Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
aithrí repentance
" Ní fhéadfaí í a chur go hifreann, siúráilte, fiú dá mba scabhaitéara a bheadh ann mar thiocfadh dó aithrí agus gníomh croíbhrú a dhéanamh, go háirithe anois ó bheadh neart ama aige le smaoineamh air féin ar an saol seo agus ar an saol eile sul má léimfeadh isteach ann ar a leathchois.
gníomh mór aithreachais a big deed of repentance
" MOLLY: Cad é? MÁNAS: Ba mhaith liom gníomh mór aithreachais a dhéanamh sula dtugaim faoi.
deora aithreachais tears of repentance
" Bhí péire bróg leathair snasta fir chomh dubh le pic le feiceáil ag gobadh amach faoi bhun ghúna an aingil, chomh maith le heirbeall sútáin le cúpla cnaipe corcra; bhí grua an aingil tais le deora aithreachais, agus bhí craiceann snasta blagaide ag lonrú faoin lampa sráide san áit nach raibh an folt gruaige ag clúdach iomlán na baithise.
mar áis aithrí as a repentance facility
" Creideann cuid de na saineolaithe gur áis súgartha go bunúsach a bhí ann, cosúil le go leor lúbraí eile - sórt stuara siamsaíochta meánaoiseach – ach tá sé tugtha faoi deara ag daoine eile go bhfuil patrún an lúbra seo an-chosúil le patrún dhearadh urlár Ardeaglais Chartres na Fraince, agus is eol dúinn gur mar áis aithrí a d’úsáidtí patrún an urláir sin.
roinnt stáisiún aithreachais some repentance stations
" ) Ceiliúrtar a lá féile ar 28 Feabhra, agus suas go dtí 100 bliain ó shin bhíodh turas ar an lá sin thart roinnt stáisiún aithreachais ag an díseart, a bhfuil eaglais dhronlíneach agus clochán coirceogach in aice leis.
haithrí repentance
" Ní leor an féinmhilleadh dá haithrí, tá ar a fear fulaingt léi de bharr a ról siúd ina neamairt.
aithreachas repentance
" Tá an páirtí i bpurgóid le hocht mbliana anuas, ach má táimid i ndáiríre faoi aithreachas a dhéanamh, níor mhór dúinn údar na bpeacaí a dhíbirt go hifreann.
aithrí umhal a humble repentance
" Agus ní ghlacfaidh Forster le haon gotha níos lú ná aithrí umhal, dáiríre na beirte tuistí agus leithscéal fial an chiontóra tugtha don íobartach mac (cúinsí aicme/sóisialta/polaitíochta faoi ndear seo, is léir freisin).
leorghníomh repentance
" Tá Balor na Súile Nimhe i mbun na hIriseoireachta Robinsonaí arís, ag meabhrú di, agus don Phápa, a bhfuil sa Sean-Tiomna agus leorghníomh a dhéanamh mar a bhfuil molta do na fíréin len iad féin a shlánú.