Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
laincisí restrictions
" Níl fonn ar na heaglaisí beaga cabhair a lorg ó Washington mar gheall ar an maorlathas agus na laincisí a ghabhann le deontais ón rialtas.
teoranna restrictions
" Lena chois sin, de bharr an Welfare Reform Act 1996, tá teoranna curtha leis an úsáid is féidir le hinimircigh a bhaint as cláracha poiblí.
laincisí restrictions
" Deir sé go gcuireann siad laincisí air féin agus ar iriseoirí eile agus iad i mbun oibre.
laincis restriction
" Nuair a tugadh cuireadh dom colún míosúil faoi chúrsaí spóirt a scríobh le haghaidh *Beo!* níor cuireadh aon srian nó laincis orm maidir le hábhar.
srianta restrictions
" " An lá sular bhuail mé le hiar-Rúnaí seo na Roinne Airgeadais, bhí Runaí Baile na Breataine Móire tar éis fógairt go gcuirfí srianta i bhfeidhm maidir le híocaíochtaí leasa shóisialaigh do shaoránaigh na dtíortha nua atá ag teacht isteach san Aontas Eorpach i mí na Bealtaine.
laincisí restrictions
" Dá ainneoin sin, le fanacht taobh istigh de laincisí an rialtais, tá beartaithe ag Bord Oideachais agus Leabharlann an Oir-Dheiscirt pasanna bus a bhaint de pháistí áirithe, ní cheannófar leabhair úra do scoileanna ná do leabharlanna, ní bheidh oiread airgid ann le caitheamh ar mhúinteoirí sealadacha, agus gearrfar siar ar chothabháil.
laincisí restrictions
" Níl na laincisí sin orthu a thuilleadh, áfach, agus tá ceisteanna á n-ardú go flúirseach acu anois.
srian restriction
" “Trí insint dá scoláirí nach bhfuil cead acu aon rud a rá go poiblí faoi chaighdeán oibre a gcuid múinteoirí, tá oifigigh Ardscoil Oak Mountain ag dul an-ghar don chinsireacht, áit nach bhfuil úinéireacht ar bith acu nó an ceart srian a chur ar shaoirse cainte,” a dúirt Hussey.
a leithéid de shrianta such restrictions
" Ach an mbeidh sé de mhisneach ag na polaiteoirí a leithéid de shrianta a chur i bhfeidhm agus olltoghchán ar na bacáin? Tá seans maith nach mbeidh.
na srianta the restrictions
"na srianta imithe ó mhargadh aeriompair an Aontais Eorpaigh le deich mbliana anuas: tá cead ag comhlacht as tír Eorpach amháin paisinéirí a eitilt idir dhá tír Eorpacha eile, cúis amháin go bhfuil fás chomh mór sin tagtha ar Ryanair sa tréimhse chéanna.
teorainneacha agus srianta limits and restrictions
" Áiteanna eile, tá go leor teorainneacha agus srianta i gceist.
srianta saorga artificial restrictions
" Más féidir dul díreach ó Bhaile Átha Cliath go San Francisco, is fearr é sin ná eitilt amháin go Heathrow nó go Nua-Eabhrac agus eitilt eile ina dhiaidh sin go San Francisco, agus tá an comhaontú nua ag cur deireadh le srianta saorga mar sin.
na srianta agus na rialacháin the restrictions and regulations
" Bíonn sé de bhuntáiste acu nach mbaineann na srianta agus na rialacháin leo lena bhfeidhmíonn na meáin fhadbhunaithe.
srianadh restriction, constraint
"srianadh taistil á chur i bhfeidhm ó thús na mílaoise ar na Rohingya a bhfuil impleachtaí móra aige ar cháilíocht na beatha.
shrianta restrictions
" Cé gur déanadh ciorrú mór ar bhuiséad na heagraíochta, níorbh aon eisceacht é i measc eagrais stáit a d’fhulaing a mhacasamhail de shrianta.
laincisí restrictions
" Ba bheag ball den chomhaireacht a atoghadh, rud a chuir laincisí go leor ar cheannaire úr an pháirtí.
srianta restrictions
" Chomh maith leis sin, a mhaíonn siad, má chuirimid srianta mar seo orainn féin anois laghdóidh sé ár gcumas margála in aon idirbheartaíocht idirnáisiúnta a tharlóidh amach anseo.
gan bac ná laincis no restrictions
" Ach ó 1997, tá áras aige i mBúcairist, agus gan bac ná laincis ag cúrsaí polaitíochta ar a shaol.
bhí srian ar an líon uaireanta there was a restriction on the number of hours
" Bhí am ann agus bhí srian ar an líon uaireanta a bhí cead ag úsáideoirí gan síntiús amhrán ar leith a sheinnt ach fuaireadar réidh leis an gcoinníoll sin.
atá i bhfách le breis srianta who support further restrictions
" Tabharfaidh siad lón lámhaigh don lucht frithimirce, do dhaoine a mheasann go bhfuil an iomarca imirceach sa Bhreatain is atá i bhfách le breis srianta den sórt atá á gcur i bhfeidhm le cúpla bliain anuas.
Ag obair faoi chuing working under the restriction(s of Article)
srianta suntasacha remarkable restrictions
" I gcás tíortha saibhre an Aontais Eorpaigh tá srianta suntasacha ar an údarás atá acu chun gluaiseacht daoine, earraí is capitil trasna teorainneacha laistigh den Aontas a rialú.
gcuirfear bac ar a restriction shall be imposed
" Ach más ea go gcuirfear bac ar an Afraic theas, ní bheidh cúrsaí geilleagair ina bhun.
an maolú ar stádas the restriction of status
" Ní bheadh mórán d’fhadhb agam leis an gcéad cheist ar an mbileog, a fhiafraíonn de gach iarrthóir an mbeadh sé/sí ag labhairt Ghaeilge ‘go rialta agus mar gnáthchleachtas sa Phairlimint’? Bheadh deacracht agam leis an tarna cheist ar an mbileog: ‘Ceist 2: An bhfuil tú sásta a fhógairt go poiblí mar chuid de d’fheachtas toghchánaíochta gur mian leat go ndéanfaí an maolú ar stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach a chur ar ceal ag deireadh na bliana 2016?’ Mínítear cúlra na ceiste go soiléir ar an mbileog: cé go bhfuil aitheantas san AE ag an nGaeilge ó tús 2007 mar theanga oifigiúil, cuireadh ‘maolú’ faoi dhó ar stádas oifigiúil a chur i bhfeidhm ina iomláine.
sriantacht inimirce an stáit the state’s restriction(s) of immigration
" Ceistíonn Alan Desmond sriantacht inimirce an stáit san alt seo.