Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
frithbheartaíochta resistance
" Léirigh alt le John Solomon, iriseoir de chuid AP, gur chuir an FBI airgead don ghrúpa frithbheartaíochta Ioslamach sna nóchóidí.
bhfrithbheartaíocht resistance
" Bhí sé fostaithe in ambasáid SAM sa Phacastáin idir 1976 agus 1983, am go raibh na Stáit Aontaithe ag cur na gcéadta milliún dollar chuig Osama Bin Laden agus chuig na mujahedin tríd an ISI, seirbhís faisnéise na Pacastáine, chun cabhrú le ‘trodaithe na saoirse’ mar a tugadh orthu ag an am, ina bhfrithbheartaíocht in aghaidh an Aontais Shóivéidigh san Afganastáin.
Arm Muirthéachta Dé Lord's Resistance Army
" Tá eagla a gcraiceann á cur ar mhuintir Uganda le corradh is scór bliain anuas ag Arm Muirthéachta Dé a bhfuil sé mar aidhm aige stát a bhunú a fheidhmeoidh de réir na nDeich nAithne.
fhrithbheartaíochta resistance
" Ach thairis sin, ba ghluaiseacht fhrithbheartaíochta é MOSOP a bhí éifeachtach agus dea-eagraithe.
frithbheartaíochta resistance
" Bhain Tíomór Thoir neamhspleáchas amach faoi dheireadh thiar thall sa bhliain 2002, le laochra de chuid na frithbheartaíochta, Xanana Gusmao agus Mari Alkatari, mar uachtarán agus phríomhaire faoi seach.
frithbheartaíochta resistance
" Is é a bhí de dheasca an chos ar bolg seo ná éirí amach i 1963 a stiúraigh Hocine Ait Ahmed, fear de na Kabyle a bhí ina cheannaire sa ghluaiseacht frithbheartaíochta in aghaidh na bhFrancach is a bhunaigh Fronta na bhFórsaí Sóisialacha chun cás na nImazighen a chur chun cinn.
Fhrithbheartaíocht na Fraince the French Resistance
" Ceantar foréigneach baolach a bhí ann, agus i 1944 rinne na Naitsithe ár uafásach ar fhir an bhaile mar dhíoltas ar ghníomhartha Fhrithbheartaíocht na Fraince sa dúiche.
Frithbheartaíochta resistance
" Is iad sin an clár a dhréachtaigh an Coiste Náisiúnta Frithbheartaíochta (Conseil National de la Résistance - coiste inar cuimsíodh na ceardchumainn agus na páirtithe polaitiúla sa Fhrainc a chuir i gcoinne na Naitsithe) i Márta 1944 agus ina leagtar síos bunphrionsabail an stáit nua, agus Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine de chuid na Náisiún Aontaithe ar glacadh leis i 1948.
ngluaiseacht friotaíochta resistance movement
" Naoi lá i ndiaidh an “Pearl Harbor nua” sin, shínigh Perle litir chuig Bush de chuid an *Project for a New American Century* ag éileamh ar an uachtarán frithbhearta in aghaidh na Siria a chur i gcrích mura scoirfeadh sí de bheith ag tacú le Hezbollah láithreach bonn – ainneoin nach raibh baint ar bith ag an ngluaiseacht friotaíochta leis na hionsaithe ar Mheiriceá.
le cos a bhualadh ar fhrithsheasmhacht to stamp out resistance
" Ba ghránna an mhaise dóibh a leithéid a dhéanamh, ach, mar a scríobh Phillips ag an am, bhí an t-ár riachtanach “*…to infuse an universal terror*” le cos a bhualadh ar fhrithsheasmhacht an mhuintir dhúchais.
Léirigh an troid ar ais the resistance demonstrated
" Léirigh an troid ar ais chomh tuata, saolta is atá an tsochaí ó thuaidh.