Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
d’fhreagair replied
" Nuair a d’inis Truman dá Rúnaí Cosanta nach raibh an dara rogha aige ach géilleadh do na Síónaigh ar fhaitíos go gcaillfeadh na Daonlathaigh stáit New York, Pennslyvania agus California, d’fhreagair Forrestal: *“I thought it was about time that somebody should pay some consideration to whether we might lose the United States.
d'fhreagair sí she replied
" Nuair a dúras le mo dheirfiúr i nGaillimh go rabhamar le dul go Baltimore, d'fhreagair sí "seachain na cailíní díomhana!" De réir dealraimh, níl stopadh leo i mBaltimore, más fíor do *‘He's Just Not That Into You’*.
t-aisfhreagra reply
" Ar ndóigh, tá go leor leantóirí acu ar fud an idirlín agus an domhain, agus mar sin ba mhór an t-aisfhreagra a fuair siad nuair a mhol siad i samhradh 2011 gur cheart Wall Street, croílár an Chaipitleachais, a ghabháil.
fóirsteanach freagra a thabhairt proper to reply
" Dúirt sé i litir eile nach mbeadh sé fóirsteanach freagra a thabhairt ar litir a smugleáileadh as príosún.
freagra coitianta air common reply to him
" Tugaim an freagra coitianta air agus deirim nach bhfuil a chuid Béarla lag ar chor ar bith agus go bhfuil sé i bhfad níos fearr ná mo chuid Sínise, sin í an fhirinne gan amhras.
aon ní maslach a ropadh ar ais chuici to reply to her with some insulting statement
" ) Fear díobh seo, bhí sé ag labhairt le Polannach sa tsráid tamall ó shin, i bPolannais, nuair a spalp Éireannach mná chucu “*why don’t you go back to your own country?*”! Is duine é an fear a bhfuil mé ag trácht air, atá níos séimhe ná mé féin, measaim, agus níor chuimhnigh sé ar aon ní maslach a ropadh ar ais chuici lom láithreach.