Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
fheisire poblachtánach republican MP
" Tháinig John Mitchell ar ais go hÉirinn in 1874 agus toghadh é mar fheisire poblachtánach i dTiobraid Árann ach ní raibh cead isteach aige go Westminster, fiú nuair a atoghadh é in 1875.
an chúis phoblachtánach the republican cause
" Nach bhfuil cosúlacht ann idir an eachtra sin agus na rudaí a tharla ar na mallaibh? Tharla an rud céanna ó 1920 go 1922, nuair a bhí rath ar an chúis phoblachtánach sa deisceart, agus arís ag deireadh na 1960í, nuair a bhí gluaiseacht na gceart sibhialta ag baint amach leasuithe.
phoblachtánach republican
" Toghadh John Mitchel mar fheisire i dTiobraid Árann dhá uair i 1875 ach ní raibh cead isteach aige go Westminster de bharr gur phoblachtánach é.
bpoblachtánach cáidheach dirty republicans
" **PM:** Ach seo bolscaireacht de cuid na bpoblachtánach cáidheach.
poblachtánaigh republicans
" A dhálta sin an *hit list* a dtángthas air i dteach poblachtánaigh mór le rá a raibh ainmneacha bhaill shinsireacha an Pháirtí Choimeádaigh agus aontachtaithe éagsúla air.
deichniúr Poblachtánach ten republicans
" Tharla an stailc ocrais a thug bás deichniúr Poblachtánach i lár a thréimhse ansin, i 1981, agus maraíodh roinnt mhaith eile sna círéibeacha a tharla i dtrátha an ama chéanna.
fíor-Phoblachtánaigh true Republicans
" Is fíor-Phoblachtánaigh iad an SDLP agus Fianna Fáil, fíoroidhrí fhealsúnacht Tone a thug iarraidh Caitlicigh, Protastúnaigh agus Easaontóirí a thabhairt le chéile, "chan ionann agus páirtithe eile," dar le Byrne.
poblachtánaigh republicans
" I gcomhair leis an Mediation Network, bhailigh siad le chéile aontachtóirí, dílseoirí, náisiúnaithe, poblachtánaigh agus daoine gan polaitíocht ar bith le ceisteanna tromchúiseacha (i dtéarmaí Thuaisceart Éireann) a phlé.
heasaontóirí poblachtánacha republican dissenters
" Ach tá an seandearcadh ag na heasaontóirí poblachtánacha go fóill agus is é mo bharúil go bhfuil siad ag dul suas caolsráid chaoch (mar a déarfá sa Bhéarla) agus má leanann siad ar aghaidh go mbeidh níos mó fulaingthe neamhriachtanaí ann.
gluaiseacht na poblachta the republican movement
" An rud atá romhainn, measaim, ná go mbeidh seal fada idirbheartaíochta idir an dá ghrúpa is mó cumhacht - gluaiseacht na poblachta agus Rialtas na Breataine.
poblachtánaigh republicans
" Tá gníomh substaintiúil de dhíth ar aontachtaithe más mian leo muinín a bheith acu i bpoblachtánaigh, ach is cineál seó taoibhe iad na haontachtaithe i súile na bpoblachtánach - beidh an idirbheartaíocht thábhachtach á déanamh idir Sinn Féin agus Rialtas na Breataine.
cheannaire na bPoblachtánach the Republican leader
" Níl sé de dhánacht ionam mórán a rá faoi cheannaire na bPoblachtánach sa Seanad, Trent Lott, a mhol páirtí uachtaránachta ó 1948, a raibh an chinedheighilt mar phríomhpholasaí aige, agus a chuir Strom Thurmond (atá fós ina sheanadóir, bíodh a fhios agat) chun cinn mar iarrthóir.
tuile poblachtánach republican flood
" Feicfear go bhfuil an "tuile poblachtánach" ag trá, go dtáinig a lá ach go bhfuil sé thart anois.
in éadan an fhoréigin phoblachtánaigh opposed to republican violence
" Agus sin an argóint a bhí ag an dream atá in éadan an fhoréigin phoblachtánaigh: má athraítear an stát ón taobh istigh, má bhíonn poblachtánaigh agus náisiúnaithe ag feidhmiú i Stormont, agus brú díreach éifeachtach ar Rialtas na Breataine, bainfear Éire aontaithe amach.
