn ón gcliabhán agam ach ní raibh saibhreas ceart agam ach bhíos ag fhoghlaim n’a’ haon lá ó Mhicheál Ó Sé is ó Mháire Ní Chéilleachair, beannacht Dé léi.