Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
achainí a iarraidh make a request, a wish
" D'éiligh an *witch doctor* a bhí lena thaobh buidéal Quetzalteco orm (bíonn tart millteanach ar Maximón, ní foláir) sular ligeadh dom aon achainí a iarraidh.
achainí request, petition
" Ach is íoróin é gur bhain an chathair an fhorbairt seo amach trí achainí ar institiúid Mheiriceánach dul i gcomhpháirtíocht leo.
hiarratais scríofa agus bhéil written and oral requests
" Dúirt an tuairisc go gcaithfeadh comhairlí Thuaisceart Éireann glacadh le hiarratais scríofa agus bhéil i nGaeilge, glacadh le húsáid na Gaeilge i ndíospóireachtaí comhairle, cáipéisí a dhréachtú i nGaeilge agus fir/mná teanga a fhostú.
iarratas request
" Ba é siúd an Menzies céanna a d'fhógair go bréagach sa bparlaimint sna seascaidí go raibh iarratas tagtha ó na Meiriceánaigh fórsaí ón Astráil a chur go Vítneam.
Diúltaíodh don iarratas the request was refused
iarratas request
" Bhí sé ráite ag an rialtas le sé mhí nach raibh aon chinneadh déanta agus nach raibh aon iarratas tagtha ó na Meiriceánaigh.
iarratas request
" "Thig leat d'iarratas a tharraingt siar má fhaigheann tú réiteach ar an dóigh sin," a dúirt siad liom.
iarratas speisialta special request
" " Léirigh sé gur fágadh na híomhánna ar lár san RTC mar a foilsíodh é agus bhí air iarratas speisialta a dhéanamh le teacht orthu.
iarratas request
" Mar a tharla cúpla seachtain roimhe sin, bhí an rialtas tar éis diúltú d'iarratas ón Gharda Síochána go mbeadh gunnaí ag gardaí a bheadh ar dualgas lasmuigh de bhancanna.
Diúltaíodh dá iarratas his request was refused
" Diúltaíodh dá iarratas toisc nach raibh stiúrthóir ann ag an am.
iarratas request
" Agus mé i mbun taighde ar an Uasal Blaney, labhair mé le go leor daoine a chreid agus fós a chreideann ní hamháin go dtoghfaí Cathal Ó hEochaidh ina cheannaire ar an pháirtí murach gur sheas sé siar ar iarratas ó Shean Lemass, ach go raibh an rud céanna fíor i gcás Blaney freisin.
iarratas request
" Cuireadh ar fionraí é ar feadh cluiche amháin faoi chóras a bhí i bhfeidhm ag an am, ach toisc gur tharla an eachtra i gcluiche de chuid Chúige Laighean, rialaigh an Córas Eadrána (a bunaíodh ina dhiaidh sin), ar iarratas óna chlub, go raibh cead ag Mark imirt lena chlub i gCraobhchomórtas Átha Cliath i gcoinne Naomh Bríd i mí na Bealtaine seo caite.
neart iarratas plenty of requests
" Nuair a d’fhoilsigh Tesla Motors a phlean, fuair siad neart iarratas ó dhaoine a bhí ag iarraidh gluaisteán a cheannach.
roinnt mhaith iarratas a good many requests
" Fuair Jeannie roinnt mhaith iarratas le hamhráin a chanadh i gclubanna ceoil tíre agus i gceolchoirmeacha agus rinne sí roinnt ceirníní, ach níor shaothraigh sí mórán airgid.
ag diúltú don iarratas, refusing the request,
" In ainneoin go bhfuil Maidrid ag diúltú don iarratas, ag rá go bhfuil an pictiúr ró-shobhriste lena bhogadh thart, tá tacaíocht láidir ann, go háirithe agus comóradh 70ú bliain na buamála i ndiaidh a bheith ann, don tuairim gur cheart an pictiúr a thaispeáint sa Guggenhéim- an dánlann iontach a dhear an t-ailtire Frank Gehry do mhuintir Bilbao.
achainí bheag a small request
" B’fhéidir go bhfuil achainí bheag ag an duine a d’fhág ansin é! Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é.
an iarraidh the request
" Meastar gur ghlac Howard leis an iarraidh a bheith páirteach sna fórsaí forghabhála ar an gcoinníollach go mbeadh na trúpaí Astrálacha lonnaithe i gcúigí ciúine i ndeisceart na tíre, ceantair nach raibh na ceannaircigh gníomhach iontu.