phoblachtánaigh republicans
" Mhéadaigh ar an tuairim gur oibríocht mhíleata siceolaíochta a bhí ann, a d'eagraigh fórsaí rúnda Arm na Breataine le tabhairt ar rialtas an deiscirt teacht anuas níos troime ar phoblachtánaigh.
deichniúr poblachtánach ten republicans
" An t-aonú stailceoir déag a tugadh air mar gur ghlac sé páirt i stailc ocrais 1981, nuair a fuair deichniúr poblachtánach bás.
chimí poblachtánacha republican prisoners
" Bhí sé 43 lá ar stailc bia nuair a cuireadh deireadh leis an fheachtas le stádas polaitiúil a bhaint amach do chimí poblachtánacha.
Ainneoin shéanadh na bpoblachtánach despite the republicans' denials
" Ainneoin shéanadh na bpoblachtánach, meastar go bhfuil siad ag ullmhú gníomh tógtha muiníne, gníomh críochnaithe le tuilleadh brú a chur ar Rialtas na Breataine maidir le "dímhíleatú".
na Poblachtánaigh Éireannacha the Irish Republicans
" Tuigtear go forleathan go bhfuil na míleataigh Ioslamacha i bhfad níos contúirtí ná na Poblachtánaigh Éireannacha, mar is cuma leo má bhfaigheann siad féin bás nó má mharaíonn siad sibhialtaigh.
in éadan fhoréigean na bpoblachtánach Éireannach against Irish republican violence
" Ní hamháin go bhfuair John Hume Duais Síochána Nobel de bharr na páirte lárnaí a ghlac sé i bpróiseas na síochána, ach labhair sé amach go neamhbhalbh agus go leanúnach in éadan fhoréigean na bpoblachtánach Éireannach.
poblachtánaigh óga young republicans
" Ós rud é go dtig linn a rá go mbeidh an cogadh thart nuair a bheas poblachtánaigh óga sásta (nó nuair a bheas cead acu) dul isteach sa tseirbhís phóilíneachta, is ceist an-tábhachtach í cén fháilte a chuirfear roimh bharúlacha agus thraidisiúin Chaitliceacha, phoblachtánacha féin, i gcroí an PSNI.
straitéisí poblachtánacha agus aontachtacha republican and unionist strategies
" Níl fáth ar bith ann nach féidir cumhachtaí póilíneachta, dlí agus cirt a aistriú ó Westminster a dúirt sé, comhartha eile den mhalartú atá ag dul ar aghaidh idir straitéisí poblachtánacha agus aontachtacha.
poblachtánaigh republicans
" D'oibrigh Noonan mar mhaisitheoir agus mar scríbhneoir fógraí agus bhí sé ina bhall den Transvaal '98 Centenary Committee - poblachtánaigh a bhí in aghaidh riail na Breataine San Afraic Theas.
phoblachtánaigh republicans
" Deir Holroyd freisin gur cuimhin leis an t-iar Choimisinéir Ned Garvey ag tabhairt 150 grianghraf de phoblachtánaigh dó agus, ag an am céanna, ag tabhairt comhairle dó faoi cé leis ar chóir nó nár chóir dó labhairt sa Gharda Síochána.
an dearcadh poblachtánach the republican viewpoint
" Ag caint le *Beo!*, dúirt Tim Pat Coogan go bhfuair sé cuireadh ó Ambasadóir na Breataine dul go Londain le léargas a thabhairt ar an dearcadh poblachtánach nuair a bhí sé ina eagarthóir ar *Scéala Éireann*.
poblachtánach republican
" Agus é faoi ghlas, bhí sé ina eagarthóir ar *An Glór Gafa*, iris na gcimí poblachtánacha.
iris na gcimí poblachtánacha magazine of the republican prisoners
" Agus é faoi ghlas, bhí sé ina eagarthóir ar *An Glór Gafa*, iris na gcimí poblachtánacha.
chearta iarphríosúnach poblachtánach the rights of former republican prisoners
" Ach cad é mar is féidir le beirt iarchimí poblachtánacha intinn oifigigh de chuid an RUC a thuigbheáil? Le cúpla bliain anuas, tá Laurence McKeown ag obair ar son Choiste na nIarchimí, scáthghrúpa a oibríonn ar son chearta iarphríosúnach poblachtánach.
Meabhróidh poblachtánaigh duit republicans will remind you
" Comhghéilleadh stairiúil ======= Meabhróidh poblachtánaigh duit gur chuir an Trimbleach in éadan chóir a bheith gach gné de chur i gcrích an Chomhaontaithe, Weston Park, leasuithe i gcúrsaí póilíneachta, etc.
ghluaiseacht na poblachta the republican movement
" Eolas don FBI ======= Thart ar 1993 a thosaigh Rupert ag cur eolais ar fáil don FBI faoi ghluaiseacht na poblachta.
foinsí poblachtánacha republican sources
" D'fhéadfadh briseadh fríd drámatúil bheith "*imminent*" a dúirt foinsí poblachtánacha le gairid.
ghluaiseacht na poblachta the republican movement
" Is é a fhiafraíonn siad seo ná: "Cad é is fiú deireadh a chur leis an chogadh nuair atá Arm na Breataine go láidir sa tír, nuair atá dílseoirí ag éirí gníomhach arís agus nuair atá David Trimble chomh lag sin taobh istigh dá pháirtí féin nach dtig leis na gníomhartha críochnaithe atá poblachtánaigh ag iarraidh uaidh a chur i bhfeidhm?" Ach tá bunús ghluaiseacht na poblachta ar chúl cheannaireacht Adams agus McGuinness.
Maíonn poblachtánaigh republicans claim
" Toghchán an fómhar seo ======= Maíonn poblachtánaigh go bhfuil borradh faoi iarrachtaí toghchán a ghairm an fómhar seo.
na heasaontóirí poblachtánacha the republican dissentents
" Má deir an IRA go bhfuil an cogadh thart, thabharfadh sé buntáiste do Shinn Féin ar an SDLP, ach ag an am céanna (bhéarfadh sé deis) do na heasaontóirí poblachtánacha a rá go raibh an ceart acu an t-am ar fad, gur thréig na Sealadaigh prionsabail laochra 1916 agus na nglúnta a tháinig ina ndiaidh.
poblachtánaigh republicans
" Agus is cinnte nár chuidigh na poblachtánaigh leo.
ghluaiseacht na poblachta the republican movement
" "Géillstean don DUP" - céim rófhada, déarfainn, do ghluaiseacht na poblachta, ach tá Sinn Féin ag maíomh gur "lucht fuascailte fadhbanna" iad.
ar lámha na bpoblachtánach on the hands of republicans
" Dár ndóigh ní mian le haon duine smaoineamh air seo, ach má tharlaíonn sé amach anseo go dteipfidh ar na cainteanna, agus má bheartaíonn an IRA ar dhul ar ais chun cogaidh, beidh fuil na ndaoine a mharófar ar lámha na bpoblachtánach go cinnte.
poblachtánach aitheanta a well-known republican
" An féidir leo? "*No*," a dúirt poblachtánach aitheanta ar an toirt liom nuair a d'fhiafraigh mé dó.
Easaontóir poblachtánach republican dissident
" Easaontóir poblachtánach atá in Tohill a d'admhaigh don nuachtán *Lá* gur thug sé "comhairle mhíleata" don Fhíor-IRA.
gluaiseacht na poblachta the republican movement
" Ní gaire cabhair an DUP ná an doras i ndiaidh na heachtra, agus is léir go bhfuil gluaiseacht na poblachta lán chomh hábalta céanna an díombuadh a fháisceadh as an bhua is a bhí/tá David Trimble.
poblachtánaigh republicans
" Ceacht tábhachtach ======= Tá sé 40 bliain i mbliana ó bhí racáin Shráid Duibhise ar siúl, an rud a chuir tús leis na trioblóidí, dar le go leor daoine, agus tá ceacht an-tábhachtach foghlamtha ag poblachtánaigh.
an foréigean poblachtánach republican violence
" Tá sé soiléir go bhfuil dúil ag náisiúnaithe an tuaiscirt sa pholaitíocht phoblachtánach, ach nach maith leo an foréigean poblachtánach.
gluaiseacht na poblachta the republican movement
" Ceann de na conclúidí a dtáinig gluaiseacht na poblachta air ná gur léirigh an dá bhua seo tacaíocht do "fheachtas na teorann" agus lean siad leo ag scaoileadh agus ag buamáil agus bá an phobail acu, dar leo.
Spiadóirí poblachtánacha republican spies
" "Spiadóirí poblachtánacha" ceann de na *graffiti *a bhí scríofa ar Chearnóg Whitehall.
poblachtánaigh republicans
" Ach ní shéanfadh aon duine go ndearna an páirtí íobairtí ar son na síochana, go háirithe le 15 bliana anuas nuair a chuir siad a bhfuinneamh isteach i bpróiseas a bhéarfadh poblachtánaigh "isteach ón fhuacht".
Poblachtánach republican
" Ní hamháin gur laoch spóirt é, ach Gael, múinteoir, agus Poblachtánach chomh maith.
poblachtánaigh republicans
" Tá sé soiléir go bhfuil na poblachtánaigh, a bhí gníomhach ó na seachtóidí i gcoimhlint na Sé Chontae, anois ag díriú ar chumhacht shubstaintiúil pholaitiúil a fháil dóibh féin ó thuaidh agus ó dheas.
poblachtánaigh republicans
"poblachtánaigh agus iarshaighdiúirí iad féin ar aon intinn go bhfuil an líon i bhfad níos mó ná seo.
ní ghéillfidh poblachtánaigh go humhal dá n-éilimh republicans won't give in submissively to their demands
" Cad é mar atá Paisley ag dul a fhuascailt na fadhbanna atá os ár gcomhair? Tá sé féin agus a pháirtí san abar as siocair na ráitisí atá déanta acu, mar ní ghéillfidh poblachtánaigh go humhal dá n-éilimh," ar sé.
gluaiseacht na poblachta the republican movement
"gluaiseacht na poblachta go mór chun tosaigh ag éileamh go mbunófaí fiosrúcháin phoiblí le haghaidh cásanna éagsúla.
Comhdháil na bPoblachtánach the Republican Convention
" "Níor rith sé liom fiú amháin, go dtí gur eitil mé isteach, go raibh Comhdháil na bPoblachtánach ar siúl," a deir Cochrane, agus é ag gáire.
na Poblachtánaigh the Republicans
" Ós rud é gurb iad na Poblachtánaigh i Meiriceá is láidre a labhraíonn amach i gcoinne an ghinmhillte, go hindíreach tá an tArd-Easpag Myers ag moladh do dhaoine tacú le George Bush agus a pháirtí, seachas le John Kerry agus na Daonlathaigh.
poblachtánaigh republicans
" I rith an Chogaidh Chathartha bhí sé ina ghinearál in Arm an tSaorstáit agus ina cheannaire cinsireachta ar na meáin chumarsáide - é féin a thug "*the irregulars*" ar na poblachtánaigh.
na Poblachtánaigh the Republicans
" Léirigh pobalmheas le gairid gur chreid formhór na ndaoine a raibh sé i gceist acu vóta a thabhairt do na Poblachtánaigh go raibh airm ollscriosta ag an Iaráic, agus go raibh ceangal láidir ag réimeas Saddam Hussein le hAl-Qaeda.
poblachtánaigh republicans
" Bhí uachtarán Shinn Féin ag iarraidh dlús a chur faoin dímhíleatú, rud a chuideodh go mór leis an mheá a chothromú maidir leis na deonaigh, agus chonacthas an cruinniú mar chomhartha úr den mhuinín agus den chumhacht atá ag na poblachtánaigh.
phoblachtach republican
" Is beag nár cuireadh Seoirse é féin ar ais, cé nach raibh baint aige le gluaiseacht phoblachtach ar bith.
feachtas poblachtach republican campaign
" Pléascán ======= Bhí feachtas poblachtach ar siúl i Londain ag an am sin agus chuir sin blas géar ar an saol.
gluaiseacht phoblachtach republican movement
" Is beag nár cuireadh Seoirse é féin ar ais, cé nach raibh baint aige le gluaiseacht phoblachtach ar bith.
gluaiseacht na poblachta the republican movement
" Is é sin amháin, scor an IRA, a bhogfas gluaiseacht na poblachta ar ais i dtreo an talaimh ard mhorálta.