achainíocha requests or pleas
" Léirigh an ministir Preispitéireach, John Dunmore Lang, an cineál meoin a bhí ag cuid de na coilínigh áitiúla nuair a scríobh sé chuig Rúnaí na gCoilíneachtaí i Londain ag impí air “virtuous and industrious Protestants” a chur amach ar inimirce seachas mná Caitliceacha Éireannacha, ar eagla go ndéanfaí an choilíneacht “Tipperarified”! Mar gheall ar na hailt sna nuachtáin, ar na gearráin a rinne mionlach beag de na fostóirí agus ar na litreacha agus achainíocha a scríobh daoine ar nós Lang chuig na húdaráis sa Bhreatain, cuireadh deireadh leis an scéim inimirce sa bhliain 1850.
iarratas aonarach a single request
" Ní raibh i seilbh na Roinne ach iarratas aonarach a rinne Comhaltas i leith maoiniú a fháil do Bhrú Ború, ceann de phríomhfhorais cheoil na heagraíochta atá lonnaithe i gCaiseal na Mumhan.
iarratas request, entry
" Tugadh cuireadh do dhaoine, ar mhian leo páirt a ghlacadh sa togra seo iarratas a chur isteach ar www.
iarratas request
" Iarradh orm le déanaí cúrsa Gaeilge a mhúineadh in Dallas, agus ghlacas go fonnmhar leis an iarratas.
achainí plea, request
"achainí ullmhaithe ag Guth na Gaeltachta ina míníonn siad an tábhacht a bhaineann le cosaint na gcúig phrionsabal seo a leanas: 1.
iarratas of requests
" Tagann an t-uafás iarratas isteach *charity gigs* a dhéanamh agus caithfidh tú cuid acu a* *thabhairt san áireamh agus ní féidir gach ceann acu a dhéanamh.
iarratais requests
" Spíon muid cumhachtú daoine ar an talamh, bonneagar le dreamanna a nascadh agus chuir Marcas agus Daragh Ó Tuama comhairle orainn faoi bhunreachtaí, rólanna d'oifigigh ar choistí agus dea-chleachtas ar iarratais mhaoinithe.
achainí request
" Bhíomar lánsásta géilleadh don achainí sin.
iarratais requests
" Beidh an próiseas iarratais bunaithe ar iomaíocht oscailte.
achainíocha requests
" Tá an tionscal mianadóireachta ar cheann de na fostóirí is mó sa tír agus fuair na feisirí parlaiminte achainíocha go leor ó na daoine ina dtoghcheantair ag impí orthu diúltú don cháin, nó í a ísliú go mór ar a laghad.
D’iarr requested
" Maslú Pobail le Cúpla €uro a Tharraingt ================ D’iarr muintir dhúchais an cheantair ar chuairteoirí gan an charraig a dhreapadh blianta fada ó shin, ach thug go leor acu neamhaird ar a n-achainí.
iarratas a request
" ) Aiséirí gan rath a bhí ann i ndeireadh ama agus chríochnaigh a sheal mar a thosaigh sé agus é díbeartha go hiarghúil na gcúlbhinsí tar éis oilbhéim eile inar cuireadh ina leith go ndearna sé iarracht tionchar a imirt ar iarratas ar chlóichead do fhear saibhir as an Ind.
iarratas request
" Rinne Michael Mallin iarratas speisialta ar a mhac Seosamh i litir a scríobh sé an oíche chéanna.
iarratas déanta request made
" Ceaptar go gcosnaíonn sé thart ar €300,000 eile an scéim a riaradh, idir thuarastal agus chostais taistil na gcigirí, a bhíonn ag taisteal thart ar scoileanna ar fud na Gaeltachta ar feadh cúpla mí den bhliain le tástáil a dhéanamh féachtaint an bhfuil “an líofacht nádúrach” ag gasúir na dteaghlach, a bhfuil iarratas déanta faoin scéim.
iarraidh ar to request
" Sa chóras seo tá an fhreagracht ar na cearrbhaigh anó iarraidh ar na clubanna agus ar thithe tábhairne iad a thoirmeasc óna gcuid inneall.
aithrí iarrtha attrition requested
" Ómós agus maithiúnas tugtha, umhlaíocht taispeánta, aithrí iarrtha ag Liz an chromchinn.
iarratas request
" Ní hamháin sin, ach níl sé ceadaithe tuairisciú a dhéanamh ar an iarratas don urghaire ná an té atá á lorg a ainmniú.
a n-iarratais their requests
" D’fhan siad i gcampaí ar na hoileáin fad is a rinneadh meas ar a n-iarratais tearmainn, ar feadh blianta uaireanta.
hiarratas request
" Thaistil sé chun na hAfganastáine i 1999 agus ghlac le hiarratas pearsanta Osama Bin Laden go n-eagródh sé ionsaithe aeir i Meiriceá.
hiarratas ballraíochta a request for membership
" Is cine faoi léigear a bhí iontu go dtí mí Mheithimh seo caite nuair a ghlac Aontas na hEorpa le hiarratas ballraíochta uathu.
bunaithe ar iarratais based on requests
" Tá an bunmhaoiniú (£20 milliún) ag teacht ó dheontais Eorpacha bunaithe ar iarratais a rinne Bord Turasóireachta agus Roinn Trádála agus Infheistíochta Thuaisceart Éireann, agus, de réir tuairisce a tháinig amach ó Choimisiún na hEorpa le gairid, níl an t-airgead sin ceadaithe go fóill de bhrí nach raibh go leor tairscintí páirteach san iomaíocht don tionscadal.
iarratas ó iriseoir a request from a journalist
" Ba thrua gur mar thoradh ar iarratas ó iriseoir faoin Acht um Shaoráil Faisnéise a thiocfadh mioneolas faoi na haighneachtaí a déanadh chun solais.
n-iarrfar tairiscintí ar offers shall be requested
" Is é atá ann, i ndáiríre, ná go bhfuil Foraois na Gaeilge ag beartú deireadh a chur le bunmhaoiniú bliantúil d’eagraíochtaí áirithe Gaeilge, agus córas a chur ar bun ina áit sin faoina n-iarrfar tairiscintí ar scéimeanna trí bliana i réimse teoranta gníomhaíochtaí.
t-iarratas request
" De réir na tuairisce ar Nuacht TG4, níor deineadh an t-iarratas seo in am i mí Eanáir agus b'éigean don Fhoras iarratas a dhéanamh ar íocaíocht eatramhach le go n-íocfaí tuarastal na foirne agus deontais éagsúla do na heagrais Ghaeilge.
iarratas ar a request for
"iarratas ar £10m d'airgead Eorpach Peace III curtha isteach ach anuas ar sin, tá pleananna ag Ollscoil Uladh £250 milliún a infheistiu i dtuaisceart na cathrach agus tá moltaí ann fosta ‘dorchla cultúir’ a thógáil agus foirgnimh stairiúla i sráid Dhún na nGall agus ar Bhóthar Chromghlinne, an charcair san áireamh, a fheabhsú.
d’achainí na dtíortha Iartharacha the western countries request
" Dhiúltaigh na Rúisigh d’achainí na dtíortha Iartharacha go rachaidís i mbun idirghabhála le réimeas al-Assad ar mhaithe le cosaint chearta daonna agus chun an foréigean a mhoilliú.
an-chiall ag baint leis an iarratas the request very sensible
" ” An tAire Easláinte ====== Léigh Balor an litir go cúramach agus shíl sé go raibh an-chiall ag baint leis an iarratas.
iarratas bliantúil an annual request
" Tá dhá rud bunúsach a bheas san aighneacht uaimse: go mbeadh an sciar den airgead ón ioncam ceadúnais, a chaitheann RTÉ ar chláracha Ghaeilge a sholáthar coinnithe ag 15% (an leibhéal a bhí ann i 2010) agus go mbeadh ar RTÉ iarratas bliantúil a dhéanamh ar an BAI leis an airgead sin a tharraingt anuas, le gur féidir maoirseoireacht phoiblí a dhéanamh ar an mbealach a bhfuil an t-airgead á chaitheamh.
Diúltaíodh don iarratas seo this request was refused
" Diúltaíodh don iarratas seo gearradh fíneáil £5 air móide costaisí £23.
sula bhfaigheann siad meas ar a n-iarratas tearmainn before their asylum requests are judged
" Táthar ag súil go mbeidh ar na teifigh amuigh is istigh ar chúig bliana a chaitheamh sna hionaid ar na hoileáin bhochta iargúlta seo sula bhfaigheann siad meas ar a n-iarratas tearmainn, agus ní bheidh aon chinnteacht leo go bhfaighidh siad cead teacht chun na hAstráile.
Achainí ar Aontas na hEorpa a request to the EU
" Achainí ar Aontas na hEorpa: ============ Níl aon dóchas agam as an gcomhrialtas, de bharr an Acht Gaeltachta a brúdh tríd an Oireachtas faoi dheifir roimh bhriseadh an tsamhraidh.
rinne mé iarratas I requested
" Baint As na Treorach ========= Ag eascairt as sin, rinne mé iarratas faoin Acht um Shaoráil Faisnéise le haghaidh taifid a bhain le hathrú na treorach.
a dhéanann iarratas who make a request
" Taispeánann sé na deacrachtaí a bhíonn ag daoine a dhéanann iarratas ar thearmann ar bhonn na gnéasachta agus an chontúirt a bhaineann le príobháidiú is seachfhoinsiú gnéithe áirithe den rialú inimirce.
a rinne iarratas air who requested it
" Cé nár bronnadh tearmann polaitiúil ach ar 2% de na Guatamalaigh a rinne iarratas air le linn na n-ochtóidí, tá suas le milliún Guatamalach ag cur fúthu sna Stáit faoi láthair.
ceart ag máthair ginmhilleadh a éileamh is a fháil a mother has the right to request and to obtain an abortion
" Ach b’shin an breithiúnas a tugadh agus dar le James Reilly, a bhí ag labhairt ar son an rialtais ar an gceist, gurb ionann san is a rá go bhfuil faoin mbunreacht ceart ag máthair ginmhilleadh a éileamh is a fháil, ag staid ar bith gan aon teora ama, dá mbeadh a beatha i mbaol ó láimh a chur ina bás féin.
ar fáil ar iarratas available on request
" Tá an Korando ar fáil ar iarratas mar 4x4.
mar thoradh ar an iarratas sin as a result of that request
" ’ Tugadh cuireadh d'achan roinn rialtais a gcuid tuairimí a nochtadh faoi mholtaí an phlean sular foilsíodh é agus ní haon áibhéil a rá gur rabharta de ráitis dhiúltacha a tháinig mar thoradh ar an iarratas sin.
ag cuartú iarratas seeking requests
" I bhfocla eile tá sé socraithe ag an bhForas nach fiú a bheith ag iarraidh nuachtán Gaeilge a dháileadh agus nach bhfuil an Foras ag cuartú iarratas ó dhreamanna a mbeadh réiteach ar na fadhbanna dáiliúchán don leagan clóite.
Rinne siad a n-achainí dheiridh they made their last request
" Rinne siad a n-achainí dheiridh in 2009 leis an Taoiseach a bhí ann ag an am, Brian Ó Comhain.
rinne mé iarratas chucu I made a request to them
" I mí na Samhna seo caite rinne mé iarratas chucu faoin Acht um Shaoráil Faisnéise ag lorg aon taifead a bhain leis an phróiseas chun deireadh a chur le marcanna bisigh (nó bónais) don Ghaeilge sa státsheirbhís agus leis an chóras úr a cuireadh ina áit.
hiarratas ar a request to
" A Mhalairt d’Éileamh ar an Eoraip ============= Ceisteanna difriúla a bheadh agamsa ar na hiarrthóirí: (i) an dtacóidís leis an smaoineamh go mbeadh aitheantas ag na ceantair ina bhfuil Gaeilge fós á húsáid iontu mar cheantair speisialta chaomhnaithe teanga; (ii) an dtacóidís le hiachall a bheith curtha ag an AE ar Rialtas na hÉireann lena chinntiú go mbeadh cosaint cheart tugtha do na ceantair sin ó aon chineál forbairtí nó beartais a chuirfeadh an teanga pobail i mbaol iontu; (iii) an dtacóidís le hiarratas ar an AE ciste speisialta tacaíochta a chur ar bun le caitheamh ar scéimeanna agus ar thionscnaimh chaomhnaithe teanga sa chuid bheag den Ghaeltacht oifigiúil ina bhfuil an Ghaeilge fós in úsáid.
iarratas request
" Comhairle ag Alex Hijmans ort má tá cónaí ort sna Sé Chontae nó sa Bhreatain: b’fhiú duit iarratas a chur isteach ar chlóichead na hÉireann má tá fút taisteal go Meiriceá Theas.
iarratais requests
" Cuirfear deireadh ar fad lena mbunmhaoiniú ach beidh siad ábalta iarratais a dhéanamh  ar thionscadail éagsúla.