choiriúlacht phoblachtánach republican criminology
" *" Coiriúlacht ======= Tá na deirfiúracha McCartney, ar vótóirí iad a thacaíonn le Sinn Féin (nó a thacaigh, ba chirte a rá faoi láthair), ag díriú spotsolais ar "choiriúlacht phoblachtánach", coincheap nárbh ann dó dar le cuid mhór daoine, dhá fhocal nár chualathas le chéile riamh in iarthar Bhéal Feirste nó i ndeisceart Ard Mhacha.
poblachtánach republican
" “Tá sruth taobh istigh de thraidisiún na Gaeilge ar sruth poblachtánach é.
an ghluaiseacht phoblachtánach the republican movement
" 24 bliain níos deireanaí tá éirithe leis na Sealadaigh an rud a bhaint amach nár éirigh le Thatcher a bhaint amach – an ghluaiseacht phoblachtánach a cheangal leis an choiriúlacht.
Críostaithe Poblachtánacha Republican Christians
" Sa tréimhse roimh agus i ndiaidh bhás Terri Schiavo in Florida seans gur rith sé le go leor daoine go bhfuil tuiscint an-aisteach ar fad ag Críostaithe Poblachtánacha sna Stáit Aontaithe ar an choincheap sin “an ceart chun marthana”.
gluaiseacht na poblachta the republican movement
" 5 milliún ina teach, le gluaiseacht na poblachta.
easaontóir poblachtánach republican dissident
" Is é an fhírinne nár cúisíodh ach aon duine amháin as an eachtra uilig agus, más fíor do na Gardaí féin, ba “easaontóir poblachtánach” é siúd.
mothúcháin láidre phoblachtánacha strong republican feelings
" Músclaíodh mothúcháin láidre phoblachtánacha i measc phobal an deiscirt nuair a bhris na Trioblóidí amach i 1968.
tathaint ar phoblachtánaigh to urge republicans
" Maíonn na Littlejohns gur iarr an MI6 orthu filleadh ar Éirinn agus tathaint ar phoblachtánaigh bainc a robáil, ag súil go dtarraingeodh seo drochchlú ar ghluaiseacht na poblachta agus go spreagfadh sé rialtas na hÉireann le himtheorannú a chur i bhfeidhm sa deisceart.
ghluaiseacht na poblachta the republican movement
" An chúis dheireanach: chuir daoine taobh istigh agus taobh amuigh de ghluaiseacht na poblachta ina luí ar cheannairí, ar chimí, agus ar na hÓglaigh iad féin – an chuid is mó acu seo ar scor ar bith – gurbh é próiseas síochána bunaithe ar chomhoibriú le náisiúnaithe eile an bealach ab fhearr le spriocanna poblachtánacha a bhaint amach, fiú dá gcaithfí an IRA scor.
le spriocanna poblachtánacha a bhaint amach to achieve republican aims
" An chúis dheireanach: chuir daoine taobh istigh agus taobh amuigh de ghluaiseacht na poblachta ina luí ar cheannairí, ar chimí, agus ar na hÓglaigh iad féin – an chuid is mó acu seo ar scor ar bith – gurbh é próiseas síochána bunaithe ar chomhoibriú le náisiúnaithe eile an bealach ab fhearr le spriocanna poblachtánacha a bhaint amach, fiú dá gcaithfí an IRA scor.
sosanna cogaidh poblachtánacha republican ceasefires
" Mar thoradh air seo uilig, fógraíodh na sosanna cogaidh poblachtánacha i 1994 agus i 1997 agus lean dul chun cinn polaitiúil iad.
Phoblacht Phoblachtánach Shóisialach Iarthar Bhéal Feirste the Republican Socialist Republic of West Belfast
" Dá mbeadh údar *The Necessity for de-Anglicising Ireland *beo, seans maith go mbeadh taom croí aige! Níl a fhios agam cad é a shílfeadh An Craoibhín Aoibhinn nó Pádraig Mac Piarais dá bhfeicfeadh siad an t-ómós seo d’fhoireann sacair Sasanach i lár Phoblacht Phoblachtánach Shóisialach Iarthar Bhéal Feirste.
rudaí a deireadh mo mháthair phoblachtánach, fhrith-Shasanach linn-ne things that my republican, anti-English mother used to say to us
" Le fírinne, bhí baint mhór ag mo dhearcadh leis an tógáil a fuaireas agus le rudaí a deireadh mo mháthair phoblachtánach, fhrith-Shasanach linn-ne, na gasúir, agus muid ag fás aníos.
a lán poblachtánach a lot of republicans
" * “Nuair a bhíonn deacracht ag Sasana, bíonn deis ag Éirinn” – b’in an tuairim a bhí ag a lán poblachtánach anuas trí na blianta, Brendan Behan ina measc (*Beo!* Eagrán 25, Bealtaine 2003) ach bhí a lán Éireannach eile sásta troid i bhfórsaí Shasana sa dara Cogadh Domhanda.
fíorphoblachtánacha truly republican
" Ach le himeacht ama laghdaigh líon na dTeachtaí Dála fíorphoblachtánacha agus tháinig glúin nua chun tosaigh.
seanphoblachtánaigh old republicans
" Ba é neart Uí hEochaidh ná ainneoin go raibh sé i measc na glúine óige nua seo, bhí muinín ag cuid mhór de na seanphoblachtánaigh ann agus is as sin a d'eascair a chumhacht.
meon poblachtánach republican mentality
" Más fíor an méid sin, is léiriú eile é ar a láidre is a bhí an meon poblachtánach i bhFianna Fáil ag an am.
fhaicsean poblachtánach republican faction
" Trí bhuille marfach a bhualadh ar fhaicsean poblachtánach an pháirtí bhí ar chumas an Loingsigh agus a chomrádaithe na seanslabhraí a chaitheamh díobh agus treo nua a thabhairt don pháirtí agus, anuas ar sin uilig, d'éirigh leo an céile comhraic ba dhainséaraí a bhí acu a chur as an imirt ar feadh tréimhse fada.
poblachtánaigh republicans
" “Ba bhreá liomsa bualadh le fear a mbeadh Gaeilge aige ach tá sé fiordheacair anseo sa tuaisceart mar, go bunúsach, is poblachtánaigh iad agus ní poblachtánach mise.
phoblachtánaigh easaontacha dissident republicans
" Sin, is dócha, mar atá Sinn Féin ag amharc ar an fhreagra diúltach a fuair ráiteas an IRA, Déardaoin, 28 Iúil ó aontachtaithe agus ó phoblachtánaigh easaontacha.
neart ghluaiseacht na poblachta the strength of the republican movement
" Léiríonn, dar liom, eachtraí na seachtaine seo caite neart ghluaiseacht na poblachta.
an dul chun cinn poblachtánach seo this republican progress
" Agus déanfar an dul chun cinn poblachtánach seo gan na gunnaí agus an semtex.
easaontóirí poblachtánacha dissident republicans
" (Is fearr liom féi na focail frith-Chaitliceachas agus/nó frith-Phrotastúnachas a thabhairt air mar go n-aithníonn sé cé atá ciontach!) Níl Caitlicigh ar bith fágtha in Áth Eochaille, ach tá an UVF ag coinneáil a ngunnaí mar go bhfuil siad buartha fá easaontóirí poblachtánacha.
ghluaiseacht na poblachta the republican movement
" Bhí na hairm mar *sine qua non *ghluaiseacht na poblachta ó tháinig Wolfe Tone, Henry Joy McCracken agus a gcomrádaithe le chéile ar Chnoc na hUaimhe i 1795 leis na hÉireannaigh Aontaithe a bhunú.
phoblachtánaigh republicans
" ” Cinnte, tá am de dhíobháil orthu ach tá súil agam nach géilleadh atá de dhíth ar phoblachtánaigh uathu.
Poblachtánach Republican
" In ainneoin gur Daonlathaigh go smior a bhí i muintir Chinnéide agus gur bhuachaill feirme Poblachtánach ab ea McCarthy, bhí an nasc Éireannach Caitliceach idir an dá theaghlach an-láidir.
an tseanteachtaireacht phoblachtánach the old republican message
" Ba de shliocht an Ghorta cuid den lucht éisteachta a bhí ag comóradh Jim Larkin i Learpholl agus bhí siad an-sásta an tseanteachtaireacht phoblachtánach a chloisteáil ó bhéal Raymond McCartney: "Beidh muid ar ais sa chearnóg seo lá éigin sa todhchaí chun athaontú na hÉireann a cheiliúradh," ar sé, agus fuair sé bualadh bos láidir dá bharr.
coireanna poblachtánacha republican crimes
" Seans gurb í sin an chúis ar tharraing an freasúra siar i gcás McDowell ar eagla go gcuirfí ina leith nach mbíonn siad láidir a dhóthain ina seasamh i leith coireanna poblachtánacha.
poblachtánaigh republicans
" Tá an dainséar ann go n-éireoidh cuid de na poblachtánaigh mífhoighdeach nuair a fheicfidh siad an mhoilleadóireacht ar fad a bheas ann.
ghluaiseacht na poblachta the republican movement
" Buille trom do ghluaiseacht na poblachta atá san admháil agus fios acu gur dócha gur “*tip of the iceberg*” atá ann.
Maíonn poblachtánaigh republicans claim
" Maíonn poblachtánaigh gur plota de chuid an Bhrainse Speisialta leis an Fheidhmeannas ó thuaidh a scrios a bhí sa ruathar ar oifigí Shinn Féin i mí Dheireadh Fómhair 2002 agus go leor fianaise acu, dar leo.
choiriúlacht phoblachtánach republican criminality
" Leoga, an teileascóp a úsáideann na páirtithe aontachtacha agus Rialtas na Breataine - agus Rialtas na hÉireann in amanna – ní fheiceann sé ach radharc amháin – an choiriúlacht phoblachtánach.
spíodóir poblachtánach republican spy
" ) Cad é an fhianaise? An bhfuair siad an fhianaise ó spíodóir poblachtánach atá ag gníomhú ar son na Breataine? “The feeling is” – cad é an chiall atá leis sin? Cé a mhothaíonn é? “Could” – aimsir chomh héiginnte is atá ar fáil sa Bhéarla.
poblachtánach republican
" Dá n-éireodh leis an Uasal Bush móramh coimeádach a bheith aige sa gcúirt (a suíonn naonúr breithiúna inti), bheadh an córas uilig, trí bhrainse rialtais na tíre, faoi smacht na bpoblachtánach.
na Poblachtánaigh the Republicans
" Ní hionann sin is a rá nach bhfuil níos mó ná dhá pháirtí ann, ach go praiticiúil, ní fheictear ach na Daonlathaigh agus na Poblachtánaigh, agus tá ceann amháin ná an ceann eile i gceannas i nach mór gach baile, contae, agus stát sa tír.
faoi smacht na bPoblachtánach under the control of the Republicans
" Dá n-éireodh leis an Uasal Bush móramh coimeádach a bheith aige sa gcúirt (a suíonn naonúr breithiúna inti), bheadh an córas uilig, trí bhrainse rialtais na tíre, faoi smacht na bPoblachtánach.
ag faire ar phoblachtánaigh watching republicans
" Tuigtear do *Beo!,* de réir an tsocraithe nua atá beartaithe ag an Uasal Hain, beidh Brainse Speisialta an PSNI fós i mbun súil a choimeád ar dhílseoirí paraimíleatacha, ach ó 2007 ní bheidh aon ról acu ag faire ar phoblachtánaigh agus ní bheidh aon chead acu spiairí poblachtánacha a earcú ach oiread.
poblachtánaigh easaontacha dissident republicans
"poblachtánaigh easaontacha mar dhream amháin i measc an oiread sin aicmí ó dheas, ach tá na poblachtánaigh so-aitheanta.
poblachtánaigh republicans
"poblachtánaigh easaontacha mar dhream amháin i measc an oiread sin aicmí ó dheas, ach tá na poblachtánaigh so-aitheanta.
ag faire ar phoblachtánaigh watching republicans
" Tuigtear do *Beo!,* de réir an tsocraithe nua atá beartaithe ag an Uasal Hain, beidh Brainse Speisialta an PSNI fós i mbun súil a choimeád ar dhílseoirí paraimíleatacha, ach ó 2007 ní bheidh aon ról acu ag faire ar phoblachtánaigh agus ní bheidh aon chead acu spiairí poblachtánacha a earcú ach oiread.
poblachtánaigh republicans
" Jabanna uirísle ======= Thug na húdaráis “príosúnaigh threascracha” ar na poblachtánaigh agus ní bhfuair siad cead ach jabanna uirísle a dhéanamh